Gás

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Staid damhna is ea gás, ina bhfuil mí-ord ar na hadaimh (nó na móilíní), iad scoite óna chéile, an-soghluaiste, gan idirghníomhú gur fiú trácht air.

Bíonn an dlús íseal (timpeall an 1000ú cuid de dhlús solaid) agus an inchomhbhrúiteacht ard. In ann sreabhadh go héasca.

Líonann sé an soitheach iata ina bhfuil sé. Athraíonn gach damhna ina ghás nó ina ghal ach an teocht a ardú a dhóthain.

Gáis nach n-imoibríonn le chéile, déanann siad meascán aonchineálach, is cuma cén chomhréir díobh atá ann.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gás". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 306.