Glacaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Comhbhall lárnach trealaimh chun fuaim thaifeadta ar dhioscaí a atáirgeadh, a chuimsíonn stíleas, cartús is starrmhaide an ghramafóin nó an chaschláir. Malartaítear na droimneachtaí sa chlais ar an diosca chuig creathanna an stílis. Iompraíonn an starrmhaide éadrom docht na creathanna seo don chartús, a mhalartaíonn iad ina chomhartha leictreonach a théann don aimplitheoir agus uaidh sin don challaire. Nuair a saothraíodh dioscaí fadsheanma is taifeadadh steireafónach (le droimneachtaí níos fíneálta i gclaiseanna níos caoile) bhí gá le stílis diamaint le bioranna níos míne.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Glacaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 319.