Eadhadh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoEadhadh
Populus tremula Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Planda
Cineál an toraidhcapsúl Cuir in eagar ar Wikidata
Stádas caomhnaithe
Speiceas is lú imní
UICN61959941 Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtPlantae
OrdMalpighiales
FineSalicaceae
GéineasPopulus
SpeiceasPopulus tremula Cuir in eagar ar Wikidata
L., 1753
Léarscáil de raon an tacsóin

Cuir in eagar ar Wikidata

Is speiceas crann é an t-eadhadh (Populus tremula), nó an t-eabhadh i litriú an lae inniu. Tugtar an crann creathach air freisin.[1] Tá sé dúchasach d'aeráidí measartha na hEorpa agus na hÁise, ón Íoslainn,[2] Éire, agus an Bhreatain Mhór[3] soir go Kamchatka, ó thuaidh go dtí taobh istigh den Chiorcal Artach i gCríoch Lochlann agus i dtuaisceart na Rúise, agus ó dheas go lár na Spáinne, an Tuirc, an Tian Shan, an Chóiré Thuaidh, agus tuaisceart na Seapáine. Tá sé le fáil freisin in áit amháin in iarthuaisceart na hAfraice san Ailgéir. I ndeisceart a raoin, tá sé le fáil ar airde mhór sna sléibhte.[4][5]

Na duilleoga scothliath/glas, cruinn nó ubhchruthach, le gais leata a ligeann do na lanna crith sa leoithne gaoithe is lú. Le dealrú taobh íochtarach na lainne bíonn an corraí níos suntasaí fós, agus an chuma air go bhfuil gluaiseacht leanúnach ar siúl.

Luaitear an focal 'Eadhadh', i bhfoclóirí na Gaeilge, mar an chúigiú litir den aibítir.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Populus tremula” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-29.
  2. Blæösp (Populus tremula) Vísindavefurinn”.
  3. James Kilkelly Irish native Aspen tree Curtha i gcartlann 2017-08-14 ar an Wayback Machine
  4. Rushforth, K. (1999).
  5. Den Virtuella Floran: Populus tremula (in Swedish; with maps)
  6. Hussey, Matt (2011). "Crann creathach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 178.