Lara Cardella

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLara Cardella
Beathaisnéis
Breith13 Samhain 1969
54 bliana d'aois
Licata, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreScríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta agus prós
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach

IMDB: nm0136346 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Iodálach is ea Lara Cardella (a rugadh ar 13 Samhain 1969 in Licata). Tá a lán úrscéaltá scríofa aici.

A beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1989, agus í in aois a naoi mbliana déag, d'fhoilsigh Cardella Volevo i pantaloni (Ba mhian liom bríste), úrscéal dírbheathaisnéiseach faoi chailín i saol rófhearúil na Sicile. Mondadori a chuir amach é. Ba ghearr gur tháinig an-ráchairt air agus aistríodh é go Béarla, go Fraincis, go Gearmáinis, go Spáinnis, go Portaingéilis agus go Catalóinis. Tháinig sé amach freisin sa Lochlann, sa Pholainn, sa Ghréig, sa Tuirc, sa Bhrasaíl agus sa Chóiré. Díoladh os cionn dhá mhilliún cóip, agus rinne Maurizio Ponzi, stiúrthóir, scannán den leabhar san Iodáil.

Ina dhiaidh sin d'fhoilsigh Mondadori Intorno a Laura (1991), saothar a raibh cuma neamhchoitianta air, é ina úrscéal agus ina dhráma in éineacht, rud a thaispeáin go raibh an t-údar in ann iomaire eile ar fad a threabhadh.

Lean sí den chumadóireacht le Fedra se ne va (1992) e Una ragazza normale (1994). Sa bhliain 1995 chuir sí amach Volevo i pantaloni 2.

D'fhág sí Mondadori agus chuaigh i leith Rizzoli, dream a chuir amach Detesto il soft sa bhliain 1997, agus an chollaíocht mhífholláin mar phríomhthéama ann. Sa bhliain 2000 foilsíodh Finestre accese, úrscéal a nochtann beirt trína ndialanna ar feadh na mblianta agus a tharraingíonn an Mafia anuas mar théama.

Níor scríobh Cardella faic ó shin, ach sa bhliain 2009, mar cheiliúradh fiche bliain, chuir Oscar Mondadori amach eagrán nua de Volevo i pantaloni, agus agallamh leis an údar mar chuid de.

Faoi láthair tá Cardella ina cónaí i gCatania.

Tréithe a saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an tSicil féin is mó atá ina ceangal trína saothar, in éineacht le téamaí áirithe atá fite fuaite san ábhar - an foréigean collaí, an rófhearúlacht, an chuid is dúire agus is dorcha de shaol na Sicile. In Una ragazza normale agus Detesto il soft tá téamaí an bháis agus na collaíochta ag siúl le chéile agus mífholláine mhealltach ag baint leo. Tá rian an duaircis agus na céille ceannaithe ar chuid mhaith dá saothar.

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]