Emmanuel Macron

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEmmanuel Macron

(2022) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(fr) Emmanuel Jean-Michel Frédéric Macron
21 Nollaig 1977
46 bliana d'aois
Amiens (an Fhrainc)
Uachtarán Phoblacht na Fraince
14 Bealtaine 2017 –
← François Hollande
Comh-Phrionsa na Fraince
14 Bealtaine 2017 –
← François Hollande
1 Cathaoirleach Renaissance
6 Aibreán 2016 – 8 Bealtaine 2017
← luach ar iarraidh – Catherine Barbaroux (en) Aistrigh →
Aire Geilleagair, Tionscail agus Digiteach
26 Lúnasa 2014 – 30 Lúnasa 2016
← Arnaud Montebourg (en) AistrighMichel Sapin (en) Aistrigh →
Ard-Rúnaí Cúnta Uachtaránacht Phoblacht na Fraince
15 Bealtaine 2012 – 15 Iúil 2014
← Jean CastexLaurence Boone (en) Aistrigh →
In éineacht le: Nicolas Revel
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAgnóisí
Scoil a d'fhreastail sé/síÉcole nationale d'administration (2002–2004)
Université Paris-Nanterre
Lycée Henri-IV
Institut d'études politiques de Paris
La Providence Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaithePalais de l'Élysée
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Airde1.73 m Cuir in eagar ar Wikidata
Dath súileGorm
Gníomhaíocht
Réimse oibrePolaitíocht
Gairmbaincéir infheistíochta, feidhmeannach, státaire, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRothschild & Cie Banque (en) Aistrigh (2008–2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaRenaissance (2016–)
polaiteoir neamhspleách (2009–2016)
An Páirtí Sóisialach (2006–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Fhraincis agus Béarla
Ghlac sé/sí páirt i
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
20 Eanáir 2016Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2016
Bealtaine 20142014 Bilderberg Conference (en) Aistrigh
Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileBrigitte Macron (2007–) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJean-Michel Macron  agus Françoise Noguès
SiblínEstelle Macron agus Laurent Macron
Duine muintearthaLaurence Auzière-Jourdan (leasiníon)
Sébastien Auzière (leasmhac)
Tiphaine Auzière (leasiníon) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinen-marche.fr… Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm6960621 Allocine: 840798 Metacritic: person/emmanuel-macron
Facebook: EmmanuelMacron Twitter: EmmanuelMacron Instagram: emmanuelmacron Telegram: emmanuelmacron LinkedIn: emmanuelmacron Youtube: UCFqGa9uitcB-fWyNZK2xImw TikTok: emmanuelmacron Flickr: emmanuelmacron Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Francach, iarbhaincéir marsantach agus Uachtarán ar an Fhrainc, is ea Emmanuel Macron. Rugadh é ar an 21 Nollaig 1977 i gcathair Amiens na Fraince. Is é Emmanuel Macron an tUachtarán is óige dá raibh ar phoblacht na Fraince riamh.


Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain Macron dochtúireacht amach i réimse na fealsúnachta[1][2] sa bhliain 2002. Bhain sé céim amach ansin ó École nationale d'administration sa bhliain 2004.

Sa bhliain 2008, chuaigh Macron ag obair le banc Rothschild, áit ar tugadh post sinsearach bainistíochta dó in 2010.

a bhean Brigitte Macron, a rugadh in 1953, sa bhliain 2017

Polaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

An rí Macron (La fête à Macron, 2018)

Sa bhliain 2012, ghlac Macron le le post comhairleoireachta san eacnamaíocht i rialtas na Fraince, ar chuireadh ón Uachtarán Hollande.

