Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gé Cheanadach (Branta canadensis)

Is ainm coitianta a thugtar ar éin uisce áirithe san fhine Anatidae é ,[1]. Is éin mhóra iad a fheidhmíonn níos mó ar talamh ná na healaí is na lachain, agus a chuimsíonn an chuid eile den fhine.[2]grúpa tacsanomaíochta iad na géanna.

Coinnítear an ghé mar éan clóis ach tá géanna fiáine ann freisin.

Tá dhá ghéineas d'fhíorghnéanna ann: Anser (na géanna liatha agus bána) agus Branta (na géanna dubha), cé nach dtugtar "gé" ar gach uile speiceas sna géinis seo; mar shampla, is é “cadhan” an gnáthainm ar Branta bernicla agus is é “néné” an t-ainm ar Branta sandvicensis. Tá na fíorghnéanna gaolta leis na healaí, a bhíonn níos mó ná iad, agus na lachain, a bhíonn níos lú.

Úsáidtear an téarma “gé” ar roinnt speiceas eile, an chuid is mó acu ón Leathsféar Theas — baill den fhofhine Tadorninae (na seil-lachain).

Speicis roghnaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lachain agus géanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an lacha agus an ghé cosúil lena chéile freisin. Tá goba ag an dá cheann acu a ligeann dóibh bia difriúil a ithe. Cabhraíonn gob na lachan léi nuair a bhíonn sí ag lorg bia san uisce agus ligeann gob na gé di féar a phiocadh suas. Tá cosa scamallacha ag an lacha agus ag an ngé agus cabhraíonn siad leo bheith ag snámh.[3]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "An Foclóir Beag: géanna" (en). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2021-11-11.
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" Coiscéim. 
  3. agriaware.ie. "Bia ón bhfeirm". Dáta rochtana: 2023.