Jiang Qing

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJiang Qing

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(zh-cn) 江青
Beathaisnéis
Breith(zh-cn) Lǐ Shūméng
5 Márta 1914
Zhucheng, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Bás14 Bealtaine 1991
77 bliana d'aois
Ospidéal Bhéising, Daon-Phoblacht na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFéinmharú (Crochadh)
Áit adhlacthaBeijing Futian Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céile Uachtarán Daon-Phoblacht na Síne
1 Deireadh Fómhair 1949 – 27 Aibreán 1959 – Wang Guangmei → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Ainm cleiteLan Ping Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnAn tAindiachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Náisiúnta Qingdao Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreAisteoireacht agus polaitíocht
Gairmban-aisteoir, polaiteoir, aisteoir scannáin Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Cumannach na Síne Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
GluaiseachtMaochas agus polaitíocht radacach
TeangachaAn tSínis
Gairm mhíleata
GéillsineDaon-Phoblacht na Síne
CoinbhleachtRéabhlóid Chultúrtha na Síne
Eile
CéileTang Na (1936–1936)
Mao Zedong (1939–1976) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteLi Na
 ( Mao Zedong) Cuir in eagar ar Wikidata
Duine muintearthaHuang Jing () Cuir in eagar ar Wikidata
Ciontaíodh icounter-revolution (en) Aistrigh (1981)
→ (death sentence with reprieve (en) Aistrigh)
false accusation (en) Aistrigh (1981) Cuir in eagar ar Wikidata
Síniú

IMDB: nm0156952 Find a Grave: 50897770 Cuir in eagar ar Wikidata

Ban-aisteoir Síneach, an 4ú bhean ag Mao Zedong, agus duine tábhachtach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne ab ea Jiang Qing (Sínis: 江青, pinyin: Jiāng Qīng; 19 Márta 191414 Bealtaine 1991).

Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.

"Lán Píng" (蓝苹), ina haisteoir  ; póstaer i 1935
ina haisteoir sna 1930idí

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

1940

Faoin ainm Lǐ Shūméng a rugadh í in Zhucheng, Cúige Shandong in oirthear na tíre. Níos déanaí, bhain sí úsáid as 'Lan Ping" (蓝苹) nuair a bhí sí ina haisteoir agus bhí ainmneacha eile uirthi le linn a saoil.

An 4ú bhean ag Mao Zedong, Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne agus Cathaoirleach Pháirtí Chumannach na Síne, a bhí inti. Phós sí Mao in Yan'an i mí na Samhna, 1938, agus ise Chéadbhean na daonphoblachta i mblianta tosaigh an rialtais cumannaigh. Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.

Young Jiang Qing in éineach le Mao sa Yan'an, 1940idí

Roimh bhás Mao, bhí cuid mhór den saol poiblí sa tSín faoi smacht Dhrong an Cheathrair, na meáin agus an bholscaireacht san áireamh.

Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhraith cumhacht Jiang Qing ar Mao, agus ba mhinic a bhí sí i gcodarsnacht leis na ceannairí móra eile sa tír. Bhásaigh Mao sa bhliain 1976 agus ba bhuille mhór di agus dá huaillmhianacha é. Rinne Hua Guofeng agus a chomhghleacaithe í a ghabhadh i mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna. Cháin údaráisí an pháirtí í ag an am céanna.

Ó shin i leith, tá sé curtha ina leith go hoifigiúil gur bhall í de "Dhrong Fhrithréabhlóideach Lin Biao". Cuireadh an locht ar an drong sin as an damáiste agus scriosadh a rinneadh le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne.

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Daoradh chun báis í ach iomalartaíodh an breithiúnas sin go príosúnacht saoil sa bhliain 1983. Scaoileadh í i gcomhair chóiriú leighis. Ansin chuir sí lámh ina bhás féin i mí na Bealtaine sa bhliain 1991.[1][2]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Stefan R. Landsberger (2008). "Madame Mao: Sharing Power with the Chairman". 
  2. "New York Times". "Suicide of Jiang Qing, Mao's Widow, reported". Kristof, Nicholas D. (5 Meith. 1991) Dáta rochtana: 13 Noll. 2012; do Vicipéid na Gaeilge, 8 Meith. 2016