Horst Bienek

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHorst Bienek

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith7 Bealtaine 1930
Gliwice, An Pholainn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Nollaig 1990
60 bliana d'aois
München, An Ghearmáin Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDeath from AIDS-related complications (en) Aistrigh
Áit adhlacthaOttobrunn (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí, stiúrthóir scannán, drámadóir, file, scríbhneoir scripte Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1957 –
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Ghlac sé/sí páirt i
1977Ingeborg Bachmann Award 1977 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Croineolaíocht
Vorkuta Gulag (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinhorst-bienek-archiv.gwlb.de Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0081488 Allmovie: p226732
iTunes: 610224500 Musicbrainz: a94f2752-bde3-45cb-9b9c-b6b7ae8397d8 Discogs: 1378323 Cuir in eagar ar Wikidata

Scríbhneoir Gearmánach ab ea Horst Bienek (a rugadh ar an 7 Bealtaine 1930 i nGleiwitz, inniu Gliwice sa Pholainn, agus a fuair bás ar an 7 Nollaig 1990 i München). Is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

a theach i nGliwice

Chaith Horst Bienek tús a óige i nGleiwitz (inniu: Gliwice sa Pholainn), ach nuair a tháinig deireadh leis an gCogadh, thit an chathair leis an bPolainn.

Beirlín[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1945, d'fhág an fear óg an Pholainn, agus shocraigh sé síos i mBeirlín. Ar dtús, bhí sé ag staidéar amharclannaíochta faoi stiúradh Bertolt Brecht.

Ós rud é gur minic a théadh sé ar cuairt chuig cairde i mBeirlín Thiar, nach raibh dealaithe ón Oirthear go fóill san am seo, rug na póilíní rúnda air i ndeireadh na bliana 1951, agus é á ionchúiseamh faoi spiaireacht. Ghearr binse míleata na Sóivéadach príosúnacht cúig bliana is fiche dó. Chaith sé ceithre bliana i gcampa géibhinn i Vorkuta. Ach ansin, fuair sé pardún agus cead dul ar imirce go hIarthar na Gearmáine.

Iarthar na Gearmáine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí sé ina chraoltóir don stáisiún raidió Hessischer Rundfunk agus ina eagarthóir ar an iris Blätter & Bilder. Sa bhliain 1966, chuaigh sé ag obair ina eagarthóir liteartha ag an teach foilsitheoireachta Deutscher Taschenbuch Verlag i München, áit ar fhan sé go lá a bháis.

Ós homaighnéasach gníomhach a bhí ann, buaileadh breoite é le SEIF sna 1980idí. Fuair sé bás anabaí ar an 7 Nollaig 1990 i München, agus é 60 bliain d'aois.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go ginearálta, scríobh Bienek i dteanga néata gan mórán maoithneachais, agus d'imir imeachtaí agus atmaisféar na Gearmáine sna blianta iarchogaidh an-tionchar ar a chuid scríbhneoireachta.

Thosaigh sé mar fhile liriciúil, ach is iad na húrscéalta eipiciúla faoi shaol Gleiwitz a bhreac sé síos sna seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí is mó a thabhaigh clú agus cáil dó, gan trácht a dhéanamh ar na duaiseanna liteartha.

Tháinig an t-úrscéal Die Zelle amach sa bhliain 1968. Cur síos atá ann ar a shaol i mbraighdeanas na Sóivéadach.

Na húrscéalta faoi Gleiwitz (1975-1982):

  • Die erste Polka ("An Chéad Pholca", 1975)
  • Septemberlicht ("Solas an Mheán Fómhair")
  • Zeit ohne Glocken ("An tAm gan Chloig")
  • Erde und Feuer ("Talamh agus Tine", 1982)

Is éard atá sa chéad úrscéal ná cur síos ar an lá deireanach síochána i nGleiwitz.

Sa dara húrscéal, arís, tá an cogadh tosaithe.

Sa tríú himleabhar, tá an cogadh ag dul de na Gearmánaigh, agus cloig na heaglaise á dtógáil anuas leis an miotal a leá le haghaidh an chogaidh.

Is é is ábhar don cheathrú húrscéal ná deireadh an chogaidh agus an chinniúint atá i ndán do charachtair na sraithe. Cuid acu, fanann siad sa bhaile i nGleiwitz, agus na Sóivéadaigh ag sealbhú na háite; an chuid eile, tá siad ag iarraidh éalú, ach tá sé daite dóibh bás a fháil i mbuamálacha móra Dresden.

Plaic chuimhneacháin de Horst Bienek i nGleiwitz/i nGliwice. Is é is brí leis an scríbhinn Polainnise ná:Horst Bienek, 1930-1990, scríbhneoir Gearmánach. Chaith sé na blianta 1930-45 ina chónaí sa teach seo. Chuir sé i míotar saol a chathrach dúchais, Gleiwitz, i sraith cheithre úrscéal: "An Chéad Pholca", "Solas an Mheán Fómhair", "An tAm gan Chloig", "Talamh agus Tine". Fuair sé bás sa bhliain 1990 i München.

Eile:[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Die Zelle ("An Cillín")
  • Bakunin, eine Invention ("Bakunin, nó cineál scéal cumadóireachta") - cur síos ar shaol Mikhail Bakunin, an t-ainrialaí Rúiseach, atá anseo, agus san am céanna súil chriticiúil atá ann ar mheon na n-idéalaithe óga i ndeireadh na seascaidí
  • Solschenizyn und andere ("Solzhenitsyn agus eile") - cnuasach aistí
  • Der Blinde in der Bibliothek ("An Fear Dall sa Leabharlann") - cnuasach eile aistí
  • Königswald oder die letzte Geschichte ("Königswald, nó an Scéal Deireanach" - logainm is ea Königswald a chiallaíonn Coill an Rí nó Foraois an Rí) - Cineál seachthoradh is ea é seo don tsraith faoi Gleiwitz - úrscéal faoi na himeachtaí i ndeireadh an chogaidh sa Bhoihéim (is é sin, in iarthar na Seicshlovaice, a bhí forghafa ag na Gearmánaigh). Seanmhná iad na príomhcharachtair, agus díorma de chuid an SS ag iarraidh a dteach a shealbhú le cath deireanach an éadóchais a chur ansin ar na treallchogaithe Seiceacha agus ar na saighdiúirí Sóivéadacha. Téann na seanmhná chun ceannairce agus chun cearmansaíochta ar fhir an SS, áfach, ós rud é nach dteastaíonn a leithéid de chath uathusan ar aon nós.
  • Birken und Hochöfen. Eine Kindheit in Oberschlesien ("Beithí agus Múcháin. Mo chéad óige sa tSiléis Ard").

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]