Fiannaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Musée Ingres-Bourdelle -Aisling Oisin, 1813 - Ingres - Joconde06070001439

I Miotaseolaíocht na nGael, is éard atá san Fhiannaíocht ná an chraobh den scéalaíocht dhúchasach a phléann le Fionn mac Cumhaill agus na Fianna. An chraobh is bisiúla díobh uile. Téann na scéalta seo i bhfad siar i seanchas agus i litríocht na nGael agus tá siad ar eolas ó Éirinn agus ó Albain. Tá roinnt iarsmaí ar eolas ó Oileán Mhanann chomh maith. Bhíodh an-chion go deo ag Ghaeil ar na scéalta fiannaíochta ar feadh breis agus míle bliain agus d’fhág siad a rian ar an teanga le nathanna ar nós ‘cothrom na Féinne.’ Is cosúil gur tháinig fás ar an seánra i dtréimhse na Meán-Ghaeilge (900-1200AD). I dteannta na scéalta bhíodh dánta Fiannaíochta thar a bheith coitianta. Bhídís scríofa i meadaracht ar leith agus thugtaí Laoithe orthu. Dhéantaí iad a chantaireacht síos go dtí ár linn féin.

Achoimrí na bpríomhscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Cormac mac Airt, Ard-Rí na hÉireann na Fianna ar bun, comhghuaillíocht clann um an ríocht a chosaint. I measc na bhFiann, bhí forlámhas ag Clan Bascna i gceannas Cumhaill, agus Clan Morna i gcruachás Goill, agus ag Liath Luachra an cisteoir. I rith Chath Cnucha, mharaigh Morna Cumhall, agus goideadh ciste taisce Chlainne Bhascna. Theith bean chéile Chumaill, Muireann, agus thug sí mac ar an saol, darb ainm Deamhna, a tógadh faoi chúram bheirt bhanghaiscíoch, Liath agus an bandraoi Bodhmall. Phós Muireann an rí Chiarraí.

Fionn ag fás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Macgnímartha Finn

Tugadh an t-ainm Fionn do Dheamhna de bharr a chuid gruaige. A luaithe is a tháinig sé in aois, d'imigh leis chun díoltas a bhaint. Mharaigh sé Liath Luachra, agus fuair sé an ciste taisce arís, a thug sé ar ais do fuíoll an áir ag Cath an Chnoic. Agus é faoi theagasc an fhile Finn Eces, trí thimpiste d'ith sé blas den Bradán feasa. Glacadh leis i gcúirt an Ard-Rí ag Teamhraigh isteach, tar éis a éirí leis i dtrí thriail dhiana, agus rinneadh ina cheannaire na clainne Bascna.

Fionn agus Aillen[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gach Samhain, chuirfeadh an scál Aillen mac Midgna sceon i lucht Teamhrach, ag seinm ceoil ar a chláirseach a mhealladh gach gaiscíoch ina chodladh. Mharaigh Fionn an scál ag coinnigh féin ina dhúiseacht ag ionanálú nimhe óna shleá. Mar chúiteamh, rinneadh Fionn ina cheannaire na bhFiann in ionad Ghoil, arbh éigean dó mionn dílseachta a thabhairt d'Fhionn.

Fionn agus Sadhbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Fionn ag seilg oisín, ach níor lig dá chúnna, Bran agus Sceolang, é a mharú. An oíche úd, ag Dún Aillen, d'iompaigh sí ina bean álainn, Sadhbh, a rinne an drochdhraoi Fear Doirche ina fia í. Bhí an ortha briste, agus dá fhad ar fhág sí sa dún, cosnaíodh í. Phós Fhionn agus Sadhbh.

Níos deireanaí, chuaigh Fionn amach chun ionróirí a ruaigeadh agus d'fhan Sadhbh sa dún. Tháinig Fear Doirche i riocht Fhionn, ag mealladh Sadhbha amach as an dún, agus leis sin rinneadh fia sí arís. Chuaigh Fionn á lorg, ach níor aimsigh sé ach buachaill, ar thug sé an t-ainm Oisín dó, toisc gur tógadh fia é. D'éirigh Oisín ina bhard cáiliúil, ach ní fhacthas Sadhbh ariamh.

Fionn agus Diarmaid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é seo ar cheann de na scéalta is cáiliúla na scéalaíochta.

