Mary Byrne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMary Byrne
Beathaisnéis
Breith3 Samhain 1959
64 bliana d'aois
Baile Formaid, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre2010 –
SeánraPopcheol
UirlisCeol gutha
Lipéad ceoilSony Music Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinmarybyrneofficial.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm4057948 Musicbrainz: d8f4481f-6bfd-4ac8-91b7-a2a91c16a74f Songkick: 3732986 Discogs: 2180056 Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhránaí í Mary Byrne (nó Máire Ní Bhroinn as Gaeilge) a bhfuair clú agus cáil nuair a tháinig sí sa 5ú áit san The X Factor sa bhliain 2010. Rugadh agus tógadh i mBaile Formaid í agus tá sí fós ina cónaí ann leis a hiníon, Deborah. Tar éis an X Factor, fuair sí margadh le Sony Éire agus rinne sí a céad albam leo. Tá dá shingil aici agus albam amháin eile. Seachas obair aonaracha, tá singil uimhir a haon aici le hamhránaithe eile as an X Factor, sraith a naoi- "Heroes", scríofa le David Bowie. Ina measc na rudaí eile atá déanta ag Byrne tar éis an X Factor, chan sí le Niel Diamond san Aviva i mBaile Átha Cliath, chan sí os comhair Banríon Shasana agus d'obair sí le 'GREASE: The Musical'. Beidh Byrne ag glacadh páirt ar an dara sraith Celebrity Operation Transformation sa bhliain 2017.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Byrne an scoil nuair a bhí sí trí bliana déag d'aois, chun obair a dhéanamh le monarchaí ina ceantar dúchais. Tógadh i dteaghlach thar a beith dlúth í agus ceoltóirí ab ea iad uilig. Chuaigh sí ar cuairt go dtí an Fhrainc agus an Ghearmáin leis a poist ina hóige agus chaith sí tréimhsí thar sáile in Iosrael freisin. Bhí sí geallta le fear áirithe nuair a bhí sí ina fichidí ach chuir sí stop leis an bpósadh seachtain roimh an eachtra. Bhí sé ar intinn aici dul isteach leis na mná rialta, ach thit sí i ngrá agus fuair sí amach go raibh sí ag iompar clainne. Dhiúltaigh athair a páiste an ghin agus d'fhág sé í. Ansin, d'fhullaing Byrne leis an ngalar dubhach agus bhí sé deacair di canadh os comhair dhaoine. Fuair sí postanna le Centra agus ansin Tesco, agus i 2008 ghlac sí páirt i gcomórtas Nollaig No 1 ar TG4 faoin ainm Mary Lee. Bhuaigh sí agus rinne sí singil as, 'Siúil Leat' an t-ainm a bhí ar an amhráin, ach ní bhfuair sé ach naoi íoslódáil déag.

Ceol[cuir in eagar | athraigh foinse]

The X Factor[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2010, Tháinig an X Factor go hÉirinn agus rinne Byrne triail éisteachta leo. Chan sí 'I Who Have Nothing' agus dúirt sí leis na moltóirí go raibh muinín faighte aici don chéad uair ina saol. An ráiteas a bhí ag Louis Walsh tar éis an trial ná go raibh gach nóta chas i gceart aici. Dúirt Katy Perry nach raibh a fhios aici cén fáth nach raibh muinín ag Byrne roimhe sin. Cheap Cheryl Cole gur thriail éisteachta is fearr i mBaile Átha Cliatha bhí ann, agus cheap Simon Cowell mar an gcéanna. Dúirt sé freisin ní amháin go raibh glóir iontach ag Mary ach go raibh sé tógtha léi mar dhuine. Sa deireadh, rinne na moltóirí vótáil i bhfabhar léi uilig, fuair sí pas sa ghrodchúrsa agus ansin sna 'tithe mholtóirí'.

Tar éis pas a fháil go dtí an stáise bheo, chan Byrne 'This Is A Man's World', cé go raibh sleamhnán aici agus nach raibh aithne mhaithe aici ar an amhráin. Fuair sí bualadh bos is faide sa stair an chláir agus fuair sí an chuid is mó de na vótaí phoiblí an oíche sin.

Reacaireachtaí Mary Byrne ar an X Factor Sraith a Seacht
Cathain a bhí sé chas Amhrán Toradh
Trial Éisteachta "I Who Have Nothing" Pas go dtí an ghrodchúrsa
Tithe na Moltóirí "Fix You" Pas go dtí an chlár bheo
Seachtain 1 "It's a Man's Man's Man's World" Slán
Seachtain 2 "You Don't Have To Say You Love Me" Slán
Seachtain 3 "I Who Have Nothing" Slán
Seachtain 4 "Could It Be Magic" Slán
Seachtain 5 "There You'll Be" Slán
Seachtain 6 "Can You Feel the Love Tonight" Slán
Seachtain 7 "Something" Slán
Seachtain 8 "All I Want Is You & Brass in Pocket" Bunthriúir
Cath (Seachtain 8) "This Is My Life" Slánaithe ag na mholtóirí
Leath Ceannais "Never Can Say Goodbye & The Way We Were " Bunbheirt
Cath (Leath Ceannais) "It's a Man's Man's Man's World" Díbeartha

D'obair Byrne le Sony, Syco, agus Nigel Wright ar a céad albam, 'Mine & Yours', a bhí scoilte ar an 25ú Márta 2011. Rinne an t-albam úsáid as roinnt amhráin a chas Byrne ar an X Factor, ach bhí amhráin eile air, ina measc an singil 'I Just Call You Mine'. D'éirigh Byrne leis an albam, mar fuair sé uimhir a haon ar an gcairt ar feadh coicíse agus fuair sé stádas platanam dúbailte. Chuaigh an singil go huimhir a sé ar an gcairt. Sa Ríocht Aontaithe, chuaigh an t-albam go huimhir a sé.

