Heirméineotaic

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I staidéar creidimh agus fealsúnachta sóisialta, is éard is Heirméineotaic ann ná an staidéar ar teoiric agus ar chleachtas na hidirmhínithe nó na séimeantaice. Tagraíonn an Heirméineotaic thraidisiúnta-a fholaíonn Heirméineotaic an Bhíobla- do staidéar ar léiriú téacsanna scríofa, go háirithe i réimsí na litríochta, creidimh, agus dlí. Cuimsíonn heirméineotaic chomhaimseartha nó nua-aoiseach, ní hamháin saincheisteanna a bhaineann leis an téacs scríofa, ach gach rud sa phróiseas léirmhínitheachta. Áirítear leis seo foirmeacha briathartha agus neamhbhriathartha na cumarsáide chomh maith le réamhghnéithe a théann i bhfeidhm ar chúrsaí cumarsáide, mar shampla réamhghlacana, réamhthuiscintí, an bhrí agus fealsúnacht teanga, agus an séimeolaíocht. Tagraíonn Heirméineotaic fhealsúnach go príomha le 'teoiric an eolais' de chuid Hans-Georg Gadamer mar atá forbartha aige sa leabhair Wahrheit und Methode (Gaeilge: Fírinne agus Modh), agus uaireanta le Paul Ricoeur. Tagraíonn an Heirméineotaic chomhsheasmhacht do théacsanna a anailísú le haghaidh míniúcháin chomhleanúnaigh.