Iarmhairt Coriolis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Figiúr 1: San bhfráma támhúil tagartha (cuid uachtarach den phictiúr), bogann an réad dubh i líne dhíreach, gan cuimilte suntasach leis an diosca. Mar sin féin, feiceann an breathnóir, (ponc dearg) atá ina seasamh i bhfráma (neamh-támhúil) tagartha rothlach (cuid íochtarach den phictiúr) an réad ag leanúin conaire cuartha mar gheall ar na fórsaí Coriolis agus lártheifeacha i lárphointe an fhráma.

San fhisic, is éard is éifeacht Coriolis ann ná an sraonadh dealraitheach ar réad luaileacha nuair a bhfeictear orthu ó fhráma tagartha rothlach. I bhfráma tagartha le rothlú deiseal, bíonn an sraonadh ar an taobh clé de ghluaisne an réada; agus i gceann le rothlú tuathalach, bíonn an sraonadh ar dheis. Nochtaíodh an slonn matamaiticiúil d'fhórsa Coriolis i bpáipéar sa bhliain 1835 scríofa ag an t-eolaí Francach Gaspard-Gustave Coriolis i ndáil le teoiric na rothaí uisce, agus freisin i cothromóidí taoide de chuid Pierre-Simon Laplace sa bhliain 1778. Go luath sa 20ú haois, d'úsáidtí an téarma fórsa Coriolis i dtaca le meitéareolaíocht.


Fórsa agus luasghéarú coibhneasta réada atá faoi ghluaisne i dtaca leis an Domhan, de réir féachadóra ar Domhan, a tharlaíonn de bharr rothlú an Domhain.

Ainmnithe as an matamaiticeoir Francach Gustave Gaspard Coriolis (1792-1843).

Gluaiseann ponc ar dhromchla an Domhain ag an meánchiorcal níos tapa ná 40 meigiméadar (milliún méadar) gach 24 uair. Maidir le ponc ag aon domhanleithead ó thuaidh nó ó dheas, mar a bhfuil an cúrsa imlíneach gach lá níos lú ná ag an meánchiorcal, is lú a luas. Ag na Moil, níl aon ghluaisne faoi phonc.

Léiríonn gluaisne an aeir thar dhromchla an Domhain an iarmhairt seo. Nuair a ghluaiseann aer a bhí ag an meánchiorcal ar dtús ó thuaidh ar luas ard, bíonn sé ag gluaiseacht níos tapa ná dromchla an Domhain. Cuireann sé seo rothlú deisil faoin aer sa leathchruinne thuaidh, agus rothlú tuathail sa leathchruinne theas. Is mar an gcéanna do ghluaiseacht uisce.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]