Eugenio Montale

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEugenio Montale

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith12 Deireadh Fómhair 1896
Genova, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meán Fómhair 1981
84 bliana d'aois
Milano, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaCemetery of San Felice a Ema (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Italian senator for life (en) Aistrigh
13 Meitheamh 1967 – 12 Meán Fómhair 1981 (bás in oifig)
Ceaptha ag: Giuseppe Saragat
Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Suíomh oibre An Róimh Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmfile, scríbhneoir próis, eagarthóir, criticeoir ceoil, leabharlannaí, aistritheoir, polaiteoir, iriseoir, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirGabinetto Vieusseux (en) Aistrigh, stiúrthóir (1929–1938) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaPáirtí Poblachtánach na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileDrusilla Tanzi (1962–1963) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomenico Montale  agus Giuseppina Ricci
SiblínAlberto Montale
Gradam a fuarthas
Síniú

Musicbrainz: 1d8bd888-74ff-4c81-9d21-36573773321b Discogs: 689728 Find a Grave: 10439021 Cuir in eagar ar Wikidata
Montale le Drusilla Tanzi agus Gerti Frankl sa bhliain 1928

File agus údar de chuid na hIodáile ba ea Eugenio Montale (a rugadh 12 Deireadh Fómhair 1896 in Genova agus a d'éag 12 Meán Fómhair 1981 in Milano). Bhain sé Duais Nobel na Litríochta amach sa bhliain 1975.

Teatro alla Scala di Milano, 1950idí

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

An duine ab óige de sheisear a bhí ann. Chuaigh sé sna saighdiúirí sa bhliain 1917 agus chaith sé an bhliain dheireanach den Chéad Chogadh Domhanda ag troid sa Tioróil Theas i dtuaisceart na hIodáile.

Ag deireadh an chogaidh, chuir sé faoi in Genova agus músclaíodh a shuim i gcúrsaí litríochta. Chuir sé aithne ar scríbhneoirí agus ar léirmheastóirí na háite agus bhí sé ina chomhbhunaitheoir ar an nuachtán Primo Tempo.

Cuireadh a chéad leabhar, Ossi di Seppia, i gcló sa bhliain 1925. Thug an nádúr inspioráid dó, agus faoin am seo, scríobh sí go spéisiúil faoi thírdhreach agus atmaisféir Liguria.

Dhá bhliain ina dhiaidh sin bhog sé go dtí Flórans mar a raibh an leabharlann Gabinetto Vieusseux faoina chúram.

1964

Briseadh as an bpost sin é sa bhliain 1938 toisc gur dhiúltaigh sé dul sa pháirtí faisisteach. An bhliain dár gcionn d'fhoilsigh Montale an dara leabhar aige, Le Occasioni. Faoin am seo bhí sé ag obair le nuachtán i bhFlórans. Ó 1948 amach, bhí sé le Corriere della Sera in Milano.

Tháinig La Bufera ar an saol sa bhliain 1956, agus Satura sa bhliain 1971.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 1925/28 - Ossi di seppia
  • 1938 - Le Occasioni
  • 1943 - Finisterre
  • 1956 - La bufera e altro
  • 1971 - Satura
  • 1973 - Diario del '71 del '72

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

PLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin[1][cuir in eagar | athraigh foinse]

Nach dtabharfá chugam an bláth beag buí? –

tá a fhios agat an ceann,

é agat leis na blianta ar chúl an tí.

Má théann sé i bhfréamh

i mo chréafóg thanaí

tiocfaidh fad ar mo shaol:

a cheann chun na spéire aige,

gan ach scamaill os a chionn

is gan a mhalairt i ndán dó

chomh fada ó bhaile, é lán d’imní,

an séasúr le cur de aige

ag teacht chuige féin

nó ag dul ar neamhní.

Na nithe a bhí doiléir,

tá siad doiléir i gcónaí:

cé gurb olc an comhartha

mar a sheasann sé an fód,

beo ar éigean chomh fada óna thaithí

is gan tógáil a chinn aige

i gceartlár an ghairdín,

mairfidh sé go brách

má éiríonn leis teacht tríd

cé nach féidir linn a rá

go mbeidh sé chomh maith is a bhí,

a aghaidh chun na spéire aige,

é ag dul le báiní.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. PLANDAÍ — do Eugenio Montale, le Seán Ó Leocháin (2014). "Feasta - dán". www.feasta.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-11-19. Dáta rochtana: 2021-09-12.