Fuíoll núicléach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Nuair a ídítear breosla núicléach in imoibreoir núicléach—is é sin, nuair a eamhnaítear an t-úráiniam-235—bíonn iseatóip éagsúla fhíor-radaighnaíomhacha the fágtha. Is fotháirgí iad seo ar an bpróiseas uile a bhíonn i gceist le giniúint cumhachta leictrí núicléiche agus déanamh buamaí núicléacha. Tá an radaíocht a thagann ó na fotáirgí seo an-bhaolach do dhaoine is aon neach beo, agus leanann an baol ar feadh na gcéadta nó fiú na mílte bliain. Níl aon réiteach sásúil ar conas an t-ábhar radaighníomhach seo a chur de láimh. Díreach tar éis an breosla ídithe a bhaint as an imoibreoir, déantar é a stóráil ar an láithreán, gar don imoibreoir. Sna tíortha núicléacha go léir, tá níos mó ná 100,000 tonna den ábhar seo stóráilte faoi seo, agus is cúis agóide ar fud an Domhain é. In áiteanna ar leith, mar Sellafield Shasana, déantar athphróiseáil ar an bhfuíoll núicléach chun ábhar athinúsáidte a thógaint amach as agus an fuíoll is baolaí a thiubhú. Rangaítear an fuíoll seo i 3 leibhéal: íseal, meánach, is ard. I láthair na huaire, cuirtear an fuíoll íseal-leibhéil is meánleibhéil i gclaiseanna sa talamh, mar shampla i nDrigg gar do Sellafield agus mianaigh thréigthe salainn sa Ghearmáin. Maidir leis an ábhar ardleibhéil, coinnítear in umair cruach domheirgthe a bhíonn fuaraithe an t-am ar fad é. Is stóráil ghearrthéarmach í seo, agus tá taighde ar siúl ar ghloiniú (an fuíoll a dhlúthú is a ghabháil i ngloine) agus na bloic gloine a stóráil faoi ghrinneall na farraige nó a dhumpáil i dtolláin ollmhóra go domhain faoin talamh, mar réiteach fadtéarma. Ach níl glactha go forleathan leis na réitigh seo de bhrí go bhfuil eagla ar dhaoine go n-éalóidh cuid den ábhar baolach amach sa bhithsféar amach anseo.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuíoll núicléach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 296.