Rinne an tArdrí, Cormac mac Airt, cleamhnas idir Fionn anois sean agus a iníon Gráinne, ach thit sí i ngrá le laoch óg na bhFiann, Diarmaid. D'éalaigh an bheirt agus na Fianna ar a dtóir. Thug Aengus, athair altrama Dhiarmada, cabhair dóibh.

I ndeireadh na dála, rinne Fionn síocháin leis na leannáin. Na blianta ina dhiaidh, ámh, thug Fionn cuireadh do Dhiarmaid dul i mbun seilg toirc, agus sádh Diarmaid go dona ag a chreach. Bhí a chumas ag Fionn go leigheasadh an té a d'ólfadh uisce as a láimh, ach faoi dhó, lig sé tríd a mhéara é. Á bhagairt ag a mhac Oisín agus a gharmhac Oscar, cuireadh é chun uisce a fháil don tríú huair, ach bhí sé ró-mall. Bhí Diarmaid tar éis bás d'fháil.

Cath Gabhra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Príomhalt: Cath Gabhra

Tar éis bás Chormaic, tháinig a mhac Cairbre Lifechair i gcoróin. Níor mhaith leis an cáin chosanta a íoc do na Fianna, agus shocraigh sé iad a scriosadh. Bhailigh sé arm le taoisigh míshásta eile, agus tharraing sé an cogadh trí giolla Fhionn a mharú. Rinne Goll leath leis an Ard-Rí in éadan na Clainne Bascna sa chath. De réir roinnt scéalta, mharaigh cúigear gaiscíoch Fionn ag an gcath, de réir eile, d'éag sé ag Cath Átha Brea, maraithe ag Aichlech mac Dubdrenn. Pé scéal é, níor tháinig slán as an Cath Gabhra ach fiche gaiscíoch na bhFiann, Oisín agus Caílte ina measc.

Scéalta Fiannaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na dtéacsanna nó díolamaí tábhachtacha den sheanchas Fiannaíochta a mhaireann, seasann Agallamh na Seanórach amach mar shárshaothair. Téacs ó dheireadh ré na Meán-Ghaeilge (c. 1100) atá ann. Tá breis agus dhá chéad aiste ann, idir scéalta agus laoithe a chuirtear i láthair i bhfoirm agallaimh idir Pádraig Naofa agus Oisín mac Fhinn.

Téacs barrthábhachtach eile is ea an Duanaire Finn, cnuasach mór de laoithe Fiannaíochta a cuireadh le chéile don Chaptaen Somhairle Mac Domhnaill sna blianta idir 1626-1627 nuair a bhí sé lonnaithe in Ostend na hÍsiltíre

Ar phríomhcharachtair na Fiannaíochta bíonn:

Laoi Fiannaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo sampla de Laoi Fiannaíochta a bhí i mbéal gach Gael tráth :

MIANA FHINN MHIC CUMHAILL

(Oisín a chan)

Ba mhian re Fionn na bhflath
Siansán a chon a bhfad ar shliabh,
Coin allta ag fághbháil chuain,
Mórdháil a shluaigh ba h-é a mhian.
Mian mhic Cumhaill ba mhaith gnaoi
Éisteacht re faoidh dordáin Deirg,
Codladh fa shruth Easa Ruaidh
‘S fiadh Gaillmhe na gcuan do sheilg.
Scaltarnach loin Leitreach Laoi
Tonn Ruadhraighe ag buain re tráigh,
Dordán an daimh ó Mhaigh Mhaoin,
Búireadh an laoigh ó Ghleann dá mháil!
Foghar seilge Sléibhe gCrot,
Fuaim na n-os uim Shliabh gCua,
Mongháir faoileann Iorrais thall,
Gáir na mbadhbh os cionn na sluagh!
Túrnamh creat na mbarc re tuinn
An-uaill chonairt de Dhruim Lis,
Briathra Bhrain i gCnoc an Áir
‘S gáir na sreabh uim Shliabh Mis.
Glaodh Oscair ag dul do sheilg,
Guth gadhar ar Leirg an bhFiann,
Bheith ‘na shuidhe i measc na ndámh
Ba h-é sin de ghnáth a mhian!

Faoidh : fuaim Os : fia

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]