Giniúint leictreachais

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Turbaighineadóir

Is éard is giniúint leictreachais ann ná an próiseas a ghineann cumhacht leictreach ó fhoinsí de phríomh fhuinneamh. Le haghaidh na bhfóntas leictreachais, is é an chéad phróiseas i soláthar leictreachais do thomhaltóirí. Na próisis eile mar atá tarchur, dáileadh, stóráil fuinnimh agus aisghabháil ag baint úsáide as modhanna taiscthe caidéalaithe, cuirtear i gcrích de ghnáth ag an earnáil cumhachta leictreachais.

Go minic, gintear leictreachais ag stáisiún cumhachta trí ghineadóirí leictrimheicniúla, go príomha tiomáinte ag teasinnill tiomáinte le dócháineamhnú núicléach, ach freisin, trí mhodhanna eile ar nós an fhuinnimh chinéitigh ó shileadh uisce agus gaoth.

Léaráid de córas soláthair leictreachais, córas giniúna i ndearg

Tá foinsí fuinnimh eile san áireamh freisin, a mhacasamhail agus grianchealla fótavoltacha agus fuinneamh geoiteirmeach.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fionn an t-eolaí Michael Faraday na prionsabail bhunúsacha a bhain le leictreachais a ghiniúint, le linn na 1820idí agus 1830idí. Úsáidtear an modh seo fós sa lá atá inniu ann: gintear leictreachas i ngineadóir.

Cineál modhanna giniúna leictreachais sna Stáit Aontaithe, sa bhliain. 2014.[1]

Séard is gineadóir ann ná maighnéad teannta chuig slat laistigh de chorna de shreangáin nó diosca copair. Nuair a castar an slat gintear sruth leictreach sna sreangáin. 

D'éirigh cumhachtstáisiúin lárnacha inmharthana ar bhonn eacnamaíoch le forbairt tarchuir chumhachta trí tsrutha ailtéarnaigh, ag baint úsáide as claochladáin chumhachtaí chun cumhachta a tharchur ag voltas ard agus caillteanas.íseal. Ghintí leictreachas ag stáisiúin lárnacha ón bhliain 1882 ar aghaidh.

Bhíodh na chéad  stáisiúin chumhachta ar siúl ar chumhacht uisce  nó guail, An chéad stáisiúin chumhachta [2] agus sa lá atá inniu ann bíonn siad ag brath den chuid is mó ar ghual, breosla núicléach, gás nádúrtha, hidrileictreachas gineadóirí gaoithe, agus peitriliam, le méideanna forlíontacha ó fhuinneamh na gréine, chumhacht na taoide, agus fhoinsí gheoiteirmeacha.

Foinsí leictreachais sa Fhrainc i 2006; B'é cumhacht núicléach an phríomhfhoinse.

Chuaigh úsáid línte cumhachta agus cuaillí cumhachta go mór chun sochair, i ndáileadh leictreachais.

Modhanna giniúna leictreachais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá seachtar modhanna bunúsacha le haghaidh cineálacha fuinnimh eile a athrú go díreach go fuinneamh leictreach.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]