Marchantiophyta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMarchantiophyta Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
RoinnMarchantiophyta Cuir in eagar ar Wikidata
Stotler agus Crand.-Stotl., 2000

Planda beag neamhshoithíoch spóriompartha atá an-ghaolmhar le caonach is braichlis adharcach. Tá dhá shaghas ann, ag brath ar fhoirm na ngaiméitifítí. In aelusanna talóideacha, bíonn an cholainn leata, go minic géagach nó maothánach. In aelusanna duilliúracha, bíonn gais chaola dhreaptha le 3 líne duilleog nach n-aibíonn ach dhá cheann acu go hiomlán. Bíonn ríosóidí aoncheallacha cosúil le fréamhacha a cheanglaíonn an planda don talamh ach nach n-asúnn uisce. Is é a bhíonn sa spóraifít ná capsúl réalta-chruthach ar ghas, agus istigh inti bíonn na spóir is struchtúir sheasca eile a dtugtar éileatóirí orthu. Nuair a aibíonn na spóir síneann an gas, osclaíonn an capsúl, agus cabhraíonn na héileatóirí i scaipeadh na spór. Atáirgeann aelusanna freisin trí gheimí, teasca ilcheallacha a chuirtear amach mar bhachlóga agus a fhásann ina bplandaí nua. Faightear aelusanna beagnach i ngach áit, ach amháin áiteanna tirime mar nach ndéanann siad go maith ansin. Is flúirsí iad in áiteanna taise faoi scáth.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aelus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 11.