Jalisco

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilJalisco
Bratach
Bratach

Cuir in eagar ar Wikidata

Mana«Jalisco es México»
«Jalisco no te rajes» Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 20°40′35″N 103°20′45″W / 20.6764°N 103.3458°W / 20.6764; -103.3458
Stát ceannasachMeicsiceo Cuir in eagar ar Wikidata

PríomhchathairGuadalajara Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán7,844,830 (2015) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús99.82 hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deWestern Mexico (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla78,588 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde1,355 m Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is ísleAn tAigéan Ciúin Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1823
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachComhdháil Jalisco Cuir in eagar ar Wikidata
• Gobharnóir Jalisco Cuir in eagar ar WikidataEnrique Alfaro Ramírez (2018–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist44-49 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Cód ISO 3166-2MX-JAL Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinjalisco.gob.mx Cuir in eagar ar Wikidata

Ceann de stáit Mheicsiceo atá i Jalisco, nó Saorstát Flaithiúnais Jalisco (Spáinnis: Estado Libre y Soberano de Jalisco). Tá an stát seo suite ar chósta thiar Mheicsiceo, chois an Aigéin Chiúin, agus é ag críochantacht le hAguascalientes, Zacatecas, San Luis Potosí, Nayarit, Guanajuato, Michoacán, agus Colima. Is í Guadalajara príomhchathair an stáit, agus is é an ceantar timpeall Guadalajara an dara ceantar uirbeach is mó daonra i Meicsiceo - is é an ceantar timpeall na príomhchathrach an ceann is mó, ar ndóigh.

Fuair an stát a ainm ó na hAstacaigh. Is é is brí leis ina dteanga siúd (Nahuatl) ná "machaire gainimh" (xalli-ixtli-co: xalli = gaineamh, ixtli = aghaidh, -co = áit).

Deirtear gurb as Jalisco a tháinig dhá ghné thábhachtacha de chultúr Mheicsiceo - an tequila agus an mariachi. Is éard atá i gceist leis an tequila ná deoch láidir alcólach a dhriogtar as sú coipthe (pulque) an chineál agáibhe ghoirm (Agave tequilana) a bhíonn ag fás go flúirseach in ithir bholcánach Jalisco. Fuair an deoch a hainm ó chathair Tequila i Jalisco. Maidir le mariachi, is éard atá i gceist leis ná banna ceoltóirí a sheinneann ceol bíoga bríomhar. Is féidir banna mariachi a fháil ar cíos le haghaidh fleánna agus féastaí, agus bíonn na ceoltóirí seo in ann amhráin a chanadh freisin. Is iad na hionstraimí is minice a bhíonn acu ná trumpaí, veidhlíní agus giotáir éagsúla. Is iad an guitarrón (cineál dordghiotáir) agus an vihuela (giotár ardairde a bhfuil cúig théad ann) a dhéanann mariachi den bhanna ceoil.

Is í an Spáinnis an teanga is mó a labhraítear. Níl teanga bhundúchasach ach ag 1 % de mhuintir an stáit, agus is iad na teangacha is tábhachtaí acu seo ná an teanga Nahuatl - seanteanga na nAstacach arb í an teanga bhundúchasach is tábhachtaí i Meicsiceo inniu féin - an teanga Huichol - teanga a bhfuil lúb ghaoil aici leis an teanga Nahuatl - agus an teanga Purepecha, nach bhfuil gaolta ar bith aici.

Daoine cáiliúla ó Jalisco iad an scríbhneoir Juan Rulfo agus an ceoltóir Pedro Dimas atá ag iarraidh stíl cheoltóireachta na bPurepecha a chaomhnú agus a chraobhscaoileadh. Rugadh Dimas féin i mbaile beag iargúlta nach raibh ach an teanga Purepecha le cloisteáil ansin, agus bhí an cheoltóireacht i ndúchas a mhuintire.

Trá in Jalisco, baile beag iascaigh sa chúlra


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]