Lyra McKee

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLyra McKee

(2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Lyra Catherine McKee
31 Márta 1990
Béal Feirste, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Bás18 Aibreán 2019
29 bliana d'aois
Doire, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnmharú (Tráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síBirmingham City University (en) Aistrigh - digital journalism (en) Aistrigh
St Gemma's High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheBéal Feirste
Doire
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmiriseoir, scríbhneoir aistí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm8461421 Facebook: lyra.mckee Twitter: LyraMcKee LinkedIn: lyra-mckee-b60b1182 Cuir in eagar ar Wikidata

Iriseoir agus údar Éireannach ab ea Lyra Catherine McKee (31 Márta 199018 Aibreán 2019).

Ba as ceantar na Seanpháirce i dtuaisceart Bhéal Feirste di. D’fhág sí Ollscoil na Ríona le tabhairt faoin iriseoireacht. Bhí céim mháistir aici in iriseoireacht ar líne ó Birmingham City University.

Scríbhneoireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oibrigh McKee do Mediagazer mar thuairisceoir agus eagarthóir. Scríobh sí píosaí tábhachtacha faoina saol mar bhean óg aerach; faoin mbulaíocht a rinneadh uirthi ina hóige; agus faoi mar a d’fhógair sí don saol mór go raibh sí aerach.[1]

Ar cheann de na píosaí móra a scríobh McKee, bhí píosa faoi ghlúin daoine óga sa Tuaisceart, a tháinig ar an saol tar éis na dTrioblóidí, a bheith ag cur lámh ina mbás féin.

Scríobh McKee leabhar neamhfhicsin, Angels With Blue Faces, faoi dhúnmharú an fheisire Aontachtaigh, an tUrramach Robert Bradford.

Scríobh McKee leabhar eile, The Lost Boys, ag na foilsitheoirí Faber & Faber.[2]

Dúnmharú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Alt na nGealbhán

Scaoileadh í sa Chreagán i nDoire agus í i mbun oibre le linn círéibe ann. Tugadh í go dtí an t-ospidéal in Alt na nGealbhán ach fuair sí bás.

Bhásaigh an t-iriseoir tar éis d’fhear gunna a raibh masc air urchair a scaoileadh le póilíní sa Chreagán.

Fágadh McKee a páirtí, Sara Canning, ina diaidh.[3] D’aistrigh McKee go Doire le go mbeadh siad le chéile agus lena gcat, Marie.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur iriseoir agus gníomhaí a bhí inti a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine, a d’athraigh saol daoine nuair a bhí sí ina beatha agus a athróidh saol daoine chomh maith lena bás.[4]

Cóir[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mhaígh an grúpa easaontóirí poblachtánacha ar a dtugtar an tIRA Nua gurb iad a mharaigh Lyra McKee. Dúirt an PSNI chomh maith gurb é an "IRA nua" ba chionsiocair le bás McKee.

Sa bhliain 2020, fuair na póilíní an gunna láimhe Hammerli X-Esse .22 le linn cuardaigh i mBaile Mhic Robhartaigh i nDoire.[5]

Bliain níos déanaí, tugadh beirt fhear as Doire, Gearóid Cavanagh, 33 bliain d'aois, agus Jordan Devine, 21 bliain d'aois, os comhair cúirte agus iad cúisithe i ndúnmharú Lyra McKee.[6]

Ar 14 Meán Fómhair 2022, gearradh téarma príosúin 7 mbliana gearrtha ar fhear, faoi go raibh an gunna a mharaigh Lyra McKee ina sheilbh.[7] Phléadáil Niall Sheerin, 29 bliain d'aois, as Doire, ciontach faoi dheireadh[8] as gunna agus armlón a bheith ina sheilbh aige.[9] Mhaígh póilín sa chúirt go bhfuathas lorg ADN Niall Sheerin ar an ngunna agus ar an bpiléarlann.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Iriseoir den scoth a bhí tiomanta dá pobal a bhí i mo chara Lyra McKee" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2019-04-22.
  2. "Faber signs two from 'rising star' Lyra McKee | The Bookseller". www.thebookseller.com. Dáta rochtana: 2019-04-22.
  3. "Lyra McKee: Murdered journalist's 'dreams snuffed out'".
  4. "Marú Lyra McKee á chásamh lena muintir" (as ga) (2019-04-19). 
  5. Nuacht RTÉ (2020-07-16). "Fear as Doire cúisithe i ngunna a bheith ina sheilbh aige" (as ga). 
  6. Nuacht RTÉ (2021-09-17). "Beirt fhear as Doire cúisithe i ndúnmharú Lyra McKee" (as ga). 
  7. "Lyra McKee: man jailed for possessing gun used to kill journalist" (en). the Guardian (2022-09-14). Dáta rochtana: 2022-09-16.
  8. "Man who stored Lyra McKee murder gun insists he had no role in her killing" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-09-16.
  9. Nuacht RTÉ (2022-09-14). "Fear a bhí an gunna a mharaigh Lyra McKee aige, sa chúirt inniu" (as ga-IE). 

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]