Iúil Caesar Scaliger

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaIúil Caesar Scaliger

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(fr) Jules César Scaliger
Beathaisnéis
Breith(it) Giulio Bordon
23 Aibreán 1484
Riva del Garda Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Deireadh Fómhair 1558
74 bliana d'aois
Agen, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Áit chónaitheAgen
Gníomhaíocht
Réimse oibreRenaissance humanism (en) Aistrigh
Gairmscríbhneoir, dochtúir leighis, fealsamh, scoláire na léann clasaiceach Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinn de chuidAlbrecht Dürer
Mac/iníon léinnMuretus
TeangachaAn Laidin agus An Mheán-Fhraincis
Teaghlach
PáisteJoseph Justus Scaliger Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBenedetto Bordone
Gradam a fuarthas

Fear léinn agus lia ón Iodáil ba ea Iúil Caesar Scaliger (23 Aibreán 1484 – 21 Deireadh Fómhair 1558) nó Giulio Cesare della Scala. Chaith sé na blianta fada sa Fhrainc. Bhain sé feidhm as eolas dhaonnachas na hAthbheochana chun an tArastatalachas a chosaint ar an léann nua. Ba dhuine deacair é ach bhí iomrá mór leis.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba phéintéir mionphictiúr agus maisitheoir a athair Benedetto Bordone.[1] Rugadh Scaliger i 1484 ag an Rocca di Riva ar bhruach Loch Garda. D’fhógair sé níos déanaí gur fáisceadh é as muintir la Scala (Scaliger), a bhí ina dtiarnaí ar Verona le céad is caoga bliain.

Deir a chuntas féin ar a bheatha go mbíodh sé ag troid ar son gaoil leis, Maximilian I, Impire Naofa Rómhánach, agus go ndearna sé staidéar ar an ealaín faoi Albrecht Dürer. I 1512 chruthaigh sé chomh maith sin ag Cath Ravenna, ócáid inar maraíodh a athair agus a dheartháir, gur bhronn an tImpire Ord an Spoir Órga air. I 1514 chuaigh sé i mbun staideir in Ollscoil Bologna agus shocraigh ar dhul le sagartóireacht chun go ndéanfaí Cairdinéal de agus Pápa ina dhiaidh sin, rud a ligfeadh dó Diúiceacht Verona a shealbhú tar éis gur bhain an Veinéis dá shinsir í. Chaith sé an scéim sin i dtraipisí ach d’fhan san ollscoil go dtí 1519. D’fhan sé sé bliana i bPiodmant ag muintir Della Rovere, ag troid sa samhradh agus i mbun léinn sa gheimhreadh nó gur chuir tinneas ait deireadh lena chuid saighdiúireachta. As sin amach chaith sé a dhúthracht leis an léann, agus i 1525 chuaigh sé le Aontonio della Rovera, easpag Agen, go dtí an chathair sin mar lia an easpaig.

Tamall tar éis a bháis bhí cuntas eile ar a bheatha le fáil ó naimhde a mhic. Dúirt siad nach raibh baint ar bith aige le muintir Della Scala, gur bhain sé céim MD amach in Olscoil Phadua agus nach raibh i scéal a bheatha roimh dó dul chun cónaithe in Agen ach bunscéal a chum sé féin. Admhaítear anois go bhfuil cuid den scéal úd bunoscionn leis an bhfianaise.

Chaith sé dhá bhliain is tríocha in Agen ag tarraingt chlú an léinn air féin. Cuireadh eiriceacht ina leith i 1538 ach éigiontaíodh é. Fuair sé bás in Agen i 1558.

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1531 d’fhoilsigh sé a chéad óráid in aghaidh Erasmus ar son Cicero agus a lucht leanúna siúd.[2] Cuid suntas í de bharr ghéire na feannadóireachta agus, fearacht scríbhinní eile Scaliger, feabhas a cuid Laidine.

