Feirmeoireacht ainmhithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Coinneáil ainmhithe ceansaithe le haghaidh bia, snáithíní, seithí nó chun ualaigh a tharraingt is a iompar. Thosaigh ceansú ainmhithe mar seo le caoirigh sa Mheánoirthear timpeall 9000 RC. Ceansaíodh muca timpeall 6000 RC, agus eallach timpeall 5500 RC. Gan feirmeoireacht orgánach a chur san áireamh, is an-dian na cleachtais i bhfeirmeoireacht ainmhithe. Fástar muca is éanlaith i bhfeirmeacha monarchan mar a ndéantar an ionghabháil bia, an teocht, an soilsiú is cúinsí eile a rialú chun uasmhéid airgid a dhéanamh. Le feabhsuithe san eolas eolaíoch ar riachtanais cothaithe ainmhithe, saothraíodh bianna chun aiste feabhsaithe bia, saibhir i hormóin is vitimíní, a chur ar fáil i rith na bliana. Déantar na hainmhithe a vacsaíniú de réir gnáthaimh agus tugtar drugaí coisceacha, le frithbheathaigh, dóibh chun galair a sheachaint. Mar thoradh ar an gcur chuige seo, méadaíodh táirgiúlacht an-chuid bianna go mór, ionas go mbíonn farasbarr mór in áiteanna. Ceist phráinneach is ea an féidir an feabhsú is an méadú sa táirgiúlacht a choinneáil ar siúl. Tá claonadh ann ainmhithe a fheabhsú trí roghnú géiniteach, inseamhnú saorga, is innealtóireacht ghéiniteach, ach ní thaitníonn sé seo le cuid mhaith tomhaltóirí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Feirmeoireacht ainmhithe". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 261.