Díréiriúchán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Díréiriúchán[1]díréiriú a thugtar ar imoibriú ceimiceach ina n-ocsaídítear cuid d'adaimh na dúile céanna, agus an chuid eile acu á ndí-ocsaídiú. Samplaí iad:

  • an chlóiríd mhearcarúil a dhéanann díréiriúchán go mearcair agus clóiríd mhearcarach faoi thionchar na radaíochta ultraivialait:
Hg2Cl2 → Hg + HgCl2

Is í an uimhir ocsaídiúcháin atá ag an mearcair sa chlóiríd mhearcarúil ná +1, agus is í staid ocsaídiúcháin an mhearcair sa chlóiríd mhearcarach ná +2. Ar ndóigh, is é 0 an uimhir ocsaídiúcháin sa ghlanmhearcair.

  • an t-aigéad fosfarúil a dhéanfaidh díréiriúchán go haigéad fosfarach agus foisfín má théitear suas é:
4 H3PO3 → 3 H3PO4 + PH3
  • an clóirín a dhéanfaidh díréiriúchán go hiain chlóiríde (staid ocsaídiúcháin an chlóirín: -1) agus chlóráite (staid ocsaídiúcháin an chlóirín: +5) má théann sé i dteagmháil leis an hiodrocsaíd sóidiam:
3 Cl2 + 6 OH → 5 Cl + ClO3 + 3 H2O
  • an dóigh a n-imoibríonn an dé-ocsaíd nítrigine (uimhir ocsaídiúcháin: +4) leis an uisce, agus í ag déanamh níotráite (uimhir ocsaídiúcháin: +5) agus nítríte (uimhir ocsaídiúcháin: +3):
2 NO2 + H2O → HNO3 + HNO2

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “disproportionation” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-09.