Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhrán Éireannach leis an gceoltóir Proinsias Ó Maonaigh is ea Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Scríobh Ó Maonaigh an t-amhrán faoina bhaile dúchais, Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall.

Liricí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Céad slán ag sléibhte maorga chontae Dhún na nGall
Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd, ina stua(í) os cionn caor 's call
Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich, go ciún sa ghleann ina luí
I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair,
is beag nár bhris mo chroí.
Ag taisteal dom amach tríd chnoic Ghleann Domhain, 's an Mhucais ar mo chúl
Ní miste domh 'rá le brón 's le crá, ghur fhreasach a shíl mise súil
Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór
D'fhág mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall,
's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin
Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall, a thiomáin mé i gnéill
B'é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stór
'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil,
fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál
'S do d'fheara bréa in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall
Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi, 's gach páiste beag agus mór
Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim,
fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

"Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair" ar IrishSongs.com Curtha i gcartlann 2009-01-22 ar an Wayback Machine