Joensuu

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilJoensuu
Armas
Armas

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 62°36′00″N 29°45′50″E / 62.6°N 29.7639°E / 62.6; 29.7639
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighRegional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainneAn Chairéil Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán78,175 (2024) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús32.82 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighJoensuu sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,381.79 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síKiihtelysvaara, Tuupovaara, Eno agus Pyhäselkä Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Nioclás I na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Cruthú1848
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachJoensuu City Council (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist80100–80199 agus 80200–80299 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinjoensuu.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair i réigiún na Cairéile Thuaidh san Fhionlainn í Joensuu. "Béal na hAbhann" is brí leis an logainm. Is í Joensuu príomhchathair an réigiúin, agus í ar an gcathair is mó ansin chomh maith. Pielisjoki atá ar an abhainn a bhfuair an chathair a hainm óna béal, agus tá an loch úd Pyhäselkä suite in aice leis an gcathair. Is iad na ceantair thuaithe timpeall ar Joensuu ná Rääkkylä, Tohmajärvi, Ilomantsi, Kontiolahti, Lieksa, agus Liperi.

Bhí áitreabh daonna san áit sa chlochaois féin. Sa séú haois déag bunaíodh mainistir Ortadocsach in oileán Kuhasalo, ar cuid den chathair é inniu, ach le linn an chogaidh úd ar a dtugann na Fionlannaigh "An Fuath Fada" (nó "an Fhearg Fhada", pitkä viha) sna blianta 1575-1590 idir an tSualainn Liútarach agus an Rúis Ortadocsach cuireadh an mhainistir de dhroim an domhain.

Tá ainm Joensuu ar fáil ina lán seanmhapaí ó thréimhse na cumhachta Sualannaí san Fhionlainn, ach san am sin ní raibh i gceist ach sráidbhaile beag. Sa bhliain 1809 tháinig Impireacht na Rúise i seilbh na Fionlainne, agus sa bhliain 1848 bhunaigh Nioclás a hAon, Impire na Rúise, cathair in áit an tsráidbhaile sin. Ina dhiaidh sin tháinig fás agus fairsingiú ar an áit go sciobtha. Ba í an tionsclaíocht adhmaid a tharraing na sluaite go dtí an chathair ar dtús, ach tháinig slite beatha eile ina háit ina dhiaidh sin.

Tá craobh d'Ollscoil Oirthear na Fionlainne ag obair sa chathair, chomh maith leis an bpolaiteicnic úd Karelia-ammattikorkeakoulu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]