Fuaimniú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas ina n-athraítear an aershreabh os cionn na larainge chun raon fuaimeanna urlabhra a chruthú. Osclaíonn na gialla oiread éigin, déanann an teanga tadhall leis an gcarball ag ionaid éagsúla eile sa bhéal, agus is féidir na liopaí a dhéanamh cruinn nó spréite. Rangaítear fuaimeanna de réir ionad an fhuaimnithe (mar shampla, an chuid den charball mar a ndéanann an teanga tadhall) agus modh an fhuaimnithe (mar shampla, sreabhadh an aeir go saor chun guta a dhéanamh, nó bac a chur leis an aershreabh le consan a dhéanamh).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fuaimniú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 293.