John Dalton

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Dalton

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Meán Fómhair 1766
Cumberland, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Iúil 1844
77 bliana d'aois
Manchain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Manchester Literary and Philosophical Society (en) Aistrigh
1816 – 1844
Rúnaí Manchester Literary and Philosophical Society (en) Aistrigh
1800 – 1809 Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreCeimic, fisic agus meitéareolaíocht
Gairmfisiceoir, ceimiceoir, meitéareolaí, matamaiticeoir, luibheolaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Oxford Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Spéis aige/aici iDathamharc
Mac/iníon léinn de chuidJohn Gough
Mac/iníon léinnJames Prescott Joule
Faoi thionchar
TeangachaBéarla agus an Ghearmáinis
Saothar
Saothar suntasach
Giorrúchán luibheolaíochtaJn.Dalton
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph Dalton  agus Deborah Greenup
Gradam a fuarthas
Síniú

Find a Grave: 15112509 Cuir in eagar ar Wikidata

Ba cheimiceoir, fisiceoir agus meitéareolaí[1] Sasanach é John Dalton FRS (5 nó 6 Meán Fómhair 1766 – 27 Iúil 1844). Is fearr aithne air as an teoiric adamhach a thabhairt isteach sa cheimic, agus as an taighde a rinne sé ar dhathdhaille, a bhí aige. Tugtar Daltúnachas ar dhathdhaille i dteangacha éagsúla, a bheith ainmnithe ina dhiaidh.

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dlí Dalton

Sna blianta 1808-1810 chuir Dalton a theoiric adamhach le chéile, agus rinne eolaíocht chainníochtúil sa cheimic[2]. Thóg sé clár meáchan adamhach.

Dúil cheimiceach

Rinne sé taighde ar mheascáin gás go príomha, fórsa gaile, leaisteachas gaile agus forbairt theirmeach gás.

D'fhionn sé dlí ("dlí Dalton" inniuˈ) ar pháirtbhrúnna, go bhfeidhmíonn gach gás ar leith, i meascán gás i soitheach, an brú céanna is a d'fheidhmeodh sé dá mbeadh sé ina aonar sa toirt sin, agus mar sin go bhfeidhmíonn páirtbhrú i gcomhréir le codán an gháis sin sa mheascán.

Feidhmíonn na gáis uile neamhspleách ar a chéile. Mar shampla, cuimsíonn an t-atmaisféar 80% nítrigine, a bheag nó a mhór, agus mar sin feidhmíonn an nítrigin 80% de bhrú an atmaisféir.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le hobair John Dalton ar an teoiric adamhach timpeall 1810, tháinig an cheimic chun tosaigh ina heolaíocht chainníochtúil agus d'fhorbair go tapa sa 19ú céad.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ross, Sydney. "John Dalton". Encyclopædia Britannica. Arna gcartlann ón mbunleagan ar 3 September 2022. Aisghafa 6 September 2022.
  2. Matt Hussey, Fréamh an Eolais (p198), Coiscéim