Leifteanant

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leifteanant sa Nígir

Is grád é leifteanant sna fórsaí armtha. Tá an focal bunaithe ar an leagan Fraincise lieutenant, agus is é is ciall don téarma seo, de réir na sanasaíochta, ná "ionadaí", duine atá ag déanamh ghnó duine eile (locum tenens as Laidin). Mar sin, is oifigeach é an leifteanant atá ag déanamh ionadaíochta don duine os a chionn, don chaptaen go bunúsach. Cosúil leis sin, úsáidtear leifteanantghinearál, "ionadaí an ghinearáil" le tagairt a dhéanamh don oifigeach atá beagáinín níos ísle céim ná an ginearál.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]