Eileen Gray

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEileen Gray

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Kathleen Eileen Moray
9 Lúnasa 1878
Inis Córthaidh, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás31 Deireadh Fómhair 1976
98 bliana d'aois
14ú arrondissement Pháras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthacnámhlann Père-Lachaise (luach anaithnid–)
Reilig Père-Lachaise (–luach anaithnid) Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síScoil Mhínealaíne Slade (1901–1902)
Académie Julian
Académie Colarossi Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Páras (1922–1976)
Londain (1915–1917)
Páras (1906–1914)
Stáit Aontaithe Mheiriceá
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmailtire, dearthóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Fhraincis agus Béarla
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJames Maclaren Smith-Gray  agus Eveleen Smith-Gray, An 19ú Bantiarna Gray
Croineolaíocht
5 Samhain 1976sochraid (Crématorium-columbarium du Père-Lachaise) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 173476772 Cuir in eagar ar Wikidata
"cathaoir Wassily" le Eileen Gray

Ailtire agus dearthóir troscán Éireannach ab ea Kathleen Eileen Moray Gray (9 Lúnasa 187831 Deireadh Fómhair 1976). Ceannródaí i ngluaiseacht ailtireachta an Nua-Aoiseachais ba ea í. Bhí Gray ar dhuine de na dearthóirí agus na hailtirí ba mhó tionchar sa 20ú haois.[1]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

9, rue de Lota, 16e arr., Paris, 1922

In Inis Córthaidh, i gContae Loch Garman, a rugadh í. D'fhás sí aníos ansin agus i Londain. Rinne sí staidéir ar an ealaín i Londain (scoil Slade) agus ansin i bPáras (scoil Julien). Sa Fhrainc a chaith sí an chuid ba mhó dá saol mar dhuine fásta. Bhí sí ina cónaí san árasán céanna i bPáras (21 rue Bonaparte, 6ú arrondissement) ó 1907 go dtí lá a báis sa bhliain 1976, in aois a 98 bliana.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Gray ar dhuine de phríomhcheannairí na gluaiseachta deartha nua-aimseartha i dtús na 20ú haoise. Dhear sí troscán laicir ar dtús. Thosaigh sí ag obair le foirmeacha ailtireachta i ndeireadh na 1920idí. Bhí cur chuige nua aici maidir le cruth, líne, úsáid dathanna, ábhair agus uigeachtaí.[1]

Ina saothair laicir agus ina cairpéid, rinne sí nasc radacach idir ceirdeanna traidisiúnta agus prionsabail an Fhóbhachais, an Chiúbachais, agus De Stijl. Dhírigh sí ar a dtréithe tadhlacha, cinéistéiseacha agus céadfacha agus leathnaigh sí an cur chuige sin go dtí an troscán nua-aimseartha. Ba í an chéad dearthóir í a d’oibrigh le cróm.[1]

BMAD. Berardo Museu Arte Deco, Liospóin

Ba ise an chéad duine a d’úsáid alúmanam, ceallalóid, cruach fheadánach, bácailít agus corc ina dearaí. Comhartha sóirt dá cuid dearaí uathúla ba ea ceangal ar leith leis an bhfoirm agus leis an líne ghlan, ach bhí siad feidhmiúil, ciallmhar agus compordach i gcónaí chomh maith.[1]

Comóradh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is beag aitheantas a bhfuair sí in Éirinn di le linn a saoil, seachas sa taispeántas “Eileen Gray, Pioneer of Design.”, a bhí ar siúl i mBanc na hÉireann i samhradh na bliana 1973.[1]

21 rue Bonaparte, Paris 6th arrond.

Bhronn Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann comhaltacht onórach uirthi sa bhliain 1974.

Taispeántas buan fúithi in Ard-Mhúsaem na hÉireann

Sa bhliain 2015 d'eisigh An Post foireann stampaí poist lena cuid dearthóireacht troscán a chomóradh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dearadh intí

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 "Eileen Gray | Decorative Arts & History | Ard-Mhúsaem na hÉireann" (en). National Museum of Ireland. Dáta rochtana: 2022-01-28.