Fearamón

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceimiceán a tháltar go dtí an taobh amuigh d'ainmhí ionas go mbíonn iarmhairt ar leith aige ar bhall eile den speiceas céanna. Spreagann fuascailt fearamón freagairt ar leith iompair ón ainmhí eile, cosúil le cúpláil nó ionsaí. Athraíonn prímeáil fearamón fiseolaíocht an fhaighteora, iarmhairt ar na hormóin atáirgthe, b'fhéidir. Tá fearamóin coitianta i measc na bhfeithidí, agus faightear i gcreimirí is moncaithe iad. Baintear sochar astu sa bhfeirmeoireacht chun am is minicíocht na cúplála in ainmhithe feirme is gluaisne feithidí a rialú. Is dócha go bhfuil an-chuid le foghlaim ar na ceimiceáin seo is a bhfeidhmithe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fearamón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 258.