Fótaisintéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Fótaisintéis

Is éard is fótaisintéis[1] (ón nGréigis φώτο-[foto], "solas", agus σύνθεσις-[sýnthesis] "sintéise") ann ná an próiseas a athraíonn dé-ocsaíde carbóin go dtí comhdhúile orgánacha, go háirithe siúcraí, ag baint úsáide as fuinneamh ó sholas na gréine. Tarlaíonn fótaisintéis i bplandaí, algaí, agus go leor speiceas de na baictéir, ach ní sna haircéigh. Tugtar fóta-uatrófaigh ar orgánaigh fótaisintéiseacha, toisc gur féidir leo a gcuid bia féin a chruthú. I bplandaí, in algaí, agus i gcianbhaictéir, úsáidtear dé-ocsaíd charbóin agus uisce sa phróiseas seo, agus scaoiltear ocsaigin mar tháirge dramhaíola. Bíonn an fhótaisintéis ríthábhachtach don bheatha ar an domhan.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fótaisintéis” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-01-17.