Gearóid de Barra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGearóid de Barra
Beathaisnéis
Breith17 haois
Bás1647
Gníomhaíocht
Gairmsaighdiúir Cuir in eagar ar Wikidata
Léigear Breda 1624. (Jacques Callot a rinne.)

Saighdiúir de chuid an 17ú haois ba ea Gearóid de Barra (d’éag 1647). Rugadh é i gContae Chorcaí agus, ar nós a lán fear eile den uasaicme Chaitliceach, chuaigh sé ag saighdiúireacht thar lear. D’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1641 agus chuaigh i ngleic ann le fórsaí Pharlaimint Shasana, ach ní raibh rath air ina thír féin.

Beatha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fear misniúil ba ea an Barrach agus é an-cleachtach le gnóthaí cogaíochta. Rinne sé seirbhís sa reisimint Éireannach in Arm na Spáinne i bhFlóndras ar feadh beagnach tríocha bliain agus é ag troid in aghaidh Chúigí Aontaithe na hÍsiltíre. Rinne sé gaisce ag léigear Breda (1624-5). Bhí sé ar dhuine de na seacht gcoirnéal a cuireadh chun na hÉireann i samhradh na bliana 1641 chun saighdiúirí a earcú do Rí na Spáinne. Thóg sé reisimint míle fear a bhí le cur chun farraige ag Cionn tSáile i gContae Chorcaí, ach dhiúltaigh an rialtas ligean dóibh imeacht.[1]

Bhí sé meánaosta faoin am ar bhain sé Éire amach arís, agus dealraíonn nach raibh meas ag a lucht aitheantais in Éirinn ar a dhreach: chuir duine amháin síos air mar fhear a bhí “very homely and despicable” i gcosúlacht.[2] Ba Ríogaí é, agus deireadh sé, más fíor: “the puritanes of England have mightily abused the king...”.[3]

D'éirigh na hÉireannaigh amach sa bhliain 1641, agus chuaigh de Barra i bpáirt le Lucht na Comhdhála. Ceapadh é mar ghinearál ar fhórsaí an Chomhcheangail i gCúige Mumhan. Rinne sé ar Luimneach sa bhliain 1642 agus chuidigh Caitlicigh na cathrach leis Caisleán Rí Eoin, áit a raibh slua Protastúnach, a ghabháil. Thochail sé faoi na ballaí agus bhain tairbhe as snípéirí nó gur ghéill an namhaid, agus drochbhail orthu faoin am sin. Ligeadh don fhuíoll dul chun Baile Átha Cliath.[4]

Caisleán Rí Eoin, agus Droichead Thuamhumhan lena ais

Is beag rath a bhí ar de Barra ina dhiaidh sin. Theip air Corcaigh a ghabháil agus scaipeadh a chuid saighdiúirí ag Cath Lios Cearúill. Bhain sé seo dá chlú agus is beag a rinne sé sa chogadh as sin amach. Dúradh faoi: “for being naturally lesse quicke, and accustomed to the warre of Flanders, where all engines and all provisions attend almost inseparably upon the enemy, he was now to follow the motions of an active warre...”.[5]

Fuair sé bás i Luimneach sa bhliain 1647.[6]

A Discourse of Militarie Discipline (1634)[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'údar míleata é de Barra, agus a lán leabhar ar fáil óna lámh faoi thraenáil agus stiúradh saighdiúirí. Tháinig A Discourse of Militarie Discipline amach sa bhliain 1634 agus tíolacadh é do Dháithí de Barra, Iarla Bharrach Mór. Cuireadh i gcló sa Bhruiséil é agus é á dhíol ag díoltóirí leabhar Pléimeannacha.

Cuireann sé síos sa leabhar ar dhualgais na saighdiúirí singile agus na n-oifigeach, ar na bealaí chun iad a eagrú chun cogaidh, agus ar na daingnithe agus na hairm a úsáidtear le haghaidh léigir.

Molann sé go mbeadh an caidreamh ceart ag na hoifigigh agus ag a gcuid fear ar a chéile, agus go mbeadh a gceart de dhídean, d’éide agus de bhia ag na fir. B’fhuath leis an easpa smachta a bhí ar shaighdiúirí Spáinneacha agus eile, agus deir sé gur féidir na deacrachtaí seo a shárú “by onely manteyninge their people wel exercised in armes and practice of war, when a regimente dothe marche some times great disorderes are comitted, the Souldiers runninge away from the culores, robinge and spoylinge the country...”.[7]

Molann sé go mbeadh eolas ag saighdiúirí ar an stair agus ar an gcomhaireamh, ach nach foláir dóibh i gcónaí a gcuid scileanna saighdiúireachta a chleachtadh.

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Wiggins, lch 57.
  2. .Luaite in Wiggins, lch 57.
  3. .Luaite in Wiggins, lch 57
  4. Wiggins, lch 157 agus ar aghaidh: ‘Climax and Capitulation’.
  5. Wiggins, lch 58.
  6. Féach Bellings.
  7. Luaite in Lawrence, lch 214.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bellings, Richard (eag. John Thomas Gilbert 1973). History of the Irish Confederation and the War in Ireland, 1641-1649. AMP Press. ISBN 978-0-404-02840-4
  • Lawrence, David R. (2009). The Complete Soldier: Military Books and Military Culture in Early Stuart England, 1603 – 1645. Leiden: Brill. ISBN 978-90-04-17079-7