Iomrall optúil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Saintréith lionsa le hiomrall crómatach.

Imeacht ó íomhá fhoirfe maidir le hoptaic lionsaí mar thoradh ar na dlíthe athraonta. Is iomrall crómatach é nuair a bhraitheann athraonadh an lionsa ar thonnfhad (dath) an tsolais agus a tharlaíonn luain dhaite san íomhá. Iomrall monachrómatach é agus gach dath próiseáilte mar an gcéanna nuair a bhíonn an íomhá díchumtha, le cuaire réimse, cóma, agus/nó aistiogmatacht. Iomrall sféarúil nuair a bhíonn an íomhá geamhach. Bíonn iomraill i láthair i scátháin freisin, ach gan iomrall sféarúil sa chás seo. Is féidir iomrall in ionstraim optúil (ceamara, teileascóp) a laghdú le córas lionsaí, agus airíonna urchomhaireacha comhlántacha ag na lionsaí sa chóras. Sa réalteolaíocht, is iomrall an t-athrú in ionad braite dealraitheach réalta mar thoradh ar luas an Domhain ina fhithis timpeall na Gréine is luas críochta an tsolais.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Iomrall". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 375.