Gearradh Caesarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Baint an fhéatais ón mbroinn trí obráid máinliachta. Déantar é nuair a bhíonn baol ann go ndéanfadh luí seoil is breith normálta trí chanáil na faighne damáiste suntasach don mháthair nó an féatas. Mar shampla, má bhíonn bac ar an luí seoil, é ar siúl rófhada gan leathadh an cheirbhics, hipirtheannas na máthar dosmachtaithe, nó an soláthar fola don fhéatas lagaithe, déantar gearradh sa bholg íochtarach agus tógtar an féatas amach tríd. Ainmnithe as Iúl Caesar, mar deirtear gur mar seo a rugadh é féin (bíodh is nach bhfuil fianaise ar bith air).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gearradh Caesarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 310.