Gaiméitifít

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An ghlúin ghnéasach i mbeatha planda, an ghlúin haplóideach mar a dtáirgtear na gaiméití. Is í seo an chuid is mó de bheatha na n-algaí is na gcaonach. Is cuid bheag í de bheatha na raithní, mar a mbíonn na gaiméití saor ón bplanda, agus de bhrí go dtriomaíonn siad go héasca, is fearr dóibh gnáthóg fhliuch. Maidir le plandaí bláfara, is iad feadán na pailine agus sac an tsutha a sheasann don ghaiméitifít.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Gaiméitifít". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 299.