Loscadh Mór Londan (1666)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Dóiteán Mór Londan)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtLoscadh Mór Londan
Íomhá
Map
 51°30′57″N 0°05′32″W / 51.5157°N 0.0921°W / 51.5157; -0.0921
Cineálcity fire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 - 6 Meán Fómhair 1666
SuíomhLondain, England Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Shasana Cuir in eagar ar Wikidata
Ba chúis leisbású Robert Hubert (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna6 Cuir in eagar ar Wikidata
Scriosta13,200 foirgneamh Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireThomas Farriner (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Réab Dóiteán Mór Londan ón Domhnach 2 Meán Fómhair go dtí an Chéadaoin 5 Meán Fómhair 1666. Scriosadh an chathair mheánaoiseach taobh istigh den Seanbhalla Rómhánach. Ní baileach go ndeachaigh sé chomh fada le ceantar uasaicmeach Westminster (West End an lae inniu), Pálás Shéarlas II ag Whitehall, ná an chuid ba mhó de na plódcheantair ar bhruach na cathrach.[1] Dódh 13,200 teach, 87 séipéal paróiste, Ardeaglais Naomh Pól, agus formhór na bhfoirgneamh a bhí ag údaráis na Cathrach. Ceaptar gur scriosadh tithe 70,000 den daonra de thart ar 80,000 a bhí sa Chathair ag an am.[2] Ní fios go baileach cá mhéad duine a maraíodh sa dóiteán féin ach ceaptar nach raibh an líon an-ard mar nach bhfuil taifead ach ar líon beag daoine a bhásaigh de bharr an dóiteáin. Le tamall anuas áfach, táthar ag cur in aghaidh na tuairime sin mar go gceaptar anois nach ndearnadh taifead in áit ar bith ar an líon daoine bochta ná meánaicmeacha a bhásaigh. Chomh maith leis sin ceaptar go bhféadfadh sé gur chreim teas an dóiteáin go leor daoine agus nár fágadh aon lorg ina ndiaidh.

Thosaigh an dóiteán mór ag bácús Thomas Farriner (nó Farynor) ar Pudding Lane, go gairid tar éis meán oíche an Domhnach, an 2 Meán Fómhair, agus scaip sé siar go tapa ar Chathair Londan. Ba é an teicníc ba mhó a bhí in úsáid ag an am chun dul i ngleic le dóiteán ná toitbhearnaí a chruthú trí fhoirgnimh a leagan. Cuireadh moill mhór air seo mar nach raibh Ard-Mhéara Londan, Sir Thomas Bloodworth, in ann cinneadh tapa a dhéanamh faoi cad ba chóir a dhéanamh. Faoin am ar ordaíodh go leor foirgneamh a leagan oíche Dé Domhnaigh, bhí an ghaoth i ndiaidh stoirm olldóiteáin a dhéanamh den dóiteán bácúis agus ní raibh aon mhaith a bheith ag cruthú toitbhearnaí. Ar an Luan scaip an tine ó thuaidh go croílár na Cathrach. Ní raibh ord ná eagar ar na sráideanna agus bhí ráflaí ag dul timpeall go raibh eachtrannaigh a raibh cuma amhrasach orthu ag lasadh tinte. Ba iad na Francaigh agus na hOllannaigh ba mhó a raibh na daoine gan dídean in amhras fúthu. Bhí siadsan ina naimhde ag Sasana sa Dara Cogadh Angla-Ollannach a bhí fós ar siúl ag an am. Bhí na grúpaí inimirceacha seo líonmhar go maith agus rinneadh ionsaithe sráide orthu agus chuir an daoscarshlua cuid acu chun báis fiú – a bhí in aghaidh an dlí. Ar an Máirt scaip an tine ar fud na Cathrach ar fad nach mór. Scriosadh Ardeaglais Naomh Pól agus léim an tine thar abhainn Fleet agus bhí cúirt ríoga Shéarlas II ag Whitehall faoi bhagairt. Ag an am céanna bhí na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun dul i ngleic leis an dóiteán á gcomhordú. Ceaptar go bhfuarthas an ceann ab fhearr ar an dóiteán faoi dheireadh ar dhá chúis: lagaigh na gaotha láidre anoir agus bhain an garastún i dTúr Londan feidhm as púdar gunna chun toitbhearnaí éifeachtacha a chruthú chun an tine a chosc ó scaipeadh níos faide soir.

Chruthaigh an dóiteán go leor fadhbanna sóisialta agus eacnamaíochta agus bhí neart síneadh méire á dhéanamh ar feadh tamaill i ndiaidh an dóiteáin. Thug Séarlas II gach ugach do dhaoine bogadh as Londain agus cur fúthu in áit éigin eile mar go raibh faitíos air go dtarlódh éirí amach i measc na ndídeanaithe a chaill a dtithe. In ainneoin go ndearnadh cuid mhór moltaí radacacha, atógadh Londain agus bhí na sráideanna leagtha amach mórán mar a bhí siad roimh an dóiteán.[3]

Londain sna 1660idí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi na 1660idí bhí Londain i bhfad níos mó ná aon chathair eile sa Bhreatain. Áirítear go raibh leathmhilliún duine ina gcónaí ann. Bhí an líon sin níos mó ná an líon daoine a bhí ina gcónaí sa leathchéad baile ba ghaire i méid dó ar fad le chéile. Le linn dó a bheith ag cur ollás Barócach Pháras i gcomparáid le Londain, dúirt John Evelyn gur bhailiúchán tuaisceartach de thithe adhmaid a bhí dlúth le chéile agus gan aon ealaín ag baint leo a bhí i Londain. Chuir an baol dóiteáin a bhí ann – de bharr go raibh na tithe déanta as adhmad agus chomh dlúth sin le chéile – alltacht air. Ba éard a bhí i gceist ag Evelyn le “gan ealaín” ná nach raibh an chathair pleanáilte i gceart, go raibh sí caite le chéile ar nós cuma liom. Ba mar thoradh ar fhás orgánach agus ar shraoilleáil uirbeach a tharla sé seo dar leis. Ar feadh ceithre chéad bliain, b’áit lonnaithe Rómhánach a bhí i Londain. De réir a chéile, áfach, d’éirigh Londain níos plódaithe laistigh de bhalla cosanta na Cathrach. Chomh maith leis sin, bhí an chathair tar éis leathnú lasmuigh den bhalla, áit a raibh plódcheantair sheachtracha mar Shoreditch, Holborn agus Southwark suite.[1] Faoin am sin freisin, bhí cathair neamhspleách Westminster go fisiciúil mar chuid de Londain.

Faoi dheireadh an tseachtú céad déag ní raibh san Fhíorchathair – an chuid a bhí timpeallaithe ag balla na Cathrach agus ag abhainn Tamais – ach páirt de chathair Londan. Bhí seacht gcéad acra (2.8 km2) sa limistéar seo agus bhí thart ar 80,000 duine ina gcónaí ann. Is é sin an séú cuid de dhaonra Londan. Bhí fáinne de bhruachbhailte inmheánacha thart ar an gCathair agus is iontu siúd a bhí cónaí ar fhormhór mhuintir Londan. An uair sin, ba í an Chathair croílár tráchtála na príomhchathrach. Ba inti a bhí an margadh ba mhó agus an calafort ba ghnóthaí i Sasana agus is amhlaidh atá go dtí an lá atá inniu ann. Is ag na haicmí trádála agus na déantúsaíochta a bhí an lámh in uachtar. Sheachain an uasaicme an Chathair agus chónaigh siad faoin tuath lasmuigh de na plódcheantair nó níos faide siar i gceantar eisiach Westminster (san áit a bhfuil an West End sa lá atá inniu ann). Ba san áit sin a bhí an chúirt ríoga ag Séarlas II ag Whitehall. B’fhearr leis na daoine saibhre a bheith ina gcónaí achar réasúnta maith ón gCathair mar bhíodh sí i gcónaí faoi bhrú tráchta, truaillithe agus míshláintiúil go háirithe nuair a scrios an phlá bhúbónach an ceantar i 1665, “an Bliain Phlá” mar a tugadh uirthi. Bhí an-teannas sa ghaol a bhí idir an Chathair agus an Choróin. Le linn an Chogaidh Chathartha, idir 1642 agus 1651, bhí an Poblachtachas an-láidir i gCathair Londan. Bhí an phríomhchathair dhinimiciúil saibhir agus láidir ó thaobh na heacnamaíochta de agus d’fhéadfadh sí fós a bheith ina dris chosáin ag Séarlas II. Bhí sé seo léirithe ag cúpla éirí amach Poblachtach a tharla i Londain sna 1660idí luatha. Bhain giúistísí na Cathrach leis an nglúin a throid sa Chogadh Cathartha agus ba chuimhin leo gurbh í an iarracht a rinne Séarlas I cumhacht iomlán a ghlacadh chuige féin ba chúis leis an tráma náisiúnta sin. Bhí rún acu gan ligean dá mhac an rud céanna a dhéanamh agus nuair a bhí an Chathair faoi bhagairt ag an Dóiteán Mór, dhiúltaigh siad glacadh leis na saighdiúirí ná leis na hacmhainní eile a thairg Séarlas dóibh. Fiú amháin i gcás éigeandála, ní raibh aon ghlacadh go polaitiúil leis na saighdiúirí Ríoga, nach raibh mórán geana orthu, a bheith ag teacht isteach sa Chathair. Faoin am ar ghlac Séarlas ceannas ón Ard-Mhéara neamhéifeachtúil bhí an dóiteán imithe ó smacht cheana féin.

