Gleannta Aontroma

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachGleannta Aontroma
Íomhá
CineálGleann Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae Aontroma, Northern Ireland Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 55°10′N 6°06′W / 55.16°N 6.1°W / 55.16; -6.1

Tá naoi ngleann i nGleannta Aontroma, nó i nGlinntí Aontroma, mar a fhuaimnítear an logainm i gcanúint an tuaiscirt. Tá siad suite in oirthuaisceart an chontae, ar an gcósta thoir, in Ultaibh. Tagann go leor turasóirí go dtí na gleannta, ó tá an ceantar ag cur thar maoil le cuimhní na staire Gaelaí, agus tírdhreach cuidsúlach le feiceáil ansin. Níl an Ghaeilge chomh beo agus a bhí sí tráth den tsaol, ach faoin am ar bunaíodh Conradh na Gaeilge, bhí cuid mhaith cainteoirí líofa dúchais fágtha sna Gleannta go fóill, agus d'fhoghlaim daoine de sheanfhondúirí an Chonartha an teanga ansin. Is é Baile an Chaistil an áit is láidre ó thaobh na Gaeilge de ar na saolta seo. Tá Naíscoil agus Gaelscoil ann anois, agus neart imeachtaí, ranganna Gaeilge agus araile ar fáil sa sráidbhaile. Bhí Feis na nGleann ag cur na Gaeilge chun cinn go láidir uair den tsaol, ach inniu, is mó a dhíríonn an Fheis ar chúrsaí staire na háite, in áit an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga phobail.

Tá an ceol traidisiúnta fairsing sna Gleannta. Ar aon leis an nGaeilge, tá an ceol ag fás arís, ar an ábhar go bhfuil daoine óga ag cur spéise ann. Feictear ainmneacha na ngleannta scríofa thíos, ón tuaisceart go dtí an deisceart: