Luamh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Nordische Folkeboot

Is éard is luamh ann, (ón Sean-Ghaeilge 'luam' ("píolótach, stiúireóir") ná bádlong áineasa. Ar dtús báire, sainmhíníodh é mar shoitheach-seoil a bhí éadrom, agus a bhí in ann dul go tapa. D'úsáideadh cabhlach na hÍsiltíre iad, i gcomhair tóraíochta píoráidí agus tairmtheacht eile, ar fud agus isteach sna huiscí éadoimhne de chuid na hÍsiltíre. Tar éis é a bheith roghnaithe ag Séarlas II mar an t-árthach a d'iompródh é go dtí an Bhreatain ón Ísiltír, i gcomhair na hathghairme, d'úsáidtí an téarma nuair a bhí iompar daoine tábhachtacha i gceist.

Sa lá atá inniu ann, sonraíonn an téarma dhá rang éagsúil de dobhararthaí, báid seoltóireachta agus mótarbháid. Bíonn luaimh difriúil ó longa oibre, go príomha mar gheall ar a n-fheidhmeanna fóillíochta, agus ní go dtí borradh an ghalbháid agus cineálacha eile de mhótarbháid gur bhraitheadh ar soithí seoltóireachta i gcoitinne mar earraí só, nó soithí áineasa. Níos déanaí, chuimsigh an téarma mótairbháid, go príomha, chun críocha áineasa príobháidí chomh maith.

De ghnáth, bíonn faid na luamh i raon idir 10 méadar (33 troigh) suas go dtí na dosaenacha de mhéadair (na céadta troithe). Tugtar cúrsóir cábáin nó cúrsóir ar shoitheach só níos lú ná 12 méadar (39 tr). Tagraíonn sár-luamh, go ginearálta, do luamh ar bith (le seol nó le hinneall) atá chomh faide le 24 m (79 tr) agus tagraíonn meagaluamh, go ginearálta, do luamh ar bith atá níos mó ná 50 méadar (164 tr). Is beag an méid seo i ndáil le línéar farraige móire tipiciúil agus tancaeir ola.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]