Londain sna 1600idí

Guaiseacha dóiteáin sa Chathair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go bunúsach, bhí leagan amach meánaoiseach ar shráideanna na Cathrach. Is coinicéar plódaithe de chaolsráideanna cúnga cama duirleogacha a bhí ann. Tharla mórdhóiteáin éagsúla ann roimh 1666, an ceann ba dheireanaí díobh i 1632. Bhí toirmeasc ar adhmad a úsáid mar ábhar tógála agus ar dhíonta tuí a chur ar thithe leis na céadta bliain ach bhí na hábhair seo saor agus leanadh de bheith ag baint feidhme astu. Ba sa cheantar saibhir i lár na Cathrach amháin a bhí aon líon suntasach foirgneamh á tógáil as clocha. Ba ansin a bhí tithe móra na gceannaithe agus na mbróicéirí suite agus neart spáis timpeall orthu. Taobh amuigh díobh siúd arís, bhí fáinne de pharóistí bochta plódaithe. Sna háiteanna seo bhí an daonra ag fás go tapa agus baineadh úsáid as gach pioc den talamh a bhféadfaí tógáil air chun tithíocht a chur ar fáil don phobal. Bhí ionaid oibre sna paróistí sin agus bhí cuid mhaith díobh ina nguaiseacha dóiteáin. Ina measc, bhí teilgcheártaí, ceártaí agus siopaí gloineadóireachta. Go teoiriciúil, bhí siad seo mídhleathach ach bhí sé de nós gan aon bhac a chur orthu. Bhí áiteanna cónaithe an phobail ag cur thar maoil agus iad suite i measc na n-ionad oibre sin, a bhí mar fhoinsí do theas, do splancacha agus do thruailliú agus a raibh gnéithe a bhí thar a bheith baolach ag baint leo. Gnéithe faoi leith de na tionóntáin adhmaid seo i Londain, a bhí sé nó seacht n-urlár ar airde de ghnáth, ná “lamairní” (Jetties) mar a tugadh orthu; is é sin go raibh na hurláir uachtaracha ag gobadh amach. Ní raibh bunsraitheanna na bhfoirgneamh sin an-fhairsing ach de réir mar a chuaigh na hurláir in airde thosaigh siad ag leathnú amach de réir a chéile os cionn na sráide. Rinneadh an “dul thar scríob” sin, mar a thug breathnóir comhaimseartha amháin air, chun an tairbhe ba mhó a d’fhéadfaí a bhaint as an bpíosa talún a bhí leagtha amach don fhoirgneamh. Is maith a braitheadh an ghuais dóiteáin a bhain leis na lamairní uachtair seo a bheith buailte go dlúth le chéile os cionn na gcaolsráideanna. Cheap breathnóir amháin go raibh sé níos éasca na foirgnimh sin a lasadh agus níos deacra iad a mhúchadh dá bharr. Bhí sé den tuairim, áfach, go raibh an pobal chomh santach agus na Giúistísí chomh cam sin nach ndéanfaí aon chur isteach ar na lamairní. I 1661, chuir Séarlas II forógra amach ag toirmeasc fuinneoga agus lamairní a bheadh ag gobadh amach os cionn na sráide. Rinne an rialtas áitiúil neamhshuim de seo den chuid is mó, áfach. Bhí an chéad teachtaireacht eile a tháinig ó Shéarlas i 1665 níos géire agus thug sé rogha faoin mbaol dóiteáin a bhain leis na sráideanna a bheith chomh caol sin. Thug sé cead tógálaithe sleamchúiseacha a chur i bpríosún agus foirgnimh chontúirteacha a leagan. Ba bheag an aird a tugadh air seo ach oiread.

Bhí baint mhór ag an gceantar ar éadan na habhann leis an bhfás a tháinig ar an Dóiteán Mór. Bhí neart uisce sa Tamais chun dul i ngleic leis an dóiteán agus bhí deis éalaithe ón gceantar i mbád. In ainneoin sin, de bhrí go raibh stórais agus siléir lán le hábhair indóite san áit, bhí níos mó baoil ann go dtarlódh dóiteán sa cheantar ar éadan na habhann nó in aon cheantar eile. Bhí tionóntáin adhmaid – a bhí réidh le titim – agus bothanna tarrapháipéir na mbochtán ag síneadh leis na céanna ar feadh an bhealaigh agus iad teanntaithe isteach i measc seanfhoirgneamh páipéir agus i measc ábhar mar Tharra, Pic, Cnáib, Roisín agus Líon, a bhí thar a bheith indóite ar fud na háite. Chomh maith leis sin, bhí Londain lán le púdar dubh, go háirithe sa cheantar a bhí ag síneadh le héadan na habhann. Bhí a lán de fágtha i dtithe de chuid an ghnáthphobail ó aimsir an Chogaidh Chathartha i Sasana. Tharla sé sin mar gur choinnigh siad siúd a bhí i Modh-Arm Nua Chromail a gcuid muscaed agus an púdar le cur iontu. Bhí idir cúig agus sé chéad tonna púdair stóráilte i dTúr Londan ag an gcloigeann ó thuaidh de Dhroichead Londan. Bhí cuid mhór púdair ag na soláthraithe loinge le taobh na gcéanna freisin agus é stóráilte i mbaraillí adhmaid acu.

Bhí Droichead Londan – an t-aon cheangal fisiceach a bhí idir an Chathair agus an taobh ó dheas d’abhainn na Tamaise – brataithe le tithe agus ba léir ón dóiteán a tharla i 1632 gur sháinn bháis a bhí ansin é féin. Faoi bhreacadh an lae ar an Domhnach bhí na tithe sin ar lasadh agus mheabhraigh Samuel Pepys, le linn dó a bheith ag faire ar an dóiteán ó Thúr Londan, go raibh an-imní air faoi shábháilteacht cairde leis a bhí ina gcónaí ar an droichead. Bhí an baol ann go dtrasnódh na lasracha Droichead Londan agus go mbeadh buirg Southwark ar an mbruach theas faoi bhagairt. Seachnaíodh an baol sin, áfach, mar gur tharla sé go raibh spás oscailte idir fhoirgnimh ar an droichead agus gur fheidhmigh sé sin mar thóitbhearna.

De bhrí go raibh balla Rómhánach a bhí 18 dtroithe (5.5 méadar) ar airde timpeall ar an gCathair bhí an baol ann go sáinneofaí sna lasracha iad siúd a bhí gan dídean agus a bhí ag teitheadh. Chomh luath is a bhí éadan na habhann trí thine agus nárbh fhéidir éalú i mbád, ní raibh aon bhealach amach ach amháin trí na hocht ngeata a bhí sa bhalla. Le linn na chéad chúpla lá, ba bheag duine a bhí ag iarraidh éalú ar fad as an gCathair agus í á dó. Thabharfaidís gach a raibh siad in ann a iompar dá gcuid giuirléidí go dtí an “teach sábháilte" ba ghaire, go minic an séipéal paróiste nó an ceantar thart ar Ardeaglais Naomh Pól. Bhíodh orthu ansin bogadh ar aghaidh arís cúpla uair an chloig ní ba déanaí. Bhog cuid acu iad féin agus a gcuid giuirléidí a ceathair nó a cúig de bhabhtaí in aon lá amháin. Níor braitheadh go raibh gá le teitheadh taobh amuigh de na ballaí go dtí go raibh sé déanach ar an Luan. Ba bheag nach raibh sé ina chíor thuathail ina dhiaidh sin ag na geataí caola nuair a bhí na teifigh scanraithe ag iarraidh iad féin, mar aon leis na beartáin, na cairteacha, na capaill agus na vaigíní a bhí acu a thabhairt slán ón anachain.

