Inis (baile)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilInis

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°50′47″N 8°58′51″W / 52.8463°N 8.9807°W / 52.8463; -8.9807
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae an Chláir Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán24,253 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde3 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód65 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie6104
Suíomh gréasáinvisitennis.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Príomhbhaile Chontae an Chláir in iarthar na hÉireann is ea Inis[1] (nó Inis Cluana Rámhfhada fadó). Tá daonra thart ar 24,200 sa bhaile - de réir torthaí daonáirimh 2006. Ar inbhear na Sionna atá Inis, agus tá ceangal traenach idir í agus Luimneach. Tá aerfort idirnáisiúnta na Sionna suite timpeall 20 ciliméadar ón mbaile.

Sráid Uí Chonaill agus Ardeaglais Naomh Peadar agus Pól in Inis

Bíonn fleadh ceoil ar siúl sa bhaile gach bliain. Tá ospidéal ginearálta sa bhaile freisin, chomh maith le coláiste Fhlannáin, a bhí mar mheánscoil agus scoil cliarachais ag an eaglais Chaitliceach. Bhuaigh Inis gradam 'Tidy Towns le Gaeilge' na bliana 2008. Tá bunscoil gaeilge sa bhaile, Gaelscoil Mhichíl Chíosóig

An Ghaeilge in Inis[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir daonáireamh 2011 bhí 25,360 i gcónaí in Inis. Bhí 11,277(44.5%) ábalta an Ghaeilge a labhairt. D'úsáid 418(1.64%) an Ghaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Líonra Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Líonraí Gaeilge

Ainmaíodh Inis mar líonra Gaeilge. D'fhógair Foras na Gaeilge ag deireadh 2015 go mbeadh cúig cheantar aitheanta mar Líonraí Gaeilge in Éirinn. Is iad Cluain Dolcáin; Baile Locha Riach; Carn Tóchair agus Béal Feirste na líonraí eile a bhí i gceist.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Inis/Ennis | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.