Obair Tar Éis An Comórtas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhág Byrne a seanfhostóir, Tesco, nuair a bhí muinín aici go raibh a post mar amhránaí ag obair amach. Rinne sí an-chuid obair le RTÉ ar an raidió le Derek Mooney, agus chan sí 'White Christmas' leis an t-Orceastra Siansa RTÉ ag cheolchoirm Nollaig RTÉ. Ar maidin Lá Naomh Stiofán tar éis an X Factor, chan Byrne os comhair siopa Arnotts i mBaile Átha Cliath, agus bhí sí láithreach ag gheamaireacht le Jedward agus Linda Martin san Olympia. I 2011, thabhairt sí tacaíocht do Neil Diamond san Aviva agus fuair sí áit mar charachtar an Aingeal Déagóra i 'nGREASE: THE MUSICAL'. Sular Nollaig 2011, d'obair Byrne le hEddie Rowley ar leabhar, agus d'fhoilsigh leabhar dírbheatháisnéise Byrne 'This Is My Life'. Sa leabhar, leabhraíonn Byrne faoi caidrimh a theip orthu; an caidreamh leispiacha a bhí aici le comhoibhreoir ar feadh dhá bliain agus a cuid eachtraí ina hóige. Déanann sí cur síos ar bás a tuismitheoirí, néaltrú a máthair agus an t-éafacht a bhí aige uirthi. Bhí sé soiléar go raibh féinmheas ísil aici ach scríobhann sí faoin feabhsú a bhí uirthi agus a deis ar an X Factor. Fuair an leabhar léirmheasanna maithe, agus bhí sé ceithre seachtain ar an liosta sárdhíola.

Obair le Phil Coulter[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 2011, d'fhág Byrne Sony chun margadh a shíniú le Universal; a rinne teagmháil le Phil Coulter. Ghlac sé an cuireadh chun albam nua a chuir i láthair, agus scríobh sé amhrán iomlán nua di, 'Thank God That This Was My Life'. Ar an albam, ainmnaigh '...with Love', bhí amhráin níos boige air ná bhí ar 'Mine & Yours' agus bhí an t-amhrán a chan Byrne ar Nollaig No 1 air; 'Never Never Never'. Cheap Coulter go mbeadh Byrne in ann a amhrán féin a chanadh freisin, amhrán a scríobh sé faoi a mhac; 'Scorn Not His Simplicity'. Rinne an t-albam go maith in Éirinn roimh an Nollaig 2011, agus chuaigh sé go huimhir a deich.

Tá mé thar a bheith sásta go bhfuil m'albam nua sna chairt; tá sé 100% Mary agus ní ar dhroim an X Factor.

—Mary Bryne in aggalamh le Digital Spy

Le linn Márta 2012, bhí '...With Love' scoilte sa Ríocht Aontaithe le Decca, agus chuaigh sé go fiche is a hocht ar an gcairt. Sheinn Byrne ar chlár Alan Titchmart, bhí sí i láthair ar 'Loose Women' agus 'This Morning', agus bhí sí ar QVC, mar a bhí le 'Mine & Yours'.

In Aibreán 2012, thosaigh Byrne ag déanamh ceolchoirmeacha le Phil Coulter darbh ainm 'An Evening with Mary Byrne and Phil Coulter'. Sheinn an biert acu i gCill Airne, Caisleán an Bharraigh agus i mBaile Átha Cliath.

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Albaim Stiúdeo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta albaim stúideo
Teidil Eolas Buacphointí ar an gCairt Deimhniúcháin
ÉIRE RA
Mine & Yours 1 6
...with Love
  • Scoilte: 25 Samhain, 2011 (Éire)
    5 Márta 2012 (An Ríocht Aontaithe)
  • Lipéad: Universal Éire & Decca UK
  • Formáid: Dlúthdhiosca, Íoslódáil
10 28
Magic of the Musicals 10
Mary Sings the Sixties 76
"—" Ní raibh an t-albam sa chairt seo.

Singlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta singlí
Bliain Singil Buachphointe ar an gCairt Albam
ÉIRE
2011 "I Just Call You Mine" 12 Mine & Yours

Mar gné-ealínteoir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta singlí mar gné-ealaíonteóir
Blian Singil Buachphointe ar an gCairt
RA Éire
2010 "Heroes" (mar pháirt le hiomaitheoirí an X Factor) 1 1

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Irish Charts". Irishcharts.ie (1962-10-01). Dáta rochtana: 2013-08-09.
  2. "The Irish Charts". bpi.com (2013-09-22). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-08-01. Dáta rochtana: 2013-08-09.
  3. "The Irish Charts". Irishcharts.ie (1962-10-01). Dáta rochtana: 2013-08-09.