Ba é an rud ba mhó a chuir bac ar dhul i ngleic leis an dóiteán ná cé chomh caol is a bhí na sráideanna.« Ag aon am, ba mhinic go mbíodh sáinn agus tranglam tráchta sna caolsráideanna beaga de bharr an meascán de chairteacha, de vaigíní agus de choisithe a bhíodh iontu. Le linn an dóiteáin, bhí na pasáistí níos blocáilte fós mar go raibh teifigh ag campáil sna sráideanna agus na giuirléidí a shábháil siad ón dóiteán timpeall orthu, nó go raibh siad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh ó láthair an scriosta ag an am céanna a raibh foirne scartála agus criúnna innill dóiteáin ag iarraidh dul i dtreo an dóiteáin agus gan iad in ann.

Ag dul i ngleic le dóiteáin sa seachtú céad déag[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dóiteáin coitianta sa chathair phlódaithe, a bhí tógtha as adhmad agus ina raibh tinte oscailte, coinnle, oighinn agus stórais d'ábhar indóite fairsing. Ní raibh aon phóilíní ná aon roinn dóiteáin a bhféadfaí fios a chur orthu. Bhí mílíste áitiúil Londan, ar tugadh na Buíonta Oilte nó an Bhuíon Oilte orthu, in ainm a bheith ar fáil d'éigeandálaí ginearálta. Bhí faire amach ar dhóiteán ar cheann de na dualgais a bhí ar an lucht faire. Bhíodh míle fear faire nó “fir cloig” ar patról ar na sráideanna san oíche. Bhí próiseas trína raibh an pobal ag brath orthu féin chun dul i ngleic le dóiteán i bhfeidhm agus bhí sé éifeachtach de ghnáth. Bheadh daoine a bhí ar son leas an phobail san airdeall go raibh dóiteán baolach i dteach nuair a chloisfidís cling phlúchta chloig na séipéal. Thiocfaidís le chéile gan mhoill chun feidhm a bhaint as na teicnící a bhí ar fáil ag an am chun dul i ngleic le dóiteán. Bhraith siad sin go mór ar scartáil agus ar uisce. De réir dlí, bhí sé riachtanach go mbeadh trealamh chun cabhrú leis na hiarrachtaí seo ar fáil sa túr i ngach séipéal paróiste. I measc an trealaimh sin bhí dréimirí fada, buicéid leathair, tuanna, agus “crúcaí dóiteáin” chun foirgnimh a tharraingt anuas (féach an léaráid ar dheis). Uaireanta leagadh foirgnimh a bhí ní b’airde go tapa agus go héifeachtach trí fheidhm a bhaint as pléascadh smachtaithe le púdar gunna. Ag druidim le deireadh an Dóiteáin Mhóir baineadh níos mó feidhme as an dianbheart seo chun toitbhearnaí a chruthú agus creideann staraithe an lae inniu go bhfuarthas an ceann ab fhearr ar an dóiteán faoi dheireadh thiar thall a bhuíochas don dianbheart sin.

Go minic bhí éifeacht ag baint le tithe, a bhí ar thaobh na gaoithe de dhóiteán baolach, a leagan go talamh le crúcaí dóiteáin nó le pléascáin chun an scrios a mhaolú. An t-am sin, áfach, cuireadh moill thubaisteach ar an scartáil ar feadh uaireanta an chloig de bhrí nár thug an tArd-Mhéara aon cheannaireacht agus nár thug sé na horduithe ba ghá. Faoin am ar tháinig orduithe go díreach ón Rí gan aon tithe a spáráil, bhí go leor tithe eile scriosta ag an dóiteán agus ní raibh na hoibrithe scartála in ann gluaiseacht trí na sráideanna plódaithe a thuilleadh.

Bhí deacrachtaí maidir le huisce a úsáid chun an dóiteán a mhúchadh freisin. De réir prionsabail, bhí uisce ar fáil ó chóras de phíopaí leamháin a chuir uisce ar fáil do 30,000 teach ó thúr uisce ard ag Cornhill, a líonadh ón abhainn nuair a bhí sí ina lánmhara. Bhí uisce ar fáil freisin ó thaiscumar d‘fhíoruisce Hertfordshire in Islington. Ba mhinic ab fhéidir píopa a oscailt in aice le teach a bhí ar lasadh agus é a cheangal le píobán chun é a spré ar dhóiteán, nó chun buicéid a líonadh. Chomh maith leis sin, bhí Pudding Lane féin in aice na habhann. De réir teoirice, ba chóir go mbeadh dhá shraith de chomhraiceoirí dóiteáin sna lánaí ón abhainn suas chomh fada leis an mbácús agus na foirgnimh taobh leis agus iad ag síneadh na mbuicéad lán suas i dtreo an dóiteáin agus na mbuicéad folamh ar ais arís i dtreo na habhann. Níor tharla sé seo, nó ar a laghad ní raibh sé ag tarlú a thuilleadh faoin am ar fhéach Pepys ar an dóiteán ón abhainn i lár na maidine ar an Domhnach. Deir Pepys ina dhialann nach raibh aon duine ag iarraidh dul i ngleic leis an dóiteán ach in ionad sin go raibh siad ag teitheadh uaidh agus scéin iontu agus go raibh siad ag deifriú chun a gcuid giuirléidí a bhreith leo agus gach rud eile a fhágáil ag an dóiteán. Leath na lasracha i dtreo éadan na habhann gan mórán cur isteach ón bpobal cloíte agus ba ghearr go raibh na trádstórais indóite le hais na gcéanna ina mbladhm lasrach freisin. Ní hamháin gur chuir an dóiteán mór a tharla dá bharr sin cosc leis na comhraiceoirí dóiteáin uisce a fháil ón abhainn in aice láimhe ach las sé freisin na rothaí uisce faoi Thúr Londan a bhíodh ag pumpáil uisce go dtí túr uisce Cornhill. Ní raibh aon chosán díreach chuig an abhainn a thuilleadh agus theip go hiomlán ar an soláthar uisce ó na píopaí.

Bhí innill dóiteáin ardteicneolaíochta ar fáil i Londain chun dul i ngleic le dóiteáin agus baineadh feidhm astu nuair a tharla dóiteáin mhóra roimhe sin. In ainneoin sin, neamhchosúil leis na crúcaí úsáideacha dóiteáin, b’annamh a bhí na caidéil mhóra sin sách feidhmiúil ná a bhí dóthain folúthachta ag baint leo chun go ndéanfaidís mórán difríochta. Ní raibh rothaí ach faoi chuid acu, bhí cuid eile acu suite ar shleamhnáin gan aon rothaí. B’éigean iad a thabhairt achar fada, ba mhinic a bhí siad rómhall ag teacht agus de bhrí go raibh siad feistithe le goba, ach nach raibh aon phíobáin seolta acu, ní raibh ar a gcumas an t-uisce a scairdeadh i bhfad. Ar an ócáid sin, níl aon chuntas ar an líon innill dóiteáin a tarraingíodh trí na sráideanna agus iad ar rothaí nó gan rothaí. Tarraingíodh cuid acu ón taobh thall den Chathair. Ní raibh fáil a thuilleadh ar an uisce píopaí a raibh siad ag brath air, ach bhí teacht ar pháirteanna de bhruach na habhann fós. Bhí buíonta fear ar a ndícheall ag iarraidh na hinnill a ionramháil chomh fada leis an abhainn chun a gcuid taiscumar a líonadh. Le linn dóibh a bheith á dhéanamh sin thit roinnt de na hinnill isteach sa Tamais. Faoin am sin, bhí an teas ó na lasracha chomh láidir sin go raibh ar na hinnill a bhí fanta fanacht chomh fada sin siar ón dóiteán nach raibh maitheas ar bith iontu. Ní raibh siad in ann dul isteach in Pudding Lane, fiú.