I mí Aibreáin sa bhliain 2016, nuair a bhí sé fós ina aire i rialtas Mhanuel Valls, bhunaigh Macron a pháirtí polaitíochta féin: "En marche !" (Gaeilge: 'Ar aghaidh!')[3], feachtas polaitíochta dar sprioc athnuachan a dhéanamh ar an gcóras. D'éirigh Macron as a phost i mí Lúnasa 2016. Trí mhí ina dhiaidh sin, d'fhógair sé go mbeadh sé ina iarrthóir i dToghchán uachtaránachta na Fraince den mbliain 2017.

An tUasal Macron & Le Pen, 2017

Toghchán 2017[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lá vótaíochta, 7 Bealtaine 2017

Is beag a síleadh gur maith a chruthódh Macron i dtoghchán na huachtaránachta[4]. Ní raibh dintiúirí an pholaiteora aige, agus bhí sé gan páirtí aitheanta[5].

Tharla dhá ní áfach a réitigh an bealach dó:

  • Scoilteadh an Páirtí Sóisialach, agus theip orthu feachtas ar fónamh a riar.
  • Foilsíodh eolas faoin airgead mór a chuir François Fillon, Iar-Phríomhaire, agus iarrthóir na heite deise sa toghchán, i bpóca a mhná céile Penelope Fillon.

Ar an 23 Aibreáin 2017, an lá na chéad céime an toghcháin uachtaránacha, bhain sé 24% na nguthanna, é seo á chur i gcéad áit agus amhlaidh á chur isteach sa dara chéim.[6]

Macron, Putin agus Volodymyr Zelenskyy sa bhliain 2019

Is sa díospóireacht teilifíse idir Macron agus Marine Le Pen ar an 3 Bealtaine ba shoiléire an difríocht idir an bheirt iarrthóirí. Labhair Macron go stuama, sothuigthe, socair. Cuid den phort a bhí ag Macron ná dlús a chur leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, an euro a neartú[7], agus fáilte thar teorainn isteach a chur roimh aicmí éagsúla daoine.

Ar an 7 Bealtaine, an lá na dara céime, bhain Macron 66% na nguthanna, é á chur ina Uachtarán na Fraince. Is é a bhí chun cinn ins gach uile départment sa tír seachas péire sa tuaisceart, Pas-de-Calais agus Aisne[8] (101 département atá sa tír ar fad). Sa deireadh thiar, bhí sé i bhfad chun cinn ar Marine Le Pen, iarrthóir Le Front National. Beagán le cois ar 20 milliún vóta a fuair Macron. Taobh le 10 milliún a bhí a chéile comhraic.[9]

Insealbhaíodh Macron ina uachtarán ar an 14 Bealtaine.[10]

Toghchán 2022[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 10 Aibreán 2022, vótáil 28% i bhfabhar Macron sa chéad bhabhta agus 23% i bhfabhar Le Pen.[11] Thug thart ar leath na vótálaithe tacaíocht mar sin d’iarrthóirí eile.[12]

Macron agus Boris Johnson, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

Ar 24 Aibreán 2022, bhí Macron atofa mar uachtarán ar an bhFrainc, an chéad uachtarán reatha ar éirigh leis 2 thoghchán a bhuachan i ndiaidh a chéile ó 2002,[13][14]

Chloígh Macron a chéille comhraic,Marine Le Pen sa dara babhta vótála d'uachtaránacht na tíre; 59% de sciar an vóta a fuair Macron. Díol imní dó gur thit a thacaíocht ón toghchán deiridh ansin i 2017; bhí tacaíocht Le Pen agus an páirtí atá i bhfad ar dheis, méadaithe (34% sa bhliain 2017, 41̤̤̤% in 2022).[15][16]

Ba é an teachtaireacht a bhí ag Macron roimh an vótáil ná go gcaithfí stop a chur le fás pholaitíocht na heite fíordheise agus stádas na Fraince go hidirnáisiúnta a chosaint.. D’éirigh níos fearr le Macron ná mar bhí á thuar sna pobalbhreitheanna.[17]

Dúirt Macron go n-aontódh sé an tír agus go mbeadh sé ansin mar cheannaire don chosmhuintir uilig.[13]

