Mac Ceacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Más laoch(ra) na Rúraíochta atá i gceist, féach Mac Céacht

I miotaseolaíocht na nGael, ba shliocht na dTuath Dé Danann é Mac Ceacht, mac Cermait mac an Daghdha. Ba é Téthur a chéadainm, ach bhí sé aitheanta as a dhia, Cecht (céachta). Ba í Fódhla a bhean chéile, í ar cheann de na trí bhandia eapainmneacha na hÉireann.

Ba iad é féin agus a dheartháireacha Mac Coill agus Mac Gréine a mharaigh Lugh mar chúiteamh ar a n-athair. D'éirigh an triúr acu ina chomh-Ard-Ríthe na hÉireann, ag déanamh sealaíochta ar a chéile gach bliain, ar feadh fiche naoi nó tríocha bliain ag brath ar fhoinse. Na ríthe deireanacha de shliocht na dTuath Dé Danann roimh theacht Chlann Mhíle ba ea iad.

Réamhtheachtaí
Fiacha
Ard-Rí na hÉireann
(le Mac Coill agus Mac Gréine)

ACM 1730–1700 RC
FFE 1317–1287 RC
Comharba
Éber Finn agus Érimón