Leabhar Laighneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharLeabhar Laighneach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineállámhscríbhinn Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata

Is lámhscríbhinn de chuid na meánaoise é an Leabhar Laighneach (Sean-Ghaeilge Lebor Laignech). Díolaimadh é c. 1160. Bhí aithne air tráth mar LeborLebar na Núachongbála (Leabhar na Nuachongbhála), suíomh mainistreach i gContae Laoise.

Tá 187 leathanach sa lámhscríbhinn agus gach ceann acu ionann is 33 cm faoi 23 cm. Tá nóta ann go mb'fhéidir go bhfuil oiread is 45 leathnach ar iarraidh.

Caomhnaítear anois é i gColáiste na Tríonóide faoin gcód seilf LS. 1339 (olim H 2.18).[1] Tá roinnt míreanna den leabhar, m.s. Féilire Thamhlachta, i mbailiúchán Choláiste na hOllscoile, BÁC.[2]

Stair an Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Na scríobhaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is amhlaidh gurbh é príomhtheaglamaí agus príomscríobhaí an leabhair Áed Ua Crimthainn,[3][4] ab Mainistir Thír Dhá Ghlas[5] i gContae Thiobraid Árann.[4] Is féidir síniú Aodha a léamh ar f. 32r (lch. 313): Aed mac meic Crimthaind ro scrib in leborso 7 ra thinoil a llebraib imdaib (Aodh mac mhic Chriomhthainn a scríobh an leabhar seo agus a thionóil as mórán leabhar é).

Leathnach de chuid an Leabhair Laighean

Feictear cóip litreach ó láimh eile sa bhunimeall ar lch 288, ina labhraíonn easpag Chill Dara, Finn mac Gormáin (a fuair bás in 1160), leis mar fhear léinn (fer léiginn) d'Ardrí Leath Mhogha, mar chomharba (comarbu) Choilm mhic Chriomthainn agus mar phríomhsheanchaí (prímsenchaid) Laighean.

De réir tuairime a mhol Eoghan Ó Comhraí, ba é Finn mac Gormáin a scríobh nó a d'eagraigh an Leabhar ar son Aodha;[4] agus gurbh é an duine a d'iarr an lámhscríbhinn Diarmaid Mac Murchadha,[6] rí Laighean (a d'éag in 1171), rí a raibh dún aige i nDún Másc, in aice leis An Nuachongbáil.

Am agus áit a scríofa[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is dócha, de réir annála a scríobhadh sa leabhar, gur cumadh é idir 1151 agus 1201 agus go raibh an chuid is mó de críochnaithe sna 1160idí. Dódh mainistir Thír Dhá Ghlas in 1164, rud a fhágann gur críochnaíodh an chuid eile i screaptra eile.[4] I measc na n-áiteanna atá luaite tá Sráid Bhaile[7] agus Cluain Eidhneach,[8] baile Uí Chriomthainn.[4]

Scoláireacht an 19ú haois[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Seán Ó Donnabháin (a fuair bás in 1861) a thug an Leabhar Laighean ar an saothar, rud a rinne sé de bharr nasc a bheith ag a chuid scéalta le Cúige Laighean. Ina theannta sin, ghlac Robert Atkinson leis an ainm nuair a d'fhoilsigh sé an t-eagrán liteagrafach in 1880.[4]

Tá sé aitheanta go forleathan anois, ámh, gurbh é bunainm na lámhscríbhinne Lebor na Nuachongbála (Leabhar na Nuachongbhála).[9] Chuir R. I. Best é seo in iúl agus é tugtha faoi deara aige gur luaigh Sir James Ware (a fuair bás in 1666) sleachta gearra éagsúla ón Leabhar i lámhscríbhinn dá chuid féin a breacadh síos i dtosach na 17ú haoise[10] agus é ag fanacht i dteach Ruairí Uí Mhórdha ag Ballyna, Contae Chill Dara. Ba iad tiarnaí na Nuachongbhála iad clann Uí Mhórdha ón 15ú haois ar a laghad, agus ba é seanathair Uí Mhórdha a raibh morgáiste aige ar Chluain Eadhnáin, baile Uí Chriomthainn.[11]

Tá fianaise ann a neartaíonn le tuairim Best i lámhscríbhinn Acadamh Ríoga na hÉireann, MS B. iv. 2,[12] agus í breactha sa 17ú haois. Mar a thug Rudolf Thurneysen faoi deara,[13] rinne an scríobhaí cóip de théacsanna ar leith, ag cur in iúl gurbh é "Leabhar na h-Ua [sic] Chongbála" an fhoinse.[14]

Sa lá atá inniu ann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an leabhar anois i Leabharlann Choláiste na Tríonóide, LS 1339 (olim H 2.18).

D'fhoilsigh Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath leagan de thar thréimhse 29 mbliana agus sé imleabhar ann. Tà leaganacha ar líne:

Ábhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an leabhar ar cheann de na foinsí is tábhachtaí de litríocht, de ghinealas agus mhiotaseolaíocht Éire na Meánaoise.

Foinsí eile:

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. LS 1339 Curtha i gcartlann 2021-05-12 ar an Wayback Machine, ar Meamhram Páipéar Ríomhaire Curtha i gcartlann 2021-05-12 ar an Wayback Machine
  2. UCD Ms A3
  3. Best, The Book of Leinster, vol 1, lch. xv.
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 4.5 Hellmuth, "Lebor Laignech", ll. 1125-6.
  5. Tír Dhá Ghlas ar logainm.ie
  6. Sean-Ghaeilge: Diarmait mac Murchada
  7. Sráid Bhaile, Co. Laoise ar logainm.ie
  8. Cluain Eidhneach, Co. Laoise ar logainm.ie
  9. An Nuachongbháil, Co. Laoise ar logainm.ie
  10. British Library, Londain, cód seilf Add. MS 4821.
  11. Best, The Book of Leinster, iml 1, ll. xi–xvii.
  12. "RIA MS B iv 2". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-05-12. Dáta rochtana: 2018-09-24.
  13. Thurneysen, Die irische Helden- und Königsage bis zum 17. Jahrhundert, lch. 34.
  14. Mar shampla, RIA MS B iv 2, lch. 120