Fianna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

I Miotaseolaíocht na nGael, ba bhuíonta beaga leath-neamhspleácha gaiscíoch iad na Fianna. Bunaithe ar bhuíonta stairiúla den luath-mheánaois, fir agus mná óga gan talún a bhí siad, a bhí i seirbhís an ard-rí ag ruaigeadh ionróiri iasachta. Faightear iad sa tsraith seanscéalta, An Fhiannaíocht, faoi cheannas Fionn mac Cumhaill, agus ina measc go formhór baill de dhá dhream, an Chlann Bascna agus an Chlann Morna.[1]

Fionn mac Cumhaill comes to aid the Fianna (Tagann Fionn mac Cumhaill i gcabhair na bhFiann), léaráid le Stephen Reid.

Stairiúlacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Luaitear na fianna go stairiúil san Fhéineachas. Mar bhaill d'fhiann bhíodh fir agus mná óga gan talamh, go minic uaslathaithe nach bhfuaireadar fós a n-oidhreacht.[2] Féinní (fénnid) a glaodh ar ball d'fhiann; rífhéinní (rígfénnid) ab ea ceannaire féinne.

Ag scríobh sa 17ú haois, deir Seathrún Céitinn go gcuirtí na Fianna ar ceathrúin agus go mbeathaítí iad ag na huaisle i rith an gheimhridh, ag coinneáil oird ar a son mar chúiteamh, ach i rith an tsamhraidh ó Bhealtaine go Samhain, bhí orthu maireachtáil ag fiach le haghaidh bia agus seithí do dhíol.[3] Is cnuasach scéalta agus nósanna seachas foinse stairiúil é an Foras le Céitinn, ach sa chás seo, mar chomhthacaíocht tugann scoláirí faoi ndeara tagairtí i luath fhilíocht na Gaeilge, agus go raibh séasúr dúnta na seilge d'fhia agus torc allta idir Samhain agus Bealtaine san Albain meánaoiseach.[4]

Seanscéalta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an réaltacht stairiúil na bhfiann le fáil i roinnt cur síos seanscéalach. Mar shampla, san Rúraíocht, chuaigh an draoi Cathbhadh le fiann 27 fear i gcomhrac in éadan fiann eile, agus mharaigh sé an bheirt athair altrama déag de bhanfhlaith na nUladh, Neas. Mar chúiteamh, chuaigh sí ar thóir Chathbhaidh i gceannas a seachtar féinní is fiche féin.[5]

Ar an lámh eile ámh, i scéalta na Fiannaíochta, suite i ré Chormaic mhic Airt, ba arm seasta iad na Fianna i seirbhís Ard-Ríthe na hÉireann, cé go raibh dhá baicle iomaíocha ann, Clann Baíscne na Laighean, i gceannas Fhionn mhic Chumhaill, agus Clann Morna na gConnacht, i gceannas Ghoill mhic Mhorna. Mhair siad amach ó tsochaí ag seilg i gcomhair bia.

Rosc catha agus manaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dord Fiann ab ea rosc catha na bhFiann, agus d'úsáidtí roimh agus i rith catha, nó mar mhodh teachtaireachta, nó chun scnradh a chur ar a naimhde. Sa seanscéal Anbhás Fhionn, scairt Fionn an Dord Fiann nuair a chonaic sé gur thit a gharmahc Oscar sa Chath Gabhra in éadan airm Chairbre Lifechair. Rinne sé frithionsaí fíochmhar in aghaidh a naimhde, ag marú na scórtha gaiscíoch.[6] Chuaigh na Fianna i léig de bharr an chatha seo, áfach.

Bhí trí mana acu:

  • Glaine ár gcroí
  • Neart ár ngéag
  • Beart de réir ár mbriathar

Fénnid ar leith[cuir in eagar | athraigh foinse]

An t-ainm inniu[cuir in eagar | athraigh foinse]

I staire le déanaí, faightear an t-ainm Fianna ÉireannFianna Fáil:

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Rolleston, T.W (2012). "Celtic Myths and Legends": 252. USA: dover publications. 
  2. Dáibhí Ó Cróinín, Early Medieval Ireland, Longman, 1995, lch. 88
  3. Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, 2.45
  4. Nerys Patterson, Cattle Lords and Clansmen: the Social Structure of Early Ireland, University of Notre Dame Press, 1994, lch. 122-123
  5. Kuno Meyer, "Anecdota from the Stowe MS. No. 992", Revue Celtique 6, 1884, ll. 173-186.
  6. Augusta, Lady Gregory - Gods and Fighting Men, The Death of Fionn, 1904