Impireacht Ainsivíneach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilImpireacht Ainsivíneach

Suíomh
Daonra
Teanga oifigiúilSean-Fhraincis Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1154
Díscaoileadh1242
Á leanúint agRíocht na Fraince Cuir in eagar ar Wikidata

Is téarma nua-aimseartha í an Impireacht Ainsivíneach, a bhaintear úsáid as le haghaidh cur síos a dhéanamh ar chnuasach na stát a bhí, uair amháin, faoi riail na nAinsivíneach, de chuid Ríshleachta Plantagenêt.

Rialaigh na Plantagenêt thar limistéar, a shín ó na Piréiní go hÉirinn, le linn an 12ú agus an luath 13ú haois, a bhí suite ó thuaidh ó na ríochtaí Navarre agus Aragon.

Shín an "Impireacht" seo, a chéadbhunaigh Anraí Plantagenet, cúnta d'Anjou agus mar Anraí II, Rí Shasana, thar tuairim is leath den Fhrainc mheánaoiseach, Sasana uilig, agus chuid d'Éirinn.

Mar sin féin, in ainneoin méid na rialach Phlantagenêt, fuair Pilip II na Fraince de Theach na Capet an lámh in uachtar ar a mhac Eoin, Rí Shasana, a d'fhág an Impireacht scoilte ina dhá chuid, tar éis gur chailleadh cúigí na Normainne agus Anjou. Réitigh an cliseadh seo, a d'fhág na Plantagenêt i gceannas ar chríocha i Sasana agus Gascony, an cúige Francach, an comhthéacs don Chogadh Saintonge agus don Chogadh Céad Bliain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]