Fás an dóiteáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Limistéar an dóiteáin

Tugann litreacha agus cuimhní cinn spléachadh dúinn ar an gcaoi a ndeachaigh an dóiteán i bhfeidhm go pearsanta ar roinnt mhaith de mhuintir Londan. Ba iad Samuel Pepys (1633–1703) agus John Evelyn (1620–1706), an bheirt dialannaithe ba mhó le rá le linn na hAthghairme agus rinne siad taifead ar na himeachtaí a bhí ag tarlú ó lá go lá agus ar an gcaoi ar fhreagair siad féin dóibh. Rinne siad sáriarrachtaí iad féin a chur ar an eolas maidir leis an méid a bhí ag tarlú ar fud na Cathrach agus níos faide i gcéin. Mar shampla, ar an gCéadaoin – an ceathrú lá – chuaigh an bheirt acu amach chomh fada le ceantar pháirc Moorfields, ar an taobh ó thuaidh den chathair, chun breathnú ar an gcampa ollmhór a bhí lán le teifigh agus iad i nguais, rud a chuir alltacht orthu. Is iad a gcuid dialann siúd na foinsí is tábhachtaí dá bhfuil ar fáil maidir le hathinsint nua-aimseartha a dhéanamh ar an tubaiste. Ina theannta sin, braitheann na leabhair is déanaí faoin dóiteán, le Tinniswood (2003) agus Hanson (2001),[4] ar chuimhní cinn gearra William Taswell (1651–82), a bhí ina bhuachaill óg, ceithre bliana déag d’aois, agus é ag freastal ar Scoil Westminster i 1666.

Bhí samhradh na bliana 1664 agus samhradh na bliana 1665 fliuch ach ó Shamhain 1665 bhí an-triomach ar fad i Londain. Bhí na foirgnimh adhmaid chomh tirim le corc i ndiaidh do shamhradh na bliana 1666 a bheith an-te. Scaip an dóiteán bácúis in Pudding Lane siar díreach i dtús báire agus gála gaoithe anoir ag cur borradh faoi.

An Domhnach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh dóiteán ag bácús Thomas Farriner in Pudding Lane go gairid tar éis meán oíche ar an Domhnach an 2 Meán Fómhair. Sáinníodh an teaghlach thuas staighre ach d’éirigh leo dreapadh ó fhuinneog thuas staighre go dtí an teach béal dorais. D’éalaigh siad ar fad ach amháin cailín aimsire, a raibh an iomarca faitís uirthi tabhairt faoi éalú. Ba ise an chéad duine a fuair bás sa dóiteán. Rinne na comharsana iarracht cabhrú chun an dóiteán a mhúchadh. Tar éis uair an chloig tháinig constáblaí an pharóiste agus bhí siadsan den tuairim gurbh fhearr na tithe béal dorais a leagan le nach scaipfeadh an dóiteán níos faide. Chuir lucht na dtithe ina choinne sin agus cuireadh fios ar an Ard-Mhéara, Sir Thomas Bloodworth. Is aigesean amháin a bhí an t-údarás diúltú dá n-achainíocha. Nuair a tháinig Bloodworth ar an láthair, bhí na tithe béal dorais ag dó agus an dóiteán ag dul i dtreo na dtrádstóras páipéir agus na stóras indóite ar éadan na habhann. Bhí na comhraiceoirí dóiteáin ba mhó taithí ar a ndícheall ag iarraidh scartála ach dhiúltaigh Bloodworth. An argóint a bhí aige ná go raibh an chuid ba mhó de na foirgnimh tógtha ar cíos agus nárbh fhéidir teacht ar na húinéirí. Ceaptar go coitianta gur ceapadh Bloodworth mar Ard-Mhéara mar gur dhuine a bhí ann a dhéanfadh mar a d’iarrfaí air, seachas duine a raibh aon chumas ann sa post. Chaill sé an cloigeann nuair a tháinig éigeandáil thobann ina threo. Nuair a tháinig brú air dúirt sé na focail seo a leanas a luaitear go minic agus bhailigh sé leis, “Pish! A woman could piss it out”. Tar éis don Chathair a bheith scriosta scríobh Samuel Pepys, le linn dó a bheith ag féachaint siar ar na himeachtaí, ina dhialann, an 7 Meán Fómhair 1666: “People do all the world over cry out of the simplicity [the stupidity] of my Lord Mayor in general; and more particularly in this business of the fire, laying it all upon him.”

Thart ar 7 a.m. maidin Dé Domhnaigh, dhreap Pepys, a bhí ina oifigeach tábhachtach in Oifig an Chabhlaigh, Túr Londan chun radharc a fháil ar an dóiteán ón aer agus thaifead sé ina dhialann go raibh an gála gaoithe anoir tar éis olldóiteán a dhéanamh de. Mheas sé go raibh roinnt séipéal agus 300 teach dóite go talamh agus go raibh éadan na habhann sroichte aige. Bhí na tithe ar Dhroichead Londan ag dó. Chuaigh Pepys i mbád chun a bheith níos gaire do láthair an scriosta thart ar Pudding Lane agus é á bhreithniú. Is mar seo a leanas a rinne sé cur síos ar an dóiteán uafásach:

everybody endeavouring to remove their goods, and flinging into the river or bringing them into lighters that layoff; poor people staying in their houses as long as till the very fire touched them, and then running into boats, or clambering from one pair of stairs by the water-side to another.

Lean Pepys ar a thuras siar an abhainn go dtí gur shroich sé an chúirt ag Whitehall. Thug sé an cuntas seo a leanas ar gach ar tharla ansin: where people come about me, and did give them an account dismayed them all, and word was carried in to the King. So I was called for, and did tell the King and Duke of Yorke what I saw, and that unless his Majesty did command houses to be pulled down nothing could stop the fire. They seemed much troubled, and the King commanded me to go to my Lord Mayor from him, and command him to spare no houses, but to pull down before the fire every way. Thairg deartháir Shéarlais, Séamus Diúc Eabhrac, na Gardaí Tarrthála Ríoga chun cuidiú a thabhairt chun dul i ngleic leis an dóiteán.[5]

Míle siar ó Pudding Lane, in aice le Staighre Westminster, chonaic William Tasweill, buachaill óg scoile a bhí tar éis éalú ón tseirbhís mhoch mhaidine i Westminster Abbey, roinnt teifeach ag teacht i lictéir a bhí ar cíos. Ní raibh snáth éadaigh orthu ach pluideanna. Bhí seirbhísí na lictéaraithe i ndiaidh éirí an-chostasach go tobann agus ní raibh ach iad siúd a raibh sciorta den ádh orthu in ann áit a fháil i mbád

Scaip an dóiteán go tapa le cóir ard ghaoithe. Faoi lár na maidine ar an Domhnach, thréig daoine na hiarrachtaí a bhí á ndéanamh acu an dóiteán a mhúchadh agus theith siad. Mar gheall ar an mbrú mór daoine a bhí ag gluaiseacht lena gcuid beartán agus a gcuid cairteacha, ní raibh comhraiceoirí dóiteáin ná carráistí in ann dul trí na lánaí. Chuaigh Pepys ar ais isteach sa chathair ó Whitehall i gcóiste, ach ní raibh sé ach chomh fada le hArdeaglais Naomh Pól nuair ab éigean dó dul amach agus siúl. Bhí cairteacha láimhe le hearraí agus le coisithe ag gluaiseacht fós, ualaí troma ar iompar acu agus iad ag imeacht ón dóiteán. Bhí na séipéil pharóiste nach raibh i mbaol go díreach ón dóiteán á líonadh le troscán agus le rudaí luachmhara. Ní bheadh sé i bhfad go dtí go gcaithfí iad a bhogadh níos faide ar aghaidh arís. Tháinig Pepys ar Mhéara Bloodworth agus é ag iarraidh na hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an dóiteán a chomhordú. Bhí sé ag titim as a sheasamh beagnach agus é ar nós bean a bheadh ag titim i laige ag glaoch amach go truamhéalach mar fhreagra ar theachtaireacht an Rí go raibh sé ag tarraingt anuas tithe ach go raibh an dóiteán ag scaipeadh níos tapa ná mar a bhíothas in ann é sin a dhéanamh. Choinnigh sé greim ar a dhínit chathartha agus dhiúltaigh sé an tairiscint ó Shéamus ar shaighdiúirí agus ansin chuaigh sé abhaile agus chuaigh sé a luí. Sheol Séarlas síos ó Whitehall sa bháirse Ríoga chun an láthair a bhreithniú. Chonaic sé nach raibh tithe fós á dtarraingt anuas in ainneoin an méid a bhí dearbhaithe ag Bloodworth do Pepys. Bhí sé de dhánacht aige údarás Bloodworth a chur ar leataobh agus ordú a thabhairt foirgnimh a leagan as éadan ar an taobh thiar de láthair an dóiteáin. De bharr na moille, ní raibh mórán de thoradh ar na hiarrachtaí seo, mar go raibh an dóiteán imithe ó smacht cheana féin.

