Fisic atmaisféarach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feidhmiú phrionsabail na fisice ar na cisil gáis a thimpeallaíonn na pláinéid, atmaisféar an Domhain go príomha. Néal dinimiciúil atá san atmaisféar, timpeall 5 × 1015 tonna gáis. Laghdaíonn an teocht leis an airde, go dtí -100 °C ag an méiseastad timpeall 80 km suas, ach méadaíonn sí leis an airde ina dhiaidh sin, go dtí timpeall 1200°C ag 600 km. Téann radaíocht na Gréine dromchla an Domhain, rud a théann an t-aer, a ghluaiseann ansin trí chomhiompar. Tarlaíonn gaotha is aistriú teasa ar an dóigh seo. Leis seo agus iarmhairt Coriolis, cruthaítear mórphatrúin gaoth sna trádghaotha is na frith-thrádghaotha. Cuireann rothlú an Domhain tús le taoidí sa bhfarraige leachtach, scairdsruthanna san atmaisféar, agus athruithe teochta is brú ann. Tagann ionsú radaíocht na Gréine agus athradú radaíochta ón Domhan san áireamh chun cothromaíocht ghinearálta fuinnimh a imchoimeád. Athruithe sa chothromaíocht seo is bun leis an bhforthéamh domhanda. Cruthaíonn gathanna cosmacha, gáma-ghathanna, X-ghathanna, agus radaíocht ultraivialait a imbhuaileann leis an atmaisféar uachtarach cisil ian ansin. Tagann an t-ianaisféar i gceist i gcúrsaí raidió. Tagann na hiain seo faoi iarmhairt réimse maighnéadach an Domhain freisin. Luchtaítear barr na scamall go dearfach, ritheann sruthanna ón Domhan go dtí bun diúltach na scamall mar thintreach, agus ritheann sruthanna ó na scamaill suas isteach san ianaisféar. Cruthaítear galuisce san atmaisféar, agus filleann an t-uisce don talamh trí chomhdhlúthú is deascadh. Tagann na hidirghníomhuithe ceimiceacha is fisiciúla seo isteach sa mheitéareolaíocht, míniú an ídithe sa chiseal ózóin, agus tuiscint an fhorthéimh dhomhanda.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fisic atmaisféarach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 272.