Grianghrafadóireacht dhigiteach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá córais ar fáil anois chun íomhá dhaite a ionchur i ríomhaire agus an iliomad feidhmeanna is próiseas a chur i gcrích uirthi trí bhíthin bogearraí. Tiontaítear gach fo-ghné den phictiúr (picteilín) ina uimhir dhigiteach, agus an uimhir sin is a hionad nó a sheoladh sa phictiúir coimeádta sa chuimhne. Ina dhiaidh sin is féidir pictiúir a athcheapadh, pictiúir éagsúla a chumascadh (mar shampla, duine a shuíomh in aon chúlra is mian), seanphictiúir a cheartú is a fheabhsú, na dathanna a athrú, agus a lán eile ach cnaipí a bhualadh nó, ar a mhéid, bogearraí cuí a scríobh. Níl de theorainn leis na féidearthachtaí ach samhlaíocht an úsáideora. Is féidir torthaí na bpróiseas seo a thaispeáint ar mhonatóir daite, agus tá printéirí daite le fáil freisin chun na torthaí a sholáthar ar páipéar.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Grianghrafadóireacht dhigiteach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 333.

{{DEFAULTSORT:Grianghrafadoireacht dhigiteach