Faoin iarnóin ar an Domhnach, 18 n-uaire tar éis don rabhadh a bheith tugtha in Pudding Lane, ba stoirm olldóiteáin a bhí sa dóiteán a chruthaigh aimsir dá chuid féin. Súdh aníos an t-aer te go tapa os cionn na lasracha agus áit ar bith a raibh an sruth aeir caolaithe de bharr na bhfoirgneamh a bheith ag gobadh amach ag an mbarr, d’fheidhmigh sé mar a bheadh simléar ann agus d’fhág sé folús ag leibhéal an talaimh. Níor mhúch na gaoithe láidre a tháinig isteach an dóiteán, mar a cheapfadh duine. Ina áit sin, chuir siad breis ocsaigine leis na lasracha. Súdh an t-aer aníos ón talamh agus de bharr na suaiteachta a tharla dá bharr sin, bhog an ghaoth aduaidh agus aneas ón treo anoir a raibh an ghaoth ag séideadh go fóill

Go luath sa tráthnóna, chuaigh Pepys, a bhean agus roinnt dá chairde ar an abhainn arís agus chonaic sé go raibh an dóiteán ag scaipeadh fós suas agus síos. Thug siad ordú d’fhear an bháid dul chomh gar don dóiteán agus a ligfeadh an deatach dóibh. Dúirt sé dá mbeadh éadan duine i gcoinne na gaoithe go ndófadh na braonta tine é, nach mór. Tharla sé seo ar fud na Tamaise ar fad. Nuair nach raibh siad in ann na “braonta tine” a sheasamh níos faide, chuaigh an grúpa chuig teach tábhairne ar an mbruach theas agus d’fhan siad ansin gur thit an oíche agus bhí siad in ann an dóiteán a fheiceáil ar Dhroichead Londan agus trasna na habhann. Is mar seo a leanas a rinne Pepys cur síos air: “as only one entire arch of fire from this to the other side of the bridge, and in a bow up the hill for an arch of above a mile long: it made me weep to see it.”

Dé Luain[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faoi bhreacadh an lae, Dé Luain, an 3 Meán Fómhair, bhí an dóiteán ag leathnú go príomha i dtreo an tuaiscirt agus an iarthair. Bhí sruthlam na stoirme dóiteáin ag brú na lasracha níos faide ó dheas agus ó thuaidh ná mar a bhí siad an lá roimhe. Chuir an abhainn féin bac leis an mbrú ó dheas, ach chuir an brú céanna na tithe ar Dhroichead Londan ar lasadh. Bhí an chuma air go rachadh sé trasna an droichid agus go gcuirfeadh sé buirg Southwark i mbaol, ceantar ar an mbruach theas den abhainn. Ba thóitbhearna réamhbheitheach ar an droichead a choimeád Southwark slán ón dóiteán. Bearna fhada a bhí ann idir na foirgnimh, a shábháil an taobh theas den Tamais i ndóiteán na bliana 1632 agus arís ansin. Ruaig an cothrom de bhrú i dtreo an tuaiscirt na lasracha isteach go croílár airgeadais na Cathrach. Thosaigh tithe na mbaincéirí ar Shráid Lombard ag dó tráthnóna Dé Luain, rud a chuir deifir orthu lena gcruacha boinn óir a thabhairt go háit shábháilte sula dtiocfadh leá orthu. Ba ríthábhachtach é an t-airgead sin do rachmas na cathrach agus an náisiúin. Leagann roinnt breathnóirí béim ar an éadóchas agus ar an éidreoir a bhuail muintir Londan an dara lá úd de réir cosúlachta. Cuireann siad treise ar an easpa iarrachtaí na ceantair shaibhre ghalánta a bhí faoi bhagairt na lasracha faoin am sin, ceantair mar an Malartán Ríoga – malartán agus siopalann le chéile – agus na siopaí galánta earraí tomhaltais in Cheapside. Chuaigh an Malartán Ríoga trí thine go déanach san iarnóin agus bhí sé ina chreatlach dheataigh laistigh de chúpla uair an chloig. Scríobh John Evelyn, cúirteoir agus dialannaí, go raibh an dóitéan ar fud na háite, agus go raibh an méid sin dubh-iontais ar na daoine, nach raibh a fhios aige ón tús arbh é drochmhisneach nó cinniúint, ach ba ar éigean a bhog daoine chun é a mhúchadh. Ní raibh aon rud le cloisteáil ná le feiceáil ach screadach agus éagaoineadh, daoine ag rith thart ar nós créatúr ar mire gan iarracht fiú á déanamh acu a gcuid earraí a shábháil, bhí anbhá chomh haisteach sin orthu.

Bhí cónaí ar Evelyn in Deptford, ceithre mhíle (6 chiliméadar) taobh amuigh den Chathair, agus mar sin ní fhaca sé céimeanna tosaigh na tubaiste. Ar an Luan, chuaigh sé i gcóiste, i dteannta go leor daoine uasaicmeacha eile, chuig Southwark. Chuaigh siad ann chun féachaint ar an gCathair a bhí trí thine ar an taobh eile den abhainn, radharc a bhí feicthe ag Pepys an lá roimhe sin. Bhí an dóiteán i bhfad níos mó faoin am sin. Dar le hEvelyn, bhí an Chathair ar fad faoi bharr lasrach uafásach gar don uisce; bhí na tithe go léir ón Droichead, sráid na Tamaise ar fad, suas i dtreo Cheapside agus síos i dtreo na dTrí Chraein dóite faoin am sin. Sa tráthnóna, thuairiscigh Evelyn go raibh an abhainn dubh le báirsí agus le báid agus iad ag teitheadh le cairn earraí. Chonaic sé líon mór cairteacha agus coisithe ag éalú trí gheataí cúnga na Cathrach, ag tabhairt aghaidhe ar na páirceanna oscailte ó thuaidh agus ar an taobh thoir. Bhí na páirceanna sin, ar feadh na mílte, faoi bhrat earraí inaistrithe de gach sórt, agus bhí pubaill á gcur suas chun fothain a thabhairt do dhaoine agus do na hearraí ar éirigh leo a thabhairt leo. Dúirt Evelyn gur radharc suarach agus tubaisteach a bhí ann.

Ní raibh sé i bhfad sular músclaíodh amhras sa chathair a bhí faoi bhagairt nár tharla an dóiteán de thaisme. Thug na gaotha guairneacha spréacha tine agus scealpóga lasartha leo. Thug siad iad achair fhada go dtí gur neadaigh siad i gcinn tuí agus i ngáitéir adhmaid. Chuaigh tithe trí thine i bhfad ón bhfoinse agus bhí an chosúlacht orthu nár bhain siad leis an dóiteán mór. Ba mar gheall ar na tinte seo a scaipeadh ráflaí go raibh tinte nua á dtosú d’aon turas. Caitheadh amhras ar eachtrannaigh ar an toirt mar gheall ar an Dara Cogadh Angla-Ollannach a bhí ar siúl ag an am. Nuair a athraíodh ó eagla agus ó dhrochamhras go scéal cinnte ar an Luan, chuaigh scéalta thart go raibh ionradh ar tí tarlú agus go bhfacthas gníomhairí eachtrannacha faoi cheilt ag caitheamh “caor thine” isteach i dtithe nó le gránáidí láimhe nó cipíní ina lámha acu. Tháinig borradh faoi fhoréigean ar na sráideanna. Chonaic William Taswell slua i mbun bradaíola i siopa de chuid péintéara Fhrancaigh agus ansin leag siad é. D’fhéach sé le huafás ar ghabha dubh nuair a shiúil sé caol díreach go dtí fear Francach sa tsráid agus nuair a thug sé buille sa chloigeann dó le barra iarainn. Cuireadh go mór leis na faitís faoi sceimhlitheoireacht nuair a cuireadh isteach ar chumarsáid agus ar nuacht toisc go ndearna an dóiteán áiseanna riachtanacha a scriosadh. Dódh Ard-Oifig na Litreacha i Sráid Threadneedle go luath maidin Dé Luain. Théadh an postas ar fad don tír tríd an oifig sin. Ba ar éigean a d’éirigh leis an London Gazette a eagrán don Luan a eisiúint sular imigh áitreabh an chlódóra in aon bhladhm amháin (b’éard a bhí san eagrán sin go príomha ná mionscéalta faiseanta, le nóta beag faoi dhóiteán a tosaíodh maidin Dé Domhnaigh agus a bhí “ag dul ar aghaidh go fíochmhar go fóill”). Bhí an náisiún ar fad ag brath ar na cumarsáidí seo agus nuair nach raibh siad ann tháinig ráflaí ina n-áit. Tugadh rabhaidh reiligiúnacha chomh maith faoi Chomhchealga Púdair a d’fhéadfadh tarlú arís. Nuair a ardaíodh amhrais go hanbhá agus paranóia chomhchoiteann ar an Luan, chaith idir na Buíonta Oilte agus Gardaí Coldstream araon níos lú ama ag dul i ngleic leis an dóiteán agus dhírigh siad níos mó ar eachtrannaigh, ar Chaitlicigh, agus ar aon duine a raibh cuma aisteach air a bhailiú le chéile. Ghabh siad iad agus thug siad saor ó dhaoscarshluaite iad, nó an dá rud le chéile.