Macron ag dul i ngleic le Trump, G7 Biarritz, Lúnasa 2019

Polasaithe[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Macron go dtí Pálás an Élysée bunaithe ar a gheallúint nach polaiteoir den eite dheis ná don eite chlé a bhí ann, ná go deimhin polaiteoir den seandéanamh ar chor ar bith.[18]

  • Teastaíonn ó Macron go mbeadh an tAontas Eorpach níos aontaithe agus níos láidre.[19]
  • Tá an tUachtarán Macron á chur féin chun cinn ó toghadh é mar cheannródaí ó thaobh athrú aeráide.[18]
  • Ghlac daoine leis na leasuithe ar dhlíthe saothair i dtús a thréimhse mar Uachtarán, rud nár éirigh le hiliomad Uachtarán roimhe a chur i bhfeidhm.[18]
  • Tá Macron glan in aghaidh Putin. Sa bhliain 2022,d’iarr Macron go gcuirfeadh tuilleadh smachtbhannaí i bhfeidhm mar go raibh sé soiléir go ndearnadh “coireanna cogaidh” an Úcráin agus Putin freagrach as.[20]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
  2. Abhár: L'Inté­rêt géné­ral, lecture et prin­cipes de la philo­so­phie du droit de Hegel. Université de Nanterre.
  3. Le Monde, 24/04/2017
  4. Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
  5. 'Rud déistineach thar arrachtach' roghnaithe ag muintir na Fraince', Meon Eile, 8 Bealtaine 2017
  6. interieur.gouv.fr (2017). "Résultats de l'élection Présidentielle 2017" (fr). TF1 INFO. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  7. Bairbre Ní Chiosáin ar Ráidio na Gaeltachta, 9 Bealtaine 2017
  8. Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017
  9. Bhí an ráta vótála íseal go leor i dtoghchán an lae inné. De réir na staitisticí, níor vótáil ach 75% de na vótóirí cláraithe, le hais 80% in 2012 agus 84% in 2007 (Peig.ie Curtha i gcartlann 2017-12-09 ar an Wayback Machine, 8 Bealtaine 2017).
  10. D’ici à la passation des pouvoirs, une semaine chargée pour le nouveau président Macron, Le Monde, 09/05/2017
  11. "Élection présidentielle 2022 : retrouvez tous les résultats" (fr). Ministère de l'Intérieur. Dáta rochtana: 2022-04-26.
  12. Cathal Mac Coille (23 aib 2022). "Ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeidh an lá le Macron in aghaidh Le Pen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  13. 13.0 13.1 Nuacht RTÉ (2022-04-25). "'Aontóidh mé an Fhrainc'-Macron" (as ga). 
  14. Máirín Ní Ghadhra (15 Aib 2022). "Tá corraíl pholaitiúil i ndán don Fhrainc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  15. "2017 French presidential election" (as en) (2022-04-25). Wikipedia. 
  16. Níor atoghadh uachtarán sa Fhrainc ó 2002, nuair a d’áitigh Jacques Chirac ar vótálaithe a raibh an ghráin acu air vótáil ar a shon d’fhonn iarrthóir an Front National, Jean-Marie Le Pen a shárú.
  17. "Macron i gcoinne Le Pen sa dara babhta de thoghchán na Fraince" (ga-IE). Tuairisc.ie (11 aib 2022). Dáta rochtana: 2022-04-25.
  18. 18.0 18.1 18.2 Máirín Ní Ghadhra (28 Samhain 2018). "An loinnir ag imeacht de Macron agus agus céim bhacach ina République en Marche" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  19. Máirín Ní Ghadhra (21 Ean 2022). "Macron ag súil le buntáiste na hEorpa ag baile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.
  20. "Cinedhíothú ar mhuintir na hÚcráine ar bun ag an Rúis – Volodymyr Zelensky" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-25.