Giúrann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGiúrann
Cirripedia Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
ForíochtEumetazoa
FíleamArthropoda
FofhíleamCrustacea
ForaicmeMulticrustacea
Fo-aicmeCirripedia Cuir in eagar ar Wikidata
Burmeister, 1834
Baineann an t-alt seo leis an gcrústach; má tá suim agat sa géineas débhlaoscach a thochlaíonn adhmad, ar a dtugtar “giúrann” freisin, féach Teredo.

Crústach muirí a chónaíonn lena bhun greamaithe le foshraith chrua nó orgánach eile is ea giúrann.[1][2] An cholainn imchlúdaithe i sliogán, déanta as plátaí cailcreacha. De réir cineáil, itheann sí trí bhia a scagadh as an uisce le géaga tóracsacha oiriúnaithe (cirri). Níos mó ná 1,000 speiceas, a fhaightear i ngach áit ón gcrios idirthaoide go dtí an fharraige dhomhain. Cuid acu seadánach ar phortáin.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “barnacle” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-03.
  2. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “barnacle — Aistriúchán Gaeilge ar barnacle (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-03.
  3. Hussey, Matt (2011). "Giúrann". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 319.