Níor thug Erasmus freagra ar an óráid agus barúil aige gur namhaid leis, Meander, a scríobh í. Dá bhrí sin, scríobh Scaliger óráid eile (a foilsíodh i 1536) agus í chomh lán céanna de sciolladóireachta. Ina dhaidh sin d’fhoilsigh sé mórán véarsaíocht Laidine, ábhar a tháinig amach ina leabhair dhifriúla i 1533, i 1534, i 1539, i 1546 agus i 1547. Foislíodh a lán eagrán ach is beag meas a bhí ag na criticeoirí ba dhéanaí ar an saothar seo.[3] Chomh maith leis sin d’fhoilsigh sé tráchtas beag ar mheadrachtaí coiméideacha (De comicis dimensionibus) agus De causis linguae Latinae (Lyon, 1540; an Ghinéiv, 1580),[4] saothar a gcuirtear ina leith gurb í an chéad ghraiméar Laidine a scríobhadh de réir prionsabail eolaíocha.

Tháinig Poetices (Lyon, 1561; Leyden, 1581) amach tar éis a bháis agus critic ann de réir Ealaín filíochta Arastatail. Ar nós a lán eile lena linn, b’fhearr le Scaliger VeirgilHóiméar. Shíl sé gur bhreátha traigéidí Sheinice ná traigéidí na Gréige.

Phléigh Exotericarum exercitationum (Cleachtaí Neamhchoitianta, 1557) fealsúnacht nádúrtha de réir taithí agus breathnadóireachta. Lochtaigh sé De Subtilitate Gerolamo Cardano agus bhí tionchar aige ar staraithe, ar fhealsúna agus ar eolaithe, leithéidí Francis Bacon, Gottfried Wilhelm Leibniz agus Johannes Kepler.[5] Níl rian na réasúnaíochta induchtaí le fáil ar a shaothar. Níor ghlac sé le teoiricí Copernicus. Lean sé Arastatal i gcúrsaí meitifisice agus staire nádúrtha agus chloígh le Galen i gcúrsai leighis, ach ní raibh drogall air iad a lochtú.

Teaghlach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go gearr tar éis gur bhain sé Agen amach thit sé i ngrá le Andiette de Roques Lobejac, dilleachta nach raibh ach trí bliana déag d’aois. Dhiúltaigh a cairde gaoil dó mar nach raibh clú air ag an am. Faoi 1528 bhí rath air mar dhochtúir agus in aois a chúig bliana déaga phós sé Andiette, a bhí sé bliana déag. Bhí siad pósta ar feadh naoi mbliana is fiche agus rugadh cúig dhuine dhéag clainne dóibh.

Tréimhse Iúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baisteadh an Tréimhse Iúil (nár cóir í a thógáil in abhraíocht le féilre Iúil) as Scaliger. Scála ama an tréimhse sin a mbainean réalteolaithe fónamh aisti chun gan dul ar seachrán idir féilirí éagsúla. Seosamh Justus Scaliger, mac Iúil, is túisce a mhol í agus bhaist sé as a hathair í. Áiríonn sí dátaí de réir na laethanta ó 1 Eanáir 4713 RCh amach.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Richard S. Westfall, Galileo Project biography.
  2. Oratio pro Cicerone contra Erasmum (Paris 1531), a deir nach bhfuil in Erasmus ach diúgaire liteartha agus ceartaitheoir téacsanna.
  3. Mhaígh an t-acadóir Mark Pattison go raibh sé ar aon intinn le Pierre Daniel Huet nuair a dúirt sé siúd: "par ses poésies brutes et informes Scaliger a déshonoré le Parnasse..."
  4. Sa leabhar seo déanann sé anailís ar stíl Cicero agus ar dhearmaid a rinne Lorenzo Valla agus na daonnachtaí roimhe.
  5. Herman H.J. Lynge & Sons, International Antiquarian Booksellers "Renaissance Enlightenment - Defending Aristotle Against Cardano"[nasc briste go buan]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Tá ábhar san alt seo a baineadh as foilseachán atá san fhearann poiblí anois: Chisholm, Hugh, eag. (1911). Encyclopædia Britannica (11th ed.). Cambridge University Press.
  • "Julius Caesar Scaliger". Catholic Encyclopedia. New York: Robert Appleton Company. 1913.