Tháinig fíbín ar na háitritheoirí, go háirithe an uasaicme, mar theastaigh uathu a gcuid cleathainsí a bhogadh amach as an gCathair. Thug sé seo foinse ioncaim do na boicht inniúla, a chuaigh i mbun oibre mar phóirtéirí (uaireanta ní dhearna siad ach éalú leis na hearraí). Thug sé foinse ioncaim d'úinéirí na gcairteacha agus na mbád go háirithe. Chosain sé cúpla scilling cairt a fháil ar cíos an Satharn roimh an dóiteán; ar an Luan bhí an costas imithe chomh hard le daichead punt, slám mór airgid (breis agus £4000 a chomhluach in 2005). De réir cosúlachta thug gach úinéir cairte agus báid i gcóngar Londan aghaidh ar an gCathair chun na deiseanna seo a thapú. Bhí na cairteacha ag tuairteáil a chéile ag na geataí caola agus bhí na háitritheoirí fuascracha ag iarraidh éalú astu. Bhí an t-anord ag na geataí chomh dona sin gur ordaigh na giúistísí go ndúnfaí na geataí tráthnóna Dé Luain. Bhí siad ag súil go ndíreodh na háitritheoirí a n-aird ar dhul i ngleic leis an dóiteán seachas a bheith ag iarraidh a gcuid earraí a shábháil. Ós rud é nach raibh dóchas ar bith fágtha rudaí a shábháil, bhí siad ag súil b’fhéidir go ndéanfaidís iarracht níos mó an dóiteán a mhúchadh. Cuireadh an beart tallannach mírathúil seo ar ceal an lá ina dhiaidh sin.

Fiú gur theip ar shíocháin ar na sráideanna, go háirithe ag na geataí, agus gur réab an dóiteán gan bhac, cuireadh tús le gníomhaíocht eagraithe ar an Luan. De réir cosúlachta bhí Bloodworth tar éis an Chathair a fhágáil. Bhí seisean ina Ard-Mhéara ar an gCathair agus mar sin bhí sé freagrach as an smachtú dóiteáin a chomhordú. Ní luaitear a ainm in aon chuntis comhaimseartha a bhaineann le himeachtaí an Luain. Sa staid éigeandála sin, sháraigh Séarlas údaráis na Cathrach arís agus chuir sé a dheartháir Séamus, Diúc Eabhrac, i gceannas ar oibríochtaí. Chuir Séamus ionaid cheannais ar bun timpeall imlíne an dóiteáin, ag fuadach aon fhear de chuid na n-íosaicmí, ar thángthas orthu sna sráideanna, agus á gcur i bhfoirne de chomhraiceoirí dóiteáin a bhí íoctha agus cothaithe go maith. Cuireadh trí chúirteoir i gceannas ar gach ionad, agus tugadh údarás dóibh ó Shéarlas féin treascairtí a ordú. Bhí sé i gceist leis an gcomhartha infheicthe seo de dhlúthpháirtíocht ón gCoróin, stop a chur le drochamhrais na ndaoine maidir le bheith freagrach ó thaobh airgeadais de as na tithe a leagan. Chuaigh Séamus agus a ghardaí tarrthála ag marcaíocht suas agus síos na sráideanna Dé Luain ar fad, ag tabhairt eachtrannach saor ón daoscarshlua agus ag déanamh iarrachta an tsíocháin a choimeád. “The Duke of York hath won the hearts of the people with his continual and indefatigable pains day and night in helping to quench the Fire”, a scríobh finné i litir an 8 Meán Fómhair.

Tráthnóna Dé Luain, cuireadh deireadh le dóchais go mbeadh na ballaí ollmhóra cloiche de Chaisleán Baynard, Blackfriars, macasamhail iartharach Thúr Londan, in ann na lasracha a sheasamh. Dódh an pálás ríoga stairiúil go hiomlán, bhí sé ag dó an oíche ar fad.

Dé Máirt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba í an Mháirt, an 4 Meán Fómhair, an lá a rinneadh an scrios ba mhó. Bhí ionad ceannais Dhiúc Eabhrac ag Temple Bar, ag an bpointe teagmhála idir The Strand agus Sráid Fleet, in ainm a bheith ag cur stop le gluaiseacht iartharach an dóiteáin i dtreo Phálás Whitehall féin. Agus é ag seasamh lena chomhraiceoirí dóiteáin ó Dhroichead Fleet agus síos chuig an Tamais, bhí súil ag Séamus go mbeadh Abhainn Fleet ina toitbhearna nádúrtha. Ach, go luath maidin Dé Mairt, léim na lasracha thar an Fleet, seolta ar aghaidh ag an ngála anoir a bhí gan maolú. Tháinig na lasracha cliathánach orthu agus b’éigean dóibh teitheadh. Bhí anbhá sa phálás mar gur lean an dóitéan ag gluaiseacht siar gan stad gan staonadh: "Oh, the confusion there was then at that court!" a scríobh Evelyn.

Ag oibriú de réir plean faoi dheireadh thiar thall, bhí comhraiceoirí dóiteáin Shéamuis tar éis toitbhearna mhór a chruthú ar an taobh ó thuaidh den dóiteán. Choinnigh sí smacht ar an dóiteán go dtí go déanach san iarnóin ach ansin léim na lasracha thairsti agus thosaigh siad ag scriosadh shráid Cheapside, sráid leathan rathúil siopadóireachta.

Cheap gach duine go mbeadh Ardeaglais Naomh Pól slán amach is amach, lena ballaí tiubha cloiche agus lena toitbhearna nádúrtha, i.e. an plás leathan folamh a bhí mórthimpeall uirthi. Bhí sí lomlán d’earraí a sábháladh agus bhí a lusca lán le stoic. Bhí na stoic sin pacáilte go dlúth le chéile agus bhain siad leis na clódóirí agus leis na díoltóirí leabhar in Paternoster Row in aice léi. Ach, ar mhí-ámharaí an tsaoil bhí an foirgneamh clúdaithe le scafall adhmaid, toisc go raibh Christopher Wren ar tí athchóiriú a dhéanamh air. Chuaigh an scafall trí thine oíche Dé Máirt. Agus é ag fágáil scoile, sheas buachaill óg, William Taswell, ar Staighre Westminster míle uaidh sin agus bhreathnaigh sé ar na lasracha agus iad ag téaltú timpeall na hardeaglaise agus ar an scafall a bhí trí thine agus é ag lasadh bhíomaí adhmaid an dín. Laistigh de leathuair an chloig, bhí an díon luaidhe ag leá, agus las na leabhair agus na páipéir sa lusca d’aon bhladhm búire. “The stones of Paul's flew like grenados, the melting lead running down the streets in a stream, and the very pavements glowing with fiery redness, so as no horse, nor man, was able to tread on them” a scríobh Evelyn ina dhialann. Níorbh fhada go raibh an ardeaglais ina fothrach.

I rith an lae, thosaigh na lasracha ag bogadh soir díreach ó chomharsanacht Lane Pudding, in aghaidh na príomhghaoithe anoir i dtreo bhaile Pepys ar Lána Seething agus i dtreo Thúr Londan agus a stórais phúdar gunna. Tar éis an lá ar fad a chaitheamh ag fanacht ar chúnamh ó chomhraiceoirí oifigiúla dóiteáin de chuid Shéamuis, a bhí gnóthach san iarthar, ghlac an garastún ag an Túr cúraimí chucu féin agus chruthaigh siad toitbhearnaí. Rinne siad seo trí thithe ar na cóngair a phléascadh ar an mórchóir agus chuir sé sin bac ar an dóiteán gluaiseacht ar aghaidh.

