FET y de las JONS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaFET y de las JONS
Sonraí
Ainm gearrFET-JONS Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta sa Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtasindeacálachas náisiúnta
Caitliceachas Náisiúnta
náisiúnachas iomlán
frithchumannachas
frithliobrálachas
Faisisteachas
corporatism (en) Aistrigh
Pan-Easpáinneachas
monarcachas
Franquismo
traidisiúnachas
Falangachas (–1940í) Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaan eite fhíordheis Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitFalange Española de las JONS , Cúis leis seo: Unification Decree (Spain, 1937) (en) Aistrigh
Traditionalist Communion (en) Aistrigh , Cúis leis seo: Unification Decree (Spain, 1937) (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh19 Aibreán 1937
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte13 Aibreán 1977 Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Foilsiú inmhéanachArriba Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Cuid deNational Movement (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Páirtí polaitiúil sa Spáinn ab ea FET y de las JONS - Falange Española Tradicionalista y de las Juntas de la Ofensiva Nacional-Sindicalista. Is éard is brí leis an ainm fada ná "Falang Spáinneach na dTraidisiúnaithe agus na gCoistí um Ionsaí Náisiúnta Sindeacáiteach". Tháinig an Falang seo ar an bhfód ar an 19 Aibreán 1937, díreach le linn Chogadh Cathartha na Spáinne. San Fhalang, chuaigh dhá pháirtí éagsúla ón eite dheas le chéile, mar atá, na traidisiúnaithe a bhí ag éileamh go gcuirfí an ríocht ar bun arís sa tír agus go gcuirfí rí de chlann Bourbon á rialú, agus na sindeacáitigh náisiúnta a raibh níos mó suime acu i ndeachtóireacht nua-aoiseach i stíl Hitler. I ndiaidh do Franco bua a bhreith ar lucht na Poblachta sa Chogadh Cathartha, b'é an Falang an t-aon pháirtí amháin a bhí ceadaithe sa Spáinn.

Sa bhliain 1949, fuair an Falang ainm nua - Movimiento Nacional, nó an Ghluaiseacht Náisiúnta. I ndiaidh bhás Franco, d'imigh an Ghluaiseacht seo de dhroim an tsaoil, siúd is go maireann dreamanna beaga antoisceacha sa Spáinn inniu féin a mhaíonn gurbh iadsan fíor-oidhrí na Gluaiseachta.

Ní raibh mórán tionchair ag an bhFalang ar na polasaithe praiticiúla riamh, áfach. Club comhrá faoi chúrsaí polaitíochta a bhí ann go bunúsach agus na Falangaigh ag plé moltaí éagsúla radacacha, ach is ar éigean a cuireadh smaoineamh ar bith dá gcuid i gcrích. Bhí Franco i gceannas ar an tír agus é á rialú mar ab fhearr leis féin, agus dearcadh traidisiúnta coimeádach an tsaighdiúra phroifisiúnta aige.