Edgar Degas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEdgar Degas

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Iúil 1834
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Meán Fómhair 1917
83 bliana d'aois
Páras, An Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ainéaras agus stróc)
Áit adhlacthaReilig Montmartre, 4 48°53′19″N 2°19′53″E / 48.888607°N 2.33146°E / 48.888607; 2.33146 Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheNew Orleans
Teanga dhúchaisan Fhraincis
Gníomhaíocht
Réimse oibrePéintéireacht
Suíomh oibre Páras
Flórans
An Bheilg
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpéintéir, grianghrafadóir, maisitheoir, déantóir priontaí, dealbhóir, file, liteagrafaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
SeánraPortráid agus péintéireacht seánra
GluaiseachtImpriseanachas
Mac/iníon léinn de chuidLouis Lamothe, Hippolyte Flandrin agus Paul Flandrin
Mac/iníon léinnErnest Rouart
TeangachaAn Fhraincis
PátrúnGustave Caillebotte (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
Céileluach ar iarraidh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAuguste de Gas
SiblínRené de Gas agus Marguerite de Gas
Síniú

Musicbrainz: f12aed12-2a2c-47e4-9747-71d292fb82ff Discogs: 2243041 Find a Grave: 2324 Cuir in eagar ar Wikidata

Ealaíontóir a rugadh i bPáras ab ea Hilaire-Germain-Edgar Degas (19 Iúil 183427 Meán Fómhair 1917).

Bhí Degas i measc máistrí ealaíne sa 19ú haois. D’éirigh Degas ina dhuine ba mhó a raibh tionchar aige ar ealaín nua-aimseartha sa chéad leath den fhichiú céad.

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhain sé leis na hImpriseanaithe agus ghlac páirt ina dtaispeántais (18741886). Ghlac Degas leis na prionsabail ghinearálta a bhain leis an Impriseanachas. Ach ag an am céanna d’fhorbair sé a stíl phearsanta féin.

Tar éis do casadh leis na hImpriseanaithe, bheartaigh Degas radharcanna ón ghnáthshaol a phéinteáil, saol na gcaifí. daoine ag obair nó ag ligean a scíth. Rinne Degas cuid mhór pictiúr de bhailéirín. I measc a shaothar cáiliúil tá Danseuse attachent sa chaussure (Damhsóir ag Ceangal a Bróige, c 1878) agus Jockeys sur la pluie (Marcaigh faoin bhFearthainn, 1879).

Sur la plage[1] (Ar an Trá), 1876-1877, Gailearaí Hugh Lane,[2] Cathair Átha Cliath

Sur la plage

Sa phictiúr seo,[1][3][4] léiríonn Degas cailíní áitiúla agus daoine eile atá ar saoire cois trá. Tá an íomhá leacaithe, cosúil leis na greantaí adhmaid as an tSeapáin.

Is féidir na daoine áitiúla a aithint go héasca sa phictiúir seo, mar go bhfuil siad go neamhimníoch agus tuáillí mar éadaigh orthu. Tá craiceann nocht le feiceáil go soiléir faoi bhun na dtuáillí, rud atá i gcodarsnacht leis an gcailín a bhfuil éadach ó bharr go sáil uirthi. Is léir gurb as an gcathair í, agus tá a banseirbhíseach ag cíoradh a cuid gruaige. Leis an ngéarchúis is gnách leis, léiríonn Degas éadaí snámha an chailín ina luí ar an ngaineamh díreach mar atá sí fín ina luí.[5]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Beach Scene (Little Girl Having Her Hair Combed by her Nanny)
  2. "Hugh Lane Gallery" (as en) (2022-09-09). Wikipedia. 
  3. "Box 5: Works of Degas, Dublin City Gallery The Hugh Lane free admission". www.hughlane.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-09-27. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  4. Emmanuelle Callerame (2021-06-07). "10 œuvres d’art sur la plage à connaître absolument" (fr-FR). Magazine Artsper. Dáta rochtana: 2022-09-27.
  5. cogg.ie. "SÚIL AR AN EALAÍN". Dáta rochtana: 2022.
  6. Hussey, Matt (2011). "Hilaire-Germain-Edgar Degas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 204.