Ianasóir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ianasóirí

Tá an focal úd ianasóir bunaithe ar yeniçeri na Tuircise. Is éard is brí leis an téarma sin ná "saighdiúirí nua". B'iad na hianasóirí scoth trúpaí armtha na Tuirce (is é sin, Impireacht Otamánach na Tuirce). Chuir an Sabhdán Murad I bun leis na hianasóirí timpeall na bliana 1365, agus b'é an Sabhdán Mahmud II a chuir deireadh leo mar thrúpaí. San am sin, bhí meath tagtha ar na hianasóirí go hiomlán, nó ní raibh siad ag tabhairt aire ar orduithe an tsabhdáin a thuilleadh.

Inniu, coinnítear cuimhne ar cheol máirseála na n-ianasóirí i gcónaí, nó bhain siad úsáid ar leith as na drumaí, rud a chuaigh go mór i gcion ar na ceolchumadóirí Iartharacha san ochtú haois déag.