Mainistir na Féile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMainistir na Féile
Mainistir na Féile, (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°22′53″N 9°18′09″W / 52.3814°N 9.3025°W / 52.3814; -9.3025
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn Fhéil Cuir in eagar ar Wikidata
Airde75 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1411623
Suíomh gréasáinabbeyfealeonline.blogspot.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Baile margaidh stairiúil i gContae Luimnigh in aice leis an teorainn le Contae Chiarraí is ea Mainistir na Féile.[1] Tá an baile in iarthar na hÉireann, 21 km (13 míle) ón Chaisleán Nua Thiar ar an N21, an príomhbhóthar ó Luimneach go dtí Trá Lí.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baile réasúnta mór is ea Mainistir na Féile agus 1,940 duine ina gcónaí ar an mbaile féin, 2,508 sa cheantar ar fad (2006). Tá sé suite ar an dteorainn idir contae Chiarraí agus contae Luimnigh in iarthar na hÉireann. Tá cúlra stairiúil aige – fadó fadó in 1188 bhí mainistir ag na manaigh ar bhruach abha na Féile. Fuair cailín álainn darbh ainm “Fiale” bás san abhainn agus mar sin tugadh an t-ainm ‘Mainistir na Féile’ don bhaile. Tá dealbh den Athair Ó Chathasaigh suite sa chearnóg. Sagart paróiste ba an tAthair Ó Chathasaigh in aimsir chogadh na talún. Theastaigh uaidh laghdú a fháil ar íoc a bhí a dhéanamh aige ar son na dtionóin. Bhunaigh sé an Cumann Lúthchleas Gael i Mainistir na Féile agus mar sin tugadh an t-ainm an tAthair Ó Chathasaigh don gclub peile. Bhí athrú móra i Mainistir na Féile sa bhliain seo. Tháinig na daoine ón baile le chéile chun é a fheabhsú. Tá eagraíochtaí bunaithe – cúpla ceann atá liostaithe thíos.

Bailte slachtmhara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh coiste na mbailte slachtmhara ar bun cúpla mí ó shin. Tá jab iontach á dhéanamh ag an gcoiste seo gan aon agó. Dhá uair in aghaidh na míosa, tagann na cónaitheoirí áitiúla le chéile chun an baile a ghlanadh. Bailíonn siad an bruscar atá caite ar na sráideanna agus ar na bóithre. Chuir siad bláthanna ag fás sa chearnóg agus tá siad go hálainn ar fad. Chlaochlaigh siad an baile agus dar liomsa sin an chúis go stopann níos mó turasoírí ann nuair a bhíonn siad ag dul chuig Cill Airne.

ACDA[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cosúil le gach baile eile in Éirinn bhí na gnóanna i Mainistir na Feile ag streachailt tar éis an chúlú eacnamaíochta. Mar thoradh bhunaíodh ACDA (‘Abbeyfeale Community Development Association’, Cumann Forbartha Pobail Mhainistir na Féile) chun gnó sa bhaile a fheabhsú. Tá sé soiléir anois go bhfuil níos mó daoine ón gceantar máguaird ag siopadóireacht i Mainistir na Féile seachas bheith ag siopadóireacht i gcathair Luimnigh nó i dTrá Lí. An chúis atá leis an athrú seo ná go bhfuil tairiscintí speisialta ar fáil sna siopaí áitiúla anois. Tá sé iontach gach duine a fheiceáil ag teacht le chéile chun a baile a fheabhsú.

Eaglais na Deastógála

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Mainistir na Féile/Abbeyfeale | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.