Gabhlán creige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoGabhlán creige
Ptyonoprogne Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
FineHirundinidae
GéineasPtyonoprogne Cuir in eagar ar Wikidata
Reichenbach, 1850
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceithre speiceas d'éin bheaga pasaireacha iad na gabhláin créige sa ghéineas Ptyonoprogne den fhine Hirundinidae. Is iad; an gabhlán creige Eoráiseach (P. rupestris ), an gabhlán creige bán (P. obsoleta), an gabhlán carraige (P. fuligula ) agus an gabhlán creige breacdhorcha (P. concolor ). Tá dlúthbhaint acu lena chéile, agus roimhe seo measadh uaireanta gur speiceas amháin iad. Tá dlúthbhaint acu le na Hirundo (na fáinleoga sciobóil) agus cuireann údaráis áirithe iad sa ghéineas sin. Is fáinleoga beaga iad seo le codanna uachtaracha donn, na codanna íochtaracha níos gile gan banda cíche, agus eireaball cearnach le paistí bána. Is féidir iad a idirdhealú óna chéile ar mhéid, dath na gcodanna uachtaracha agus na gcodanna íochtaracha, agus mionsonraí cluimhrí cosúil le dath na bpíob. Tá siad cosúil leis an gabhlán gainimh, ach tá siad níos dorcha faoi bhun, agus easpa banda cíche acu.

Is speicis iad seo de ghnáthóga sléibhtiúla craragacha, cé go mbíonn na trí cinn ina gcónaí go minic in áitribh dhaonna freisin. Tá gabhlán carraige na hAfraice agus gabhlán creige breacdhorcha na hÁise Theas cónaitheach, ach is imirceach páirteach é an gabhlán creige Eoráiseach; is cónaitheoirí den chuid mó iad na héin atá ag pórú i ndeisceart na hEorpa, ach is imirceoiríiad roinnt póraitheoirí tuaisceartacha agus an chuid is mó d'éin na hÁise, ag geimhriú i dtuaisceart na hAfraice nó san India. De ghnáth ní chruthaíonn siad coilíneachtaí móra pórúcháin, ach tá siad níos tréadúla lasmuigh de shéasúr an ghoir. Tógann na gabhláin seo neadacha néata láibe faoi aillte crochta nó i scáintí sna sléibhte, agus tá siad oiriúnaithe go fonnmhar do na haillte saorga a sholáthraíonn foirgnimh agus droichid mhótarbhealaigh. Is féidir suas le cúig ubh, bán le balscóidí dorcha ag an taobh níos leithne, a leagan, agus tá an dara baisc uibheacha coitianta. De ghnáth, itheann na gabhlain Ptyonoprogne feithidí a ghabhtar ar eitilt, agus téann siad ar patról in aice leis an suíomh pórúcháin le heitilt mhall fiaigh agus iad ag iarraidh a gcreach a fháil. Féadfaidh fabhcúin iad a fhiach agus féadfaidh siad a bheith ionfhabhtaithe le fíneoga agus le dreancaidí, ach ciallaíonn a raonta móra agus a ndaonraí móra nach meastar go bhfuil aon cheann de na gabhláin seo faoi bhagairt, agus go bhfuil siad go léir rangaithe mar 'Speiceas is lú imní' ar Liosta Dearg an AICD.

Tacsanomaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is iad na ceithre speiceas Ptyonoprogne an gabhlán creige Eoráiseach (P. rupestris) curtha síos mar Hirundo rupestris ag an nádúraí Iodálach Giovanni Antonio Scopoli sa bhliain 1769, an gabhlán creige bán (P. obsoleta), curtha síos ag Jean Cabanis i 1850, an gabhlán creige carraige (P. fuligula), curtha síos ag an zó-eolaí Gearmánach Martin Liinty i 1842, agus an gabhlán creige breacdhorcha (P. concolor) curtha síos go foirmiúil i 1832 mar Hirundo concolor ag an saighdiúir Breatanache agus an t-éaneolaí William Henry Sykes. D'aistrigh an t-éaneolaí Gearmánach Heinrich Gustav Reichenbach iad chuig an ngéineas nua Ptyonoprogne sa bhliain 1850. Díorthaítear ainm an ghéinis ó ghéineas ptuon (πτύον), "fean", ag tagairt do chruth an eireabaill oscailte, agus Procne (Πρόκνη), cailín miotaseolaíoch a ndearnadh fáinleog di. [1]

Liosta na speiceas de chuid an ghabhláin chreige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gnáthainm Ainm eolaíoch Stádas Liosta Dearg AICD Dáileachán Pictiúr
Stádas Treocht Daonra
Gabhlán creige Eoráiseach Ptyonoprogne rupestris
(Scopoli, 1769)
Teimpléad:IUCN status[2] Steady 1,200,000 - 2,299,999
Gabhlán creige bán Ptyonoprogne obsoleta
(Cabanis, 1850)
Teimpléad:IUCN status[3] Increase
Gabhlán creige carraige Ptyonoprogne fuligula
(Lichtenstein, 1842)[4]
Teimpléad:IUCN status[5] Steady
Gabhlán creige breacdhorcha Ptyonoprogne concolor
(Sykes, 1832)
Teimpléad:IUCN status[6] Increase

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Crag Martin Ptyonoprogne rupestris [Scopoli, 1769]". Bird facts.
  2. Teimpléad:Cite iucn
  3. Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Retrieved 20 November 2012.
  4. Lichtenstein, Martin (1842). "Verzeichniss einer Sammlung von Säugethieren und Vögeln aus dem Kaffernlande, nebst einer Käffersammlung [Directory of a collection of mammals and birds from the Kaffir country]" (as de). Berlin: Royal Academy of Sciences. 
  5. Teimpléad:Cite iucn
  6. Earráid leis an lua: Invalid <ref> tag; no text was provided for refs named birdlifedcm