Frank Lloyd Wright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaFrank Lloyd Wright

(1926) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Franklin Lincoln Wright
8 Meitheamh 1867
Richland Center, Wisconsin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás9 Aibreán 1959
91 bliana d'aois
Phoenix, Arizona Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisAimhréidhí máinliachta
Áit adhlacthaTaliesin West Burial Site (en) Aistrigh (1985–)
Unity Chapel Cemetery (en) Aistrigh (1959–1985) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn tÚinitéireachas
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Wisconsin–Madison
Madison Central High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibreAiltireacht
Gairmailtire, scríbhneoir, pleanálaí, dearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1893 –  1959
FostóirThe New School Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Mac/iníon léinn de chuidLouis Henry Sullivan
Mac/iníon léinnGira Sarabhai (en) Aistrigh
TeangachaBéarla
GníomhaireArtists Rights Society
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
CéileOlgivanna Lloyd Wright
Catherine Tobin Wright
Miriam Noel Wright Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMamah Borthwick Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn Lloyd Wright
 ( Catherine Tobin Wright)
Iovanna Lloyd Wright
 ( Olgivanna Lloyd Wright)
Lloyd Wright
 ( Catherine Tobin Wright)
Catherine Dorothy Wright
 ( Catherine Tobin Wright) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairWilliam Carey Wright  agus Anna Lloyd Jones Wright
SiblínMaginel Wright Enright
Croineolaíocht
15 Lúnasa 1914Eirleach Teliesin Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

IMDB: nm0942394 Facebook: FrankLloydWrightFanPage Musicbrainz: ca0f11cc-b769-4db7-8254-e4f1aec4ba81 Discogs: 2986443 Find a Grave: 1129 Cuir in eagar ar Wikidata
Stampa, 1966

Bhí Frank Lloyd Wright (8 Meitheamh 18679 Aibreán 1959) ar cheann dos na hailtirí ba cháiliúla agus ba mhó tionchar sa domhan. Bhí gníomhréim Wright chomh fada agus rathúil sin, leis an oiread sin stíleanna difriúla, go raibh a shaol mar aon le sraith gluaiseachtaí in áit saol fear amháin. An fachtóir coitianta leis na stíleanna uilig seo ná, dar le Wright, go raibh siad uilig forbairt den stíl orgánach. Bhí sár-tionchar aige ar ailtireacht Mheiriceá agus b'é gan dabht, an t-ailtire Meiriceánach ba cháiliúla riamh.

Teach Winslow i River Forest

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar mhac de mhinistir Baisteach agus de mháthair ón Bhreatain Beag, chaith Wright a lán dá shaol luath ar fheirm a uncail i Madison, Wisconsin. Ba bheag oideachas foirmeálta a bhí ag Wright ach léigh sé go forleathan, mar shampla téacsanna de chuid Ruskin agus Emerson ach go háirithe. Bhí tionchar mór ag scríbhneoireacht Emerson ar, ach go háirithe an bhéim a chuir sé ar féinspléachas, soirbheachas agus aonaracht.

Warren Hickox, Kanake

Tús a ghníomhréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad comhlacht inar oibrigh Wright ná oifig Joseph Lyman Silsbee, sa bhliain 1887 ach go gairid ina dhiaidh sin d'aistrigh sé chuig Sullivan & Adler, áit ar obair sé ar an foirgnimh amharclann Chicago. Bhí sár-thionchar ag an oifig sin ar obair Wright ach go háirithe os rud é go raibh ailtireacht orgánach i mbéal forbartha ag Sullivan.

Home in a Prairie Town

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

An chéad teach a thóg sé ná teach dó féin agus a chéad bhean chéile in Oak Park, Chicago, i 1889. Ba shampla é seo den 'stíl seangáin' le gnéithe Seapánacha caite isteach.

In a dhiaidh sin do thóg sé Teach Winslow i River Forest, Illinois (1893). Mar chodarsnacht bhí sé seo mar bosca siméadrach agus tógtha le brící agus terracotta.

Frank Lloyd Wright, stíl Prairie, Marysville

Sa bhliain 1893 caitear amach as oifig Sullivan é toisc go raibh sé ag obair ar coimisiúin príobháideach. Tar éis seo thosaigh sé i ndáiríre ag forbairt a stíl fhéin. Chuir sé an-bhéim ar geoiméadracht, soiléireacht agus comhsheasmhacht, le phlánaí agus gnéithe trasnacha. Cé gur thóg sé ón stíl scaineagán ('shingle style') níor bhac sé le simléir ard agus na gnéithe sin. Ionad sin chuir sé béim ar néithe cothromáinta, fada, gan íad a bheith idirscortha le fuinneoga agus doirse is na gnéithe sin.

Tá a stíl seo le shonrú i Teach Warren Hickox, Kanake, Illinois. Glaoitear an Stíl Féarthalamhach ('Prairie style') ar seo as ocht alt a scríobh Wright i 1901 sa Ladies' Home Journal faoin cheannteideal 'Teaglach i mbaile féarthalamhach' ('A Home in a Prairie Town'). Dar leis an alt, d'fhéadfadh teach mar seo bonnchló le foirm 'X', 'T', nó 'L', leis an féidireacht do leibhéil scartha agus seomra suí de airde dúbalta.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]