Dé Céadaoin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Laghdaigh an ghaoth tráthnóna Dé Máirt agus thug sé sin deis do na toitbhearnaí a chruthaigh an garastún tosú ag dul i bhfeidhm faoi dheireadh ar an gCéadaoin, an 5 Meán Fómhair. Shiúil Pepys ar fud na cathrach smolchaite ar fad. D’éirigh a chosa te agus dhreap sé spuaic Eaglais Barking. Is uaithi sin a d’fhéach sé ar an gCathair scriosta agus dúirt sé gurbh é an radharc ba bhrónaí léirscriosta dá bhfaca sé riamh. Bhí go leor dóiteán aonair ag dó go fóill go dtí go raibh siad caite, ach bhí deireadh leis an Dóiteán Mór. Chuaigh Pepys ar cuairt chuig Moorfields, páirc mhór phoiblí go díreach ar an taobh ó thuaidh den Chathair, agus chonaic sé campa mór de dhídeanaithe gan teach gan treibh:

poor wretches carrying their goods there, and everybody keeping his goods together by themselves.

Thug sé faoi deara freisin go raibh costas an aráin i gcóngair na páirce tar éis méadú faoi dhó. Chuaigh Evelyn amach go Moorfields freisin, a bhí faoin am sin mar phríomháit bhailithe do na daoine gan dídean. Bhí sé scanraithe ag líon na ndaoine cráite a bhí á líonadh, cuid acu faoi phubaill, agus cuid eile i mbotháin seifte:

Many [were] without a rag or any necessary utensils, bed or board... reduced to extremest misery and poverty

Chuaigh uabhar na Londaineach cráite sin i bhfeidhm go mór ar Evelyn:

tho' ready to perish for hunger and destitution, yet not asking one pennie for relief.

Bhí eagla mhór ar íospartaigh chráite an dóitéain roimh sceimhlitheoirí eachtrannacha agus roimh ionradh Francach agus Ollannach, agus bhí an eagla sin chomh dona is a bhí sí riamh. Oíche Chéadaoin bhris scaoll ginearálta amach sna campaí ag Cnoc na Parlaiminte, Moorfields agus Islington. Chuir solas sa spéir os cionn Shráid Fleet tús le scéal go raibh 50,000 inimirceach Francach agus Ollannach, a raibh sé amuigh orthu gur thosaigh siad an dóiteán, tar éis éirí agus go raibh siad ag máirseáil i dtreo Moorfields chun deireadh a chur leis an méid a bhí tosaithe ag an dóiteán: scornacha na bhfear a ghearradh, na mná a éigniú, agus an beagán d’earraí pearsanta a bhí acu a ghoid. Ag brúchtadh amach ar na sráideanna, chuaigh an daoscarshlua scanraithe i ngleic le haon eachtrannach a casadh orthu, agus dar le hEvelyn, níor tharla ach go ndearna na Buíonta Oilte, trúpaí na nGardaí Tarrthála, agus baill na cúirte iad a cheansú agus a bhrú ar ais chuig na páirceanna. Bhí trioblóid as cuimse agus deacracht mhór ag baint leis seo. Ba luaineach an mothú a bhí ann ag an am agus bhí faitíos ar Shéarlas go dtosófaí éirí amach ar an mórchóir i Londain i gcoinne na monarcachta. Cuireadh isteach an méid sin ar tháirgeadh agus ar dháileadh bia go dtí gur ídíodh ar fad iad, agus d’fhógair Séarlas go dtabharfaí isteach soláthairtí aráin chuig an gCathair gach lá agus go mbunófaí margaí sábháilte timpeall na himlíne. Bhain na margaí seo le ceannach agus le díol amháin, ní raibh aon amhras go ndáilfí cúnamh éigeandála.

Básanna agus scrios[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl taifead oifigiúil déanta ach ar bheagán de bhásanna ón dóiteán, agus tá sé ceaptha de réir seanchais nach raibh ach beagán de bhásanna fíora ann. Luann Porter an figiúr ocht, agus dar le Tinniswood “figiúirí aonair” a bhí i gceist, cé go ndeir sé chomh maith go gcaithfidh nár taifeadadh cuid de na básanna. Taobh amuigh de bhásanna a tharla go díreach ó dhó agus ó ionanálú deataigh, cailleadh teifigh sna campaí sin a cuireadh le chéile gan ullmhú. Easaontaíonn Hanson go hiomlán leis an tuairim nach raibh ann ach líon beag básanna. Áiríonn sé básanna le hocras agus le fuacht, a bhfuil eolas ann fúthu, ina measc siúd a tháinig slán ón uileloscadh. Deir sé go raibh siad cuachta istigh i mbotháin nó ina gcónaí i measc na bhfothrach, áit a mbíodh a gcuid bailte tráth, sa gheimhreadh fuar ina dhiaidh sin. Ina measc, mar shampla, bhí an drámadóir James Shirley agus a bhean chéile. Deir Hanson chomh maith “it stretches credulity to believe that the only papists or foreigners being beaten to death or lynched were the ones rescued by the Duke of York”. Dar leis, ní thugann na figiúirí oifigiúla mórán eolais ar chinniúint na mbocht, nach raibh taifead déanta orthu, agus ba leor an teas ag croílár na stoirmeacha olldóiteáin, a bhí i bhfad ní b’airde ná teas gnáthdhóiteán tí, le coirp a dhó go hiomlán. I gcásanna áirithe ní raibh fágtha ach beagán de bhloghanna blaoisce. Ní hamháin go raibh an dóiteán ag dó adhmaid, fabraicí agus tuí, ach dhóigh sé an ola, an phic, an gual, an gheir, na saillte, an siúcra, an t-alcól, an tuirpintín, agus an púdar gunna a bhí coinnithe i stóras sa cheantar ar bhruach na habhann. Leáigh sé an chruach iompórtáilte a bhí ina luí le taobh na gcéanna (leáphointe idir 1,250 °C (2,300 F) agus 1,480 °C (2,700 F)) agus na slabhraí agus na glais mhóra iarainn ar gheataí na Cathrach (leáphointe idir 1,100 °C (2,000 F) agus 1,650 °C (3000 F)). Ní bheadh mórán suime ag na boicht ocracha sna bloghanna cnámh anaithnide agus iad ag criathrú trí na mílte tonna de bhrablach agus de bhruscarnach tar éis an dóiteáin, agus iad ar lorg iarmhaise. Is beag suim a bheadh ag na fir oibre iontu ach oiread agus iad ag glanadh an bhrablaigh ina dhiaidh sin don atógáil. Ag féachaint don chiall cheannaithe agus don taithí faighte ó gach mórdhóiteán uirbeach eile thar na céadta, deir Hanson go láidir gur ionsaigh an dóiteán tionóntáin lofa na mbocht de luas nimhe. Dar leis, caithfidh gur sháinnigh an dóiteán ar a laghad, na seandaoine, na daoine an-óga, na mairtínigh agus na bacaigh, agus go raibh deannach agus luaithreach a gcnámh slogtha faoi bhrablach na siléar. Chiallódh sé sin nárbh é ceathrar ná ochtar a cailleadh sa dóiteán, ach go bhfuair na céadta nó, seans maith, na mílte, bás ann.

Maidir le foirgnimh agus le hábhair, ríomhtar gurbh é seo a leanas an scrios a rinneadh: 13,500 teach, 87 séipéal paróiste, 44 Halla Cuideachta, an Malartán Ríoga, Teach an Chustaim, Ardeaglais Naomh Pól, Pálás Bridewell agus príosúin eile Chathrach, Ard-Oifig na Litreacha, agus na trí gheata iartharacha cathrach, Ludgate, Newgate, agus Aldersgate. Rinneadh luach airgeadúil an chaillteanais, a measadh ar dtús gur £100,000,000 in airgead an ama sin a bhí ann, a laghdú ina dhiaidh sin go £10,000,000 neamhchinnte (breis agus £1,000,000,000 i bpuint 2005). Chreid Evelyn go bhfaca sé, sna páirceanna i dtreo Islington agus Highgate, suas le 200,000 duine de gach aicme scaipthe agus iad ina luí in aice leis na cairn earraí ar éirigh leo a shábháil.

Iarmhairtí an dóiteáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Séadchomhartha cuimhneacháin i Londain

D’éiligh uaireadóirí bogintinneach Francach, Robert Hubert, go raibh sé mar ghníomhaire ag an bPápa agus gur thosaigh sé an Dóiteán Mór in Westminster. Glacadh lena admháil agus is sampla é sin den fhonn a bhí ann go n-aithneofaí daoine le bheith ina gceapa milleáin don dóiteáin. D’athraigh sé a scéal ina dhiaidh sin agus dúirt sé gur thosaigh sé an dóiteán ag an mbácús in Pudding Lane. Ciontaíodh Hubert, cé go raibh roinnt amhrais ann faoi cé chomh hinfheidhme is a bhí sé le pléadáil a dhéanamh. Crochadh é ag Tyburn, an 28 Meán Fómhair 1666.

Tar éis a bháis, tháinig sé chun solais nár shroich sé Londain go dtí dhá lá i ndiaidh don dóiteán tosú. Bhí Séarlas II ar thaobh na gCaitliceach agus bhain lucht freasúra a chúirte úsáid as na líomhaintí sin – gur Caitlicigh a chuir tús leis an dóiteán – mar bholscaireacht chumhachtach pholaitíochta. Tharla sé sin le linn na Comhcheilge Pápánaí den chuid is mó, agus le linn na géarchéime eisiata a tharla níos déanaí ina réimeas.

Thar lear, féachadh ar Dhóiteán Mór Londan mar chúiteamh Diaga, an Tiarna ag cur pionóis ar na Sasanaigh as Tine Chnámh Holmes, dó baile Ollannaigh trí seachtaine roimhe sin le linn an Dara Cogadh Angla-Ollannach.

Le linn an anoird agus na hanbhuaine i ndiaidh an dóiteáin, bhí faitíos ar Shéarlas II go dtosófaí éirí amach eile i Londain. Spreag sé na daoine gan dídean le bogadh amach as Londain agus lonnú áit éigin eile. D’eisigh sé forógra láithreach go gcuirfeadh gach Cathair agus Baile, gan eisceacht, fáilte roimh na daoine cráite, agus go dtabharfaidís saoirse dóibh a gcuid ceirdeanna láimhe a chleachtadh. Cuireadh Cúirt Dóiteáin ar leith ar bun chun plé le conspóidí idir tionóntaí agus tiarnaí talún agus chun cinneadh a dhéanamh maidir le cé acu den dá dhream ar cheart tabhairt faoin atógáil, bunaithe ar chumas íocaíochta. Bhí an Chúirt ina suí ó mhí Feabhra 1667 go mí Mheán Fómhair 1672. Éisteadh cásanna agus b'iondúil go dtabharfaí fíorasc laistigh de lá. Gan an Chúirt Dóiteáin a bheith ann, chuirfeadh imris fhada dlí moill mhór ar an atógáil, rud a bhí ríthábhachtach dá mba rud é go raibh Londain chun teacht chuici féin arís. Le spreagadh ó Shéarlas, bhí scéimeanna radacacha atógála don smúrabhán de Chathair ag madhmadh isteach.

Dá ndéanfaí í a atógáil de réir na bpleananna sin, bheadh Londain chomh hollásach le Páras i stíl Bharócach (feic plean Evelyn ar dheis). Rinne an Choróin agus an Chathair iarracht a dhéanamh amach cér leis na tithe agus an talamh go léir go fírinneach, d'fhonn idirbheartú lena gcuid úinéirí maidir le cúiteamh as an athmhúnlú ar an mórchóir a bhain leis na pleananna sin, ach b’éigean dóibh an smaoineamh neamhréalaíoch sin a thréigean. Den chuid is mó, thug daoine neamhaird ar spreagthaí chun fir oibre a thabhairt isteach chun na láithreacha ar ar sheas na tithe a thomhas. I measc na ndaoine sin, bhí daoine a bhí buartha faoin maireachtáil ó lá go lá mar aon leis na daoine a d’fhág an phríomhchathair. Ar an gcéad rud, leis an nganntanas lucht oibre i ndiaidh an dóiteáin, bhí sé fíordheacair fir oibre a aimsiú chun an obair a dhéanamh. Gan trácht ar Wren ná Evelyn, tá a fhios againn gur mhol Robert Hooke, Valentine Knight agus Richard Newcourt pleananna atógála.

Toisc nach raibh na castachtaí úinéireachta réitithe, ní fhéadfadh aon cheann de na scéimeanna móra Barócacha le haghaidh Cathair de chearnóga ar stíl Iodálach agus ascaillí a chur i ngníomh; ní raibh aon duine ann le dul chun réitigh leo agus ní raibh aon bhealach ann chun méid an chúitimh ba chóir a íoc a mheas. In ionad sin, rinneadh an seanphlean sráide a athchruthú sa Chathair nua, le feabhsuithe i gcúrsaí sláinteachais agus sábháilteacht dóiteáin: sráideanna níos leithne, céanna oscailte agus inrochtana feadh fhad na Tamaise, gan teach ar bith ag cur isteach ar an mbealach isteach chuig an abhainn, agus, an rud ba thábhachtaí, foirgnimh a bhí tógtha le brící agus clocha, seachas adhmad. Tógadh foirgnimh nua phoiblí ar láithreacha na gceann a bhí ann rompu: seans maith gurbh í Ardeaglais Naomh Pól an ceann is cáiliúla, agus cinn chosúla a bhí níos lú, an caoga eaglais nua de chuid Christopher Wren.

Ar thionscnamh Shéarlais, i ndiaidh an dóiteáin, cuireadh suas Séadchomhartha do Dhóiteán Mór Londan, gar do Pudding Lane. Ba iad Christopher Wren agus Robert Hooke a dhear é. Tá sé 61 méadar ar airde agus tá aithne air go simplí mar “The Monument”. Is críoch-chomhartha aithnidiúil i Londain é, agus tá a ainm tugtha do cheann de na stáisiúin do na traenacha faoi thalamh. Sa bhliain 1668, cuireadh cúisimh i gcoinne na gCaitliceach leis an Séadchomhartha. Is é seo a leanas cuid dá raibh scríofa air:

Here by permission of heaven, hell broke loose upon this Protestant city.....the most dreadful Burning of this City; begun and carried on by the treachery and malice of the Popish faction...Popish frenzy which wrought such horrors, is not yet quenched...

Taobh amuigh de na ceithre bliana a raibh Séamus II i réim ó 1685 go 1689, d’fhan an inscríbhinn ann go dtí an bhliain 1830 nuair a ritheadh an tAcht um Fhuascailt na gCaitliceach.[6]

Marcálann seádchomhartha eile, The Golden Boy ar Pye Corner in Smithfield, an áit ar stopadh an dóiteán. De réir na hinscríbhinne, toisc gur thosaigh an dóiteán ag Pudding Lane agus gur stop sé ag Pye Corner, thaispeáin sé sin go raibh an Dóiteán mar fhianaise ar dhíbheirg Dé ar Chathair Londain as peaca an chraois.

Creidtear gur mharaigh eipidéim na Plá Móire sa bhliain 1665 séú cuid d'áitritheoirí Londan, nó 80,000 duine. Deirtear uaireanta, toisc nár tharla eipidéimí plá arís i Londain i ndiaidh an dóiteáin, gur shábháil an Dóiteán Mór daoine i ndeireadh na dála toisc gur dhóigh sé cuid mhór den tithíocht mhíshláintiúil mar aon leis na francaigh agus a ndreancaidí a ghabh léi. Ar ndóigh ba iad na francaigh agus na dreancaidí sin a d’iompair an phlá. Easaontaíonn staraithe maidir le cibé acu ar chuir nó nár chuir an dóiteán cosc ar mhór-ráigeanna ina dhiaidh sin. Maítear ar láithreán gréasáin de chuid Iarsmalann Londan (The Museum of London) go raibh baint aige leis, ach luann an staraí Roy Porter nach ndeachaigh an dóiteán in aice leis na codanna ba mhíshláintiúla i Londain, na plódcheantair bhruachbhailteacha. Tá mínithe eile eipidéimeolaíochta tagtha chun cinn, agus tá sé tugtha faoi deara freisin gur imigh an galar ó bheagnach gach cathair Eorpach eile ag an am céanna.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Porter, Roy (1994). "London: A Social History". Cambridge Harvard. 
  2. Tinniswood, Adrian (2003). "By Permission of Heaven: The Story of the Great Fire of London". London: Jonathan Cape. 
  3. Reddaway, T. F. (1940). "The Rebuilding of London after the Great Fire.". London: Jonathan Cape. 
  4. Hanson, Neil (2001). "The Dreadful Judgement: The True Story of the Great Fire of London". New York: Doubleday. 
  5. Pepys, Samuel (1995). "The Diary of Samuel Pepys, Vol. 7". London: Harper Collins. 
  6. BBC History - London's Burning: The Great Fire